Kevin Bakhurst ceaptha ina cheannasaí ar RTÉ, súil ann go mbeidh sé ina ‘cara sa chúirt’ ag an nGaeilge

Le linn a thréimhse ceithre bliana mar cheannasaí nuachta le RTÉ, bhí caidreamh maith ag an Sasanach le roinnt mhaith d’iriseoirí agus de lucht bainistíochta Nuacht TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta

Kevin Bakhurst ceaptha ina cheannasaí ar RTÉ, súil ann go mbeidh sé ina ‘cara sa chúirt’ ag an nGaeilge

Kevin Bakhurst, iarcheannasaí nuachta RTÉ, a bheidh ar an gcéad Ard-Stiúrthóir eile ar an stáisiún.

Beidh lucht iriseoireacht na Gaeilge ag súil gur cara sa chúirt in RTÉ a bheidh sa Sasanach ar measadh é a bheith báúil le cás chraoltóireacht na Gaeilge nuair a bhí sé ina cheannasaí nuachta sa stáisiún idir 2012-2016.

D’fhág Bakhurst a phost mar cheannasaí nuachta agus cúrsaí reatha in RTÉ in 2016 chun dul ag obair le Ofcom, rialtóir cumarsáide na Ríochta Aontaithe.

Le linn a thréimhse ceithre bliana le RTÉ, bhí caidreamh maith ag Bakhurst le roinnt mhaith d’iriseoirí agus de lucht bainistíochta Nuacht TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ba mhinic é ar cuairt sa dá stáisiún. Chaith sé cuid mhaith ama ó dheas i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, go háirithe.

Ní i gcónaí a bhí Bakhurst sásta le hiriseoirí na Gaeilge, áfach.

Agus é ar cuairt ar cheannáras TG4 i mBaile na hAbhann i gConamara i Feabhra 2013, dúirt sé go raibh an t-atheagar a bhí beartaithe an uair sin ar sheirbhísí nuachta Gaeilge RTÉ “cosúil leis an gcéad chogadh domhanda” agus gach duine “sáinnithe sna trinsí agus gan aon dul chun cinn á dhéanamh”.

Sa deireadh caitheadh i dtraipisí an plean cónascadh a dhéanamh idir na seirbhísí nuachta.

Tiocfaidh Bakhurst i gcomharbacht ar Dee Forbes mar ardstiúrthóir tráth a bhfuil cainteanna leochaileacha ar siúl arís faoina bhfuil i ndán do sheirbhísí nuachta Gaeilge an stáisiúin.

Tá cainteanna ar siúl faoi láthair idir RTÉ agus TG4 faoi pholasaí an Rialtais go mbeadh seirbhís nuachta TG4 neamhspleách go hiomlán ó thaobh na heagarthóireachta amach anseo.

Deirtear i bplean gnímh a d’fhoilsigh an Rialtas ag tús na bliana go ndéanfaidh, Coimisiún na Meán, rialálaí nua na meán, monatóireacht ar an bplé faoi TG4 a bheith neamhspleách ó RTÉ

Leis an BBC a chuir Bakhurst tús lena shaol craoltóireachta agus bhí sé ina leascheannasaí ar sheomra nuachta an chraoltóra ar feadh tamaill.

Dúirt sé gur “onóir mhór” a bhí ann a bheith ceaptha ina cheannasaí ar RTÉ.

Dúirt sé go raibh ról “lárnach” ag RTÉ i saol na hÉireann, go raibh “plúr na ndaoine” ag obair ann agus seirbhís den scoth á cur ar fáil acu a raibh muinín ag an bpobal aisti.

Bhí dúshláin mhóra roimh an stáisiúin, a dúirt sé, go háirithe i bhfianaise na géariomaíochta domhanda i gcúrsaí craoltóireachta.

Dúirt sé go raibh “dóchas” aige go bhféadfaí na hathruithe “uaillmhianacha” ba ghá a dhéanamh lena chinntiú go bhfanfadh RTÉ ábhartha agus go mbeadh meas ag an bpobal i gcónaí air.

Bhí líon beag daoine ar Bhord RTÉ míshásta le gnéithe den phróiseas a bhain le ceapachán an ardstiúrthóra.

Tuairiscíodh sna meáin gur brúdh go leataobh sa phróiseas David McRedmond, Príomhfheidhmeannach An Post a bhí ina cheannasaí ar TV3 tráth.

I ráiteas a chuir sé amach ag an deireadh seachtaine, dúirt  David McRedmond go ndearna sé agallamh don phost ach nár cuireadh ar ghearrliosta é.

Dúirt sé nach raibh aon suim a thuilleadh aige sa phost agus ghuigh sé gach rath ar RTÉ.

Beidh Siún Ní Raghallaigh, cathaoirleach RTÉ, os comhair Choiste Oireachtais na Meán amárach.

Meastar go gceisteofar an cathaoirleach, a bhí ar dhuine de bhunaitheoirí TG4 agus a bhí ina cathaoirleach ar bhord an stáisiúin sin, faoin eolas a sceitheadh maidir leis an bpróiseas ceapacháin.

Fág freagra ar 'Kevin Bakhurst ceaptha ina cheannasaí ar RTÉ, súil ann go mbeidh sé ina ‘cara sa chúirt’ ag an nGaeilge'