Lá díomhaoin go leor a bhí i nDomhnach Cásca 1929

Ní móide gur thar a bheith sásta a bheidís siúd a chodail sa Central oíche Satharn Cásca 1929 le domhandú cultúir agus gnó na linne seo

Lá díomhaoin go leor a bhí i nDomhnach Cásca 1929

Blas ar bith ach go bhféadfadh Féile na Cásca a theacht chugainn níos luaithe sa mbliain. Ba é an Domhnach seo caite an dara ceann déag in 2024 agus ní mór sin a bheith sroichte sula gceadaítear an Cháisc a cheiliúradh.

De réir rialach is í an ghealach lán is túisce a thagann tar éis chónocht an earraigh an tslat tomhais – is é Domhnach Cásca an ceann a leanann sin. Sa mbliain 2008 ba é sin an 23 Márta. Ní mór do dhuine a dhul siar go 1693 go n-aimseoidh sé dáta níos túisce ná sin.

Seo an cúigiú huair le 100 bliain Domhnach Cásca a bheith ar an 31 Márta. Tharla sé cheana i 1929, 1991 agus trí huaire ó theacht na Mílaoise, 2002, 2013 agus i mbliana.

Ar an gcéad ócáid acu sin lá díomhaoin go leor a bhí ann ar pháirceanna imeartha Chumann Lúthchleas Gael.

Bhí sin amhlaidh go dtáinig an bhliain 1970 mar go dtí sin ba ar Dhomhnach Cásca a thagadh ionadaithe na heagraíochta sin le chéile ag an gComhdháil Bhliantúil. I dtús aimsire ba i mBleá Cliath a thionólfaí sin – i gColáiste Mhuire ar Chearnóg Parnell níos minice ná a chéile. Tráthúil go leor ba chomh fada le Coláiste Muire i nGaillimh a chuathas an bhliain sin nuair a thosaigh siad ag bóithreoireacht.

In Óstán an Central ar Shráid an Chiste a bhí comhdháil 1929 ar bun cothrom an lae seo. Fiú ag an am sin bhí iarrachtaí ar bun deireadh a chur le Riail 27 a chuir cosc ar imirt na ‘gcluichí Gallda’. Níor cuireadh de dhroim seoil í sin go dtáinig 1971.

Ós ag caint ar a leithéid mé, feicim gur Óstán Hoxton atá baiste anois ar an áit agus gur le comhlacht é ar leo ceithre cinn eile den ainm céanna i Londain, agus go bhfuil tuilleadh fós acu ar Mhór-Roinn na hEorpa agus sna Stáit Aontaithe.

Ní móide gur thar a bheith sásta a bheidís siúd a chodail sa Central oíche Satharn Cásca 1929 le domhandú cultúir agus gnó na linne seo. B’fhéidir go mbogfaí a gcroíthe a dhath nuair a d’fheicfeadh siad gur ‘Rí Rá’ atá baiste ar an gclub oíche atá i Hoxton an lae inniu!

Ba é cluiche ceannais sinsearach na n-iarbhunscoileanna sa bpeil an t-aon chluiche le dealramh a imríodh Domhnach Cásca 1929.

B’in an bhliain ba thúisce inar imríodh a leithéid de chomórtas i gConnachta, áit ar bhuaigh Coláiste Ghearóid, Caisleán an Barraigh. Bhí a leithéid ar siúl i gCúige Uladh le 10 mbliana (Coláiste Naomh Maolmhaodhóg, Béal Feirste 1929), le bliain faoina bhun sin i gCúige Laighean (Coláiste an Chnoc Bhig, Ceatharlach 1929) agus le bliain amháin i gCúige Mumhan (Coláiste Bhréanainn, Cill Airne 1929). Ba mar shraithchomórtais a d’imrítí iad. Go dtáinig Corn Uí Ógáin agus an bhliain 1946 ní dheachaigh na coláistí níos faide as a stuaim féin.

Ba ar bhonn cúige a shocraítí Craobh na hÉireann – plúr na bpeileadóirí sna ceithre cinn acu sin in aghaidh a chéile.

Cúige Mumhan a bhuaigh an cluiche sin i bPáirc an Chrócaigh Domhnach Cásca 1929, (3-8, 2-9), Bhí cúigear as Coláiste Bhréanainn ag imirt, triúr as Scoil na mBráthar, Trá Lí agus triúr eile as an Mainistir Thuaidh i gCorcaigh, beirt as Scoil na mBráthar, Inis Díomóin, duine as Coláiste Charraig an Tobair agus peileadóir eile as Ardscoil Chluain Meala.

Bhí Tim ‘Roundy’ Landers as Trá Lí ina lántosach ar an bhfoireann bhuacach. Dhá bhliain dár gcionn bhí sé ar ais ar Pháirc an Chrócaigh ag imirt d’fhoireann shinsearach a chontae an uair seo nuair a bhuail siad Cill Dara i gCluiche Ceannais na hÉireann. Ar an bhfoireann sin freisin bhí a dheartháir John Joe ‘Purty’ agus idir an bheirt acu bhí dosaen bonn sinsir acu faoin am ar éirigh siad as.

Bhí dhá chraobh shinsearach buaite ag deartháir eile William ‘Lang’ Landers nuair a thug sé aghaidh ar na Státaí i 1925.

Seisear as Coláiste Phádraig, Ard Mhacha, Cúigear as Coláiste Naomh Maolmhaodhóg agus ceathrar as Coláiste Phádraig, an Cabhán, a bhí ar fhoireann Chúige Uladh.

Seachas sin, ba bheag a bhí le déanamh i bPríomhchathair na hÉireann Domhnach Cásca 1929 seachas dul ag spaisteoireacht. Má thug a mbealach siúd a rinne sin chomh fada le Sráid Uí Chonaill iad, bhí fógra ar fhuinneog shiopa Clery’s go raibh fear darbh ainm George Duncan ag tabhairt léacht faoi ghalf ansiúd idir 3pm agus 4.30pm an lá sin.

Naoi mbliana roimhe sin bhuaigh Duncan Craobh Oscailte na Breataine ainneoin gur raibh 80 buille ar a chárta ar an gcéad lá iomaíochta agus arís ar an dara lá. Ba leor 71 agus 72 ar an Satharn agus an Domhnach lena ghaisce a dhéanamh. Ó shin i leith agus os cionn 10 mbliana caite, níor bhuaigh aon duine aon cheann de na mórchomórtais ghailf a raibh na ceithre scór ar a chárta,

D’imir sé ar fhoireann an Ryder Cup i 1927, 1929 agus 1931, é mar chaptaen sa gceann láir acu sin cúpla mí tar éis dó labhairt i Clery’s.

Is beag an meas a bheadh ag George Duncan ar an tseilmideáil a bhíonn ar bun ag galfairí gairmiúla an lae inniu – iad ag moilleadóireacht agus ag máinneáil ag breathnú fúthu agus tharstu sula mbuaileann siad buille.

Lena linn féin, faoin am a mbainfeadh Duncan a liathróid amach bhíodh sé soiléir ina intinn cén maide a theastaigh, cén treo lena bualadh agus cén tseachaint a bhí le déanamh ar an gcontúirt.

Ní raibh le déanamh aige faoin am sin ach na gothaí cearta a chur air féin agus scaoileadh faoi.

Ní raibh aon bhlas scríofa ar a mhála ach an oiread. Ba é féin a cheannaigh é chomh maith lena chaipín, a léine agus a chuid brístí glúnach.

How do LIV!

Fág freagra ar 'Lá díomhaoin go leor a bhí i nDomhnach Cásca 1929'

  • An Sléibhteoir

    Amharc, tá an tuama folamh.

    Beannachtaí na Cásca oraibh agus baochas ar leith do mheitheal Tuairisc ach go háirithe as ábhar fíor-spéisiúilmar seo a sholáthar dúinn gan stad gan staonadh fad na bliana

  • WTF

    Chugam aniar sibh!