Gaillimh
Craobh Shinsir Peile na Gaillimhe Bearna v Seamróga Chortúin – An Chreig, 1pm Craobh Idirmheánach Peile na Gaillimhe Naomh Anna, Leitir Móir v An Dún Mór Mhic Éil – Staid an Phiarsaigh, 2pm
Lá mór é ag Naomh Anna, Leitir Móir, agus fir Cheantar na nOileán ag iarraidh Craobh Idirmheánach Peile an chontae a bhuachan inniu agus ardú céime ar ais go grád na sinsear a bhaint amach.
Cé nach bhfuil sé ach dhá bhliain ó bhí Naomh Anna ag imirt sa phríomhghrád i nGaillimh, ba mhór an gaisce dóibh áit a bhaint amach sa Chraobh Shinsir arís. Is fíordheacair d’fhoirne éalú as an gCraobh Idirmheánach ach a gcuirtear síos iad, mar is eol go maith don Dún Mór Mhic Éil, a bheidh ag imirt in aghaidh Naomh Anna sa chluiche ceannais tráthnóna.
Cumann le stair shaibhir é an Dún Mór ach ó dícháilíodh iad ón gCraobh Shinsir in 2007, chinn orthu mórán dul chun cinn a dhéanamh sa Chraobh Idirmheánach. Tá feabhas ag teacht orthu le blianta beaga anuas, agus d’éirigh leo na babhtaí leathcheannais a bhaint amach in 2019 agus 2020, agus i ndáiríre is beag atá idir iad agus Naomh Anna.
Tá meascán maith ag fir Chonamara, idir imreoirí óga agus imreoirí a bhfuil taithí mhór acu. Tá roinnt imreoirí maithe tagtha chun cinn le cúpla bliain anuas, leithéidí Warren Seoige, Dylan Seoige agus Colm Mac Donnacha, agus bhí daoine amhail Ferdia Breathnach, Éamonn Ó Loingsigh agus Ciarán Bairéad ag imirt nuair a bhuaigh Naomh Anna Craobh Idirmheánach na Gaillimhe an uair dheiridh in 2009.
Beidh taithí na bhfear sin tábhachtach inniu, go háirithe má bhíonn rudaí ag gabháil in aghaidh Naomh Anna. Ach má chuireann na leaideanna óga tús maith leis an gcluiche, beidh sé an-deacair ag an Dún Mór iad a stopadh.
D’fhéadfadh foireann amháin ó Chonamara teacht in áit ceann eile sa Chraobh Shinsir Peile i nGaillimh agus Bearna ag imirt i gcluiche ceannais dícháilithe tráthnóna. Is in aghaidh Sheamróga Chortúin atá fir Bhearna sa chluiche sin tráthnóna.
Mar a tharlaíonn sé, chas na foirne seo ar a chéile cheana i gcluiche ceannais dícháilithe in 2018 nuair a tháinig Bearna slán ó chluiche athimeartha agus seans nach mbeidh mórán idir na foirne tráthnóna ach oiread.
Bhí cuma na maitheasa ar Bhearna sa chluiche leathcheannais in aghaidh na Ceathrún Rua ach thit an tóin astu i dtreo dheireadh na himeartha. Má éiríonn leo a leithéid a sheachaint tráthnóna, beidh seans maith acu fanacht slán sa phríomhghrád.
Corcaigh
Craobh Shinsir Peile A Chorcaí Mala v Béal Átha an Ghaorthaidh – Páirc Uí Chaoimh, 6.15pm Príomh-Chraobh Idirmheánach Peile Chorcaí Cill na Martra v Áth Trasna – An Gleanntán, 3pm
Béal Átha an Ghaorthaidh agus Mala a thabharfaidh aghaidh ar a chéile tráthnóna agus iad sa tóir ar áit i gcluiche ceannais Chraobh Shinsir Peile A Chorcaí. Rinne fir na Gaeltachta teacht aniar sa dara leath chun an ceann is fearr a fháil ar Fhánaithe na Claide sna babhtaí ceathrú ceannais agus beidh taispeántas láidir eile ag teastáil más leo cluiche an lae inniu a thabhairt leo.
Áirítear Mala ar cheann de na foirne is láidre sa chomórtas agus chuaigh siad chomh fada le cluiche ceannais 2020, cé gur chaill siad an ceann sin in aghaidh Éire Óg.
Beidh fir na Gaeltachta ag iarraidh teacht aniar aduaidh orthu, agus iad ag súil go seasfaidh an cluiche sin sna babhtaí ceathrú ceannais coicís ó shin leo. Níor imir Mala aon chluiche le mí.
Beidh Béal Átha an Ghaorthaidh ag súil go ndéanfaidh muintir Seartan – Ben, Liam agus Donagh – an beart dóibh i measc na dtosaithe tráthnóna.
Sa Phríomh-Chraobh Idirmheánach, is iad Cill na Martra nár imir aon chluiche le ceithre seachtaine. Bhuaigh siad na trí chluiche a bhí acu i mbabhtaí na ngrúpaí agus na Duinnínigh a d’aimsigh formhór na scóranna dóibh.
B’amhlaidh an scéal anuraidh, ach chaill fir na Gaeltachta in aghaidh Cheann Toirc le haon phointe amháin sna babhtaí leathcheannais. Tabharfaidh an greadadh a thug Áth Trasna do Naomh Abán i gcluiche ceathrú ceannais coicís í shin misneach d’fhoireann thuaisceart Chorcaí.
Tá foireann chumasach ag Cill na Martra, áfach, agus, chomh maith le muintir Uí Dhuinnín, tá Tadhg Ó Corcora, MIcheál Ó Deasúna, Noel O’Leary agus Finbarr Ó hÉalaithe in ann a lorg a fhágáil ar an imirt.
Dún na nGall
Craobh Idirmheánach Peile Dhún na nGall An Clochán Liath v Cloich Cheann Fhaola – Páirc Uí Dhomhnaill, 2pm
Tabharfaidh An Clochán Liath agus Cloich Cheann Fhaola aghaidh ar a chéile arís tráthnóna agus an dá fhoireann ag iarraidh Craobh Idirmheánach Peile Dhún na nGall a thabhairt leo.
Is beag deis a bhí ag na foirne teacht chucu féin i ndiaidh an chluiche drámatúil a bhí againn an deireadh seachtaine seo caite. Bhí Cloich Cheann Fhaola seacht bpointe chun deiridh agus beagán os cionn ceathrú uaire fágtha ach d’aimsigh siad trí chúl in achar gairid. Is ar fhir an Fháil Charraigh a bhí cuma na maitheasa ina dhiaidh sin ach d’éirigh leis an gClochán Liath na trí chúilín dheireanacha a aimsiú rud a d’fhág go raibh comhscór ann.
Cé go raibh seans acu an cluiche sin a bhaint, is cinnte go mbeidh Cloich Cheann Fhaola buíoch as an dara seans tar éis dóibh dhá chluiche ceannais a chailliúint in 2019 agus 2020.
Ní dóigh go scaoilfidh siad tharstu deis an lae inniu go héasca.
Fág freagra ar 'Lá mór ag Naomh Anna i nGaillimh, athimirt i nDún na nGall agus cluichí leathcheannais ag fir Mhúscraí'