Johnson ag dul ó neart go neart agus na cosa tugtha leis ag Rory Stewart

Cúigear atá fágtha i dtoghchán ceannaireachta na dTóraithe i Sasana i ndiaidh an dara babhta vótála tráthnóna

Johnson ag dul ó neart go neart agus na cosa tugtha leis ag Rory Stewart

Tá Boris Johnson ag dul ó neart go neart i dtoghchán ceannaireachta na dTóraithe i Sasana i ndiaidh an dara babhta vótála tráthnóna.

Mhéadaigh líon na vótaí ag Johnson go dtí 126, ardú 12 vóta ón gcéad bhabhta vótála.

Jeremy Hunt a tháinig sa dara háit agus 46 vóta aige, trí cinn níos mó ná mar a bhí aige sa chéad bhabhta. Michael Gove a bhí sa tríú háit le 41, méadú trí vóta agus Rory Stewart a tháinig sa cheathrú háit le 37 vóta, méadú mór 18 vóta ón gcéad bhabhta.

33 vóta a theastaigh chun fanacht sa rás agus cúigear atá fágtha anois ann – Johnson, Hunt, Gove, Stewart agus Sajid Javid.

Díbríodh Dominic Raab toisc gurbh é a tháinig sa séú háit agus gan aige ach 30 vóta. Is ar éigean gur éirigh le Sajid Javid fanacht sa rás agus 33 vóta aige.

As an seisear a bhí fágtha ba iad Rory  Stewart, Sajid Javid agus Dominic Raab ba lú a fuair vótaí sa chéad bhabhta.

Bhí an chuma ar an scéal le roinnt laethanta anuas go raibh feachtas Stewart, an rúnaí um fhorbairt idirnáisiúnta, ag bailiú nirt agus é á chur féin in iúl mar an t-aon iarrthóir a bhí sásta dúshlán Johnson a thabhairt agus seasamh láidir a ghlacadh i gcoinne an Bhreatimeachta chrua.

Murab ionann agus iarrthóirí eile a bhfuil leathshúil acu ar cad a bheadh i ndán dóibh faoi cheannaireacht Johnson,

níl Stewart ag dul go réidh leis na buillí ná níl srian á chur ar a theanga aige.

Sa bhabhta deireanach vótála fuair an rúnaí gnóthaí eachtracha Jeremy Hunt 43 vóta agus fuair an rúnaí timpeallachta Michael Gove 37 vóta.

Sa bhabhta sin fuair an t-iar-rúnaí Breatimeacha Dominic Raab, 27 vóta agus fuair an rúnaí baile Sajid Javid 23 vóta, toradh a d’fhág go raibh siad beirt go mór i mbaol.

Beidh an dream atá fós san iomaíocht i mbun díospóireachta ar an BBC anocht ag 8pm. Seo an chéad díospóireacht ag Boris Johnson, nár ghlac páirt i ndíospóireacht Channel 4.

Tá Johnson leagtha air go bhfágfaidh an Bhreatain an tAE oíche Shamhna bíodh margadh déanta nó ná bíodh, agus meastar go gceisteofar é faoi sin agus faoi neart ábhar eile anocht.

Leanfar leis na babhtaí vótála go dtí nach mbeidh fágtha ach beirt iarrthóirí. Amárach, Dé Céadaoin a bheidh an tríú vóta ann agus tá socruithe déanta go mbeidh an ceathrú agus an cúigiú vóta lá arna mhárach sa gcás go mbeadh níos mó ná beirt fós fágtha.

Beidh mí ag an mbeirt dheireanach a bheidh fágtha le feachtas tacaíochta a rith ó cheann ceann na tíre.

Le linn na míosa sin seolfar páipéar ballóide chuig gach ball den Pháirtí Caomhach le go bpiocfaidh siad a rogha duine mar cheannaire ar an bpáirtí. Fógrófar an ceannaire nua an tseachtain dár tús an 22 Iúil.

Fág freagra ar 'Johnson ag dul ó neart go neart agus na cosa tugtha leis ag Rory Stewart'