JOHN ALLEN: An club, an contae agus an córas nua…

Tá athruithe móra tagtha ar an gcraobh ó bhí ár gcolúnaí ag imirt dá chontae agus ar leas an chomórtais idirchontae atá na hathruithe ar fad

JOHN ALLEN: An club, an contae agus an córas nua…

Pictiúr: INPHO/James Crombie

I lár na seachtóidí nuair a bhíos ar phainéal sinsir iomána Chorcaí den chéad uair bhuamar trí chluiche sa chraobhchomórtas agus bhí bonn uile-Éireann sa chúlphóca againn gan mórán stró. Níor chuireamar isteach nó amach ar na cluichí club ná ní dhearnamar an iomarca traenála. Bhí traenáil fhoirmeálta againn ar feadh tuairim is mí roimh chluiche leathcheannais na Mumhan agus bhí briseadh agus babhta cluichí leis an gclub ann le linn na tréimhse céanna. Bhí cluiche ceannais na Mumhan ann coicís ina dhiaidh sin agus ansin briseadh míosa mar nach raibh aon chluiche leathcheannais ag curaidh na Mumhan an bhliain áirithe sin.  Bhí babhta cluichí peile agus iomána eile againn, mar sin, agus ina dhiaidh sin arís trí seachtaine traenála roimh chluiche ceannais na hÉireann. B’in an córas.

Tá athrú mór nó dhó tarlaithe ó shin agus ar leas an chomórtais idirchontae atá na hathruithe ar fad.

Cuirfear córas nua i bhfeidhm in 2018 agus, ar an iomlán, caithfidh go mbeidh sé níos fearr ná an córas deireanach do na foirne, don lucht urraíochta, do CLG, do na meáin chumarsáide agus do lucht leanúna na hiomána. Beidh níos mó cluichí ann, rud atá ag teastáil go géar ó na foirne go léir, go háirithe na híochtaráin.

Ach céard faoi na himreoirí bochta club, an 95% d’imreoirí nach mbíonn ag imirt ach don chlub amháin agus a bhíonn sásta, bliain i ndiaidh bliana, fanacht ar chead ón mbainisteoir contae a gcluichí a imirt. Mar is nuair a thugann seisean cead a imrítear na cluichí club agus is rímhinic cluichí curtha ar cheal ar a ordú gan mórán d’fhógra a bheith tugtha. Tarlaíonn sé go rialta agus go dtí seo chuir daoine suas leis.

Ach is dócha go bhfuil an chosmhuintir ag bailiú nirt. Tá Cumann na nImreoirí Club ann le tamall anois ach beidh orthu bheith an-eagraithe in 2018. Dar ndóigh níl an máistirliosta cluichí don séasúr idirchontae 2018 seolta fós, ach ní fada uainn é. Tá sé ráite ag Páraic Duffy go mbeidh 24 deireadh seachtaine ag na clubanna i gcomhair cluichí i gcomparáid le 16 in 2017.

Is maith san ach an cheist is tábhachtaí ná cé mhéad de na laethanta sin a dtabharfaidh an bainisteoir contae a bheannacht dóibh roimh chluiche craoibhe sinsir.

Tá sé ráite cheana freisin ag Duffy gur stáit aonaracha iad na boird chontae ar fad agus go ritheann siad a ngnó mar is mian leo féin. Agus dar ndóigh sin cuid den fhadhb. An rud a tharlaíonn minic go leor ná cuireann bord amháin na cluichí ar fad ar ceal beag beann ar na rialacha oifigiúla. Ciallaíonn sé sin go bhfuil cás ag aon bhainisteoir ó na contaetha eile a gcluichí a chur ar cheal freisin.

Dar ndóigh fadhb ollmhór eile atá ann go mbíonn cluichí in dhá spórt dhifriúla á n-eagrú ag na contaetha go léir agus cuid maith imreoirí ag imirt an dá chód. 

Tá na contaetha ‘is láidre’ sa dá chód ag gearán cheana féin go mbeidh sé thar a bheith deacair cloí le máistirliosta cluichí de réir an chláir ama atá leagtha amach ag Páirc an Chrócaigh. Agus is cinnte go mbeidh.

Ach tá na díslí caite. Tá trí bliana tugtha chun triail a bhaint as an gcóras nua. An teist is mó ar fad a bheidh air? Conas a bheidh ag an imreoir club?

Fág freagra ar 'JOHN ALLEN: An club, an contae agus an córas nua…'