Rogha Rónáin Mhic Aodha Bhuí do Lá Idirnáisiúnta an cheoil Bhreatnaise

Inniu lá cheol na Breatnaise agus tugann an craoltóir Rónán Mac Aodha Bhuí blaiseadh dúinn den cheol is fearr leis i dteanga na Breataine Bige

Rogha Rónáin Mhic Aodha Bhuí do Lá Idirnáisiúnta an cheoil Bhreatnaise

Super Furry Animals

Inniu Lá Idirnáisiúnta an cheoil Bhreatnaise, Dydd Miwsig Cymru, agus tá ceiliúradh á dhéanamh inniu ar achan chineál ceoil i dteanga náisiúnta na Breataine Bige.

Beidh ceol Breatnaise le cloisteáil ar stáisiúin raidió, i dtithe tábhairne, clubanna agus bialanna ar fud na Breataine Bige agus ardán ollmhór á fháil ag na ceoltóirí dá bharr.

Tá cuid mhór le foghlaim againne ó na Breatnaigh.

Seo a leanas mo rogha cheoil féin i mBreatnais:

Ar dtús bleaist ghasta ón chéad ghrúpa rac-cheoil Breatnaise a fuair níos mó ná milliún buille, nó aon mhilliún éisteacht ar Spotify, beirt fhear óg sna déaga a thugann Alffa orthu féin. Seo Allfa le ‘Gwenwyn’ a chiallaíonn ‘nimh’. 

 

Nuair a bhíodh mé ag craoladh mall san oíche ar ‘An Taobh Tuathail’, agus ina dhiaidh sin ar ‘Géill Slí’ ar Anocht FM, na blianta fada ó shin, bhí dúil mhór agam san amhrán réchúiseach seo leis an sárghrúpa Breatnaise, Texas Radio Band, agus bhínn á chasadh go minic. Tháinig an grúpa seo chugainn as Llansteffan, i ndeisceart na Breataine Bige, agus amhrán leis na Doirse ‘Texas Radio and The Big Beat’ mar inspioráid acu dá n-ainm:

 

Tháinig Gorkys Zygotic Mynci as an cheantar céanna i ndeisceart na Breataine Bige agus cosúil le go leor de na grúpaí seo, chan siad amhráin i mBreatnais agus i mBéarla. Seo Gorkys le ‘Methu Aros Tan Haf’:

 

Tá na Super Furry Animals ar an ghrúpa is aitheanta le ceol nua-aimseartha i mBreatnais, agus aithne mhór orthu ar fud an domhain de bharr a gcuid ceoil i mBéarla fosta.

 Bhí an ceirnín Breatnaise a d’eisigh siad sa bhliain 2000, Mwng ar an cheirnín Breatnaise is mó a raibh díol riamh air.

 

Dála an scéil, dúirt príomhamhránaí na Super Furry Animals, Gruff Rhys, le déanaí go raibh An Taobh Tuathail le Cian Ó Cíobháin ar RnaG, ar an chlár raidió is fearr leis. Agus lena chruthú go raibh tuigbheáil an-mhaith aige ar an cheol i dtólamh, amharc air féin agus a leathbhádóir as SFA Dafydd Leuan , insan fhíseán ceoil seo ón bhliain 1991, agus iad beirt sa ghrúpa Ffa Coffi Pawb, sular saolaíodh na Super Furries : Ffa Coffi Pawb – ‘Breichiau Hir’

 

Tá Gwenno, ar an cheoltóir Breatnaise is mó atá i mbéal an phobail faoi láthair. Is iníon í leis an fhile Tim Saunders, a scríobhann i nGaeilge, i mBreatnais agus i gCoirnis, agus a thóg a chlann le Breatnais agus Coirnis in Caerdydd. Bhí sí leis an phopghrúpa The Pipettes, sular eisigh sí an t-albam Breatnaise, Y Dydd Olaf, sa bhliain 2014. Tháinig albam úr léi, atá go hiomlán i gCoirnis, Le Kov, amach ar lipéad Heavenly Records anuraidh.

Bhí ceolchoirm s’aici ag Picnic na hAibhléise ar cheann de mo chuid buaicphointí ceoil anuraidh.

Tá na léirmheastóirí agus craoltóirí ceoil sa Bhreatain craiceáilte mar gheall ar a cuid ceoil, agus cad tuige nach mbeadh. Seo Gwenno le ‘Chwyldro’(Réabhlóid).

 

Chuir 9Bach faoi gheasa mé ag féile cheoil Womad sa Bhreatain cúpla bliain ó shin. I mBreatnais amháin a chanann siad agus tá cúpla ceirnín amuigh acu ar an lipéad ceoil iomráiteach, Real World. Seo iad le ‘Lyn Du’:

 

Tá Cerys Matthews ar dhuine de na hamhránaithe is aitheanta as an Bhreatain Bheag, agus canann sí i mBreatnais go minic. Leoga, chan sí cúpla amhrán Breatnaise ag seisiún ceoil Tigh Hiúdaí i nGaoth Dobhair, cúpla bliain ó shin. Seo í le ‘Arlington Way’:

 

Bhí seanghrúpa ceoil Cerys, Catatonia, a bhain cáil dhomhanda amach dar ndóigh, ag canadh i mBreatnais i bhfad roimhe sin:

 

Agus seo grúpa fíorthábhachtach, a raibh tionchar an-mhór acu ar ghrúpaí eile sa Bhreatain Bheag. Chuaigh an drumadóir a bhí le Anhrefn, isteach sna Super Furries, agus chuaigh an dordghiotáraí, Rhys Mwyn, ar aghaidh agus bhí i gceannas ar an lipéad ceirníní Crai, a d’eisigh cuid mhór den cheol úr Breatnaise ina dhiaidh sin. Bhí dúil mhór ag John Peel sa ghrúpa Anhrefn, agus chasadh sé a gcuid ceoil ar BBC Raidió a hAon go minic, sna hochtóidí.

ANHREFN : ‘Duw y Dyn Eira’

 

Is Dia beag é Meic Stevens ag muintir na Breataine Bige. Bheir siad Bob Dylan na Breatnaise air. 

Meic Stevens le ‘Y Brawd Houdini’ :

 

Agus ar deireadh, seo an chéad grúpa ceoil a chonaic mé ag ceol i mBreatnais riamh, sa bhliain 1983/84 sa phuball rac-cheoil ag Eisteddfodd na Breataine Bige. Bhí mé ann le mo thuismitheoirí ach ní fhaca siad an chuid eile den lá mé, chomh luath agus a d’aimisigh mise an puball ceoil seo . Tá barúil agam go raibh Louis a’r Rocyrs ag Rac a hAon i Ráth Chairn i 1984 ach cé go raibh mé ann, níl mé iomlán cinnte go raibh na Rocyrs ann.

Seo Louis a’r Rocyrs:

Fág freagra ar 'Rogha Rónáin Mhic Aodha Bhuí do Lá Idirnáisiúnta an cheoil Bhreatnaise'