Coimisiún le ‘monatóireacht’ a dhéanamh ar phlé idir TG4 agus RTÉ faoi thodhchaí na nuachta

Deirtear i bplean gnímh nua a d’fhoilsigh an Rialtas inné go ndéanfaidh rialálaí nua na meán monatóireacht ar an bplé faoi TG4 a bheith neamhspleách go hiomlán ó RTÉ i dtaobh cúrsaí nuachta

Coimisiún le ‘monatóireacht’ a dhéanamh ar phlé idir TG4 agus RTÉ faoi thodhchaí na nuachta

Déanfaidh Coimisiún na Meán monatóireacht ar an idirbheartaíocht atá ar siúl faoi TG4 a bheith neamhspleách go hiomlán ó RTÉ i dtaobh cúrsaí nuachta.

Is i bplean gnímh nua a d’fhoilsigh an Rialtas inné a fógraíodh go ndéanfadh rialálaí nua na meán, atá le teacht in áit an BAI, monatóireacht ar an bplé idir an dá stáisiún faoin soláthar nuachta Gaeilge.

Faoi láthair is é RTÉ a chuireann a gcláir nuachta agus cúrsaí reatha ar fáil do TG4 ach moladh sa tuarascáil a d’fhoilsigh an Coimisiún um Thodhchaí na Meán an samhradh seo caite go mbeadh “ceannas neamhspleách eagarthóireachta” ag TG4 ar a sholáthar nuachta chun seirbhís níos fearr a chur ar fáil dá lucht féachana.

Sa phlean gnímh nua atá foilsithe ag an Rialtas an tseachtain seo, leagtar síos an cur chuige a bheidh ann maidir leis an moladh sin a chur i gcrích.

Deirtear go n-aithnítear go bhfuil buntáistí áirithe ag baint leis an socrú atá idir an dá stáisiún ó thaobh cúrsaí nuachta faoi láthair, ach gurb é atá ag teastáil ón Rialtas ná go n-aistreofaí chuig TG4 ‘ceannas iomlán eagarthóireachta’.

D’fhéadfadh an t-athrú sin leas an dá stáisiún a dhéanamh a deirtear i Tuarascáil an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán – Straitéis Feidhmithe agus Plean Gníomhaithe.

Deirtear i bplean an Rialtais go ndéanfaidh Coimisiún na Meán monatóireacht ar an bplé idir RTÉ agus TG4 faoi cheannas eagarthóireachta agus go gcuirfidh an Coimisiún Roinn na Meán ar an eolas faoi na cainteanna sin agus faoi aon dúshláin a thiocfaidh chun cinn maidir le neamhspleáchas a bhaint amach.

Deir an Rialtas gur gá tuilleadh plé a dhéanamh faoi na himpleachtaí airgeadais agus praiticiúla a bhainfeadh le TG4 a bheith neamhspleách ar RTÉ i dtaobh na nuachta.

Faoi láthair ó RTÉ a thagann soláthar iomlán nuachta agus cúrsaí reatha TG4 – Nuacht TG4 agus 7Lá – mar chuid den dualgas reachtúil atá ar RTÉ 365 uair an chloig de chláir a chur ar fáil don stáisiún gach bliain.

Ní cosúil go dtiocfaidh aon mhórathrú ar an mbunsocrú sin idir RTÉ agus TG4 sa ghearrthéarma, ach glactar leis gur gá an caidreamh idir an dá stáisiún ó thaobh na nuachta a athmheas i bhfianaise mhian an Rialtais go mbeadh neamhspleáchas eagarthóireachta ag TG4.

Chuige sin, tá cainteanna ar bun idir an dá stáisiún agus tá Ceannaire Nuachta agus Cúrsaí Reatha ceaptha ag TG4 den chéad uair.

Tabharfar 18 mí do Choimisiún na Meán chun athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar an soláthar don Ghaeilge sna meáin.

Fág freagra ar 'Coimisiún le ‘monatóireacht’ a dhéanamh ar phlé idir TG4 agus RTÉ faoi thodhchaí na nuachta'