Jim Mitchell agus Údarás RTÉ i bpíobán a chéile faoi agallamh fear Noraid

Cáipéisí Stáit 1985: Bhí an tAire Cumarsáide Jim Mitchell ag iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún um Ghearáin Chraolacháin rialú faoi agallaimh ar RTÉ le Martin Galvin ó Noraid

Jim Mitchell TD. Pictiúr: RollingNews.ie
Jim Mitchell TD. Pictiúr: RollingNews.ie

Léiríonn comhaid rialtais gur éirigh idir an tAire Cumarsáide, Jim Mitchell, agus Údarás RTÉ 30 bliain ó shin de bharr dhá agallamh a déanadh le stiúrthóir de chuid Noraid. Eagraíocht ab ea Noraid a bhí lonnaithe i Meiriceá agus a bhailigh airgead ar son teaghlaigh phríosúnaigh Phoblachtánacha. Mheas rialtais na Breataine, na hÉireann agus Mheiriceá, áfach, go raibh an eagraíocht ag soláthar armlóin don IRA.

Dlíodóir as Nua-Eabhrac is ea Martin Galvin a bhí ar dhuine de stiúrthóirí na heagraíochta sna hochtóidí. Cuireadh cosc air taisteal go Tuaisceart Éireann de bharr óráide a thug sé a measadh a bheith ag moladh feachtas cogaíochta an IRA. Sa bhliain 1984, áfach, thug Galvin neamhaird ar an chosc agus chuaigh trasna na teorann faoi choim. Chuaigh sé ar an ardán le linn léirsithe i mBéal Feirste i gcuimhne ar imtheorannú gan triail agus bhí sé ina chíor thuathail nuair a rinne an RUC iarracht é a ghabháil. Maraíodh duine den lucht léirsithe, Seán Downes, nuair a scaoil na póilíní piléar plaisteach leis.

Go luath ina dhiaidh sin, rinne Martin Galvin dhá agallamh ar Raidió a hAon, ceann le Pat Kenny agus ceann eile le Gary Agnew ar News at One Thirty. (21 Lúnasa, 1984). Chuir na hagallaimh seo olc agus cantal ar an Aire Cumarsáide, Jim Mitchell, agus scríobh sé chuig Cathaoirleach Údarás RTÉ, Fred O’Donovan, ag maíomh gur mheas sé gur sháraigh na hagallaimh úd an reachtaíocht craoltóireachta a chuir cosc ar aon ní a ghríosfadh daoine chun coiriúlachta agus a bhainfeadh dá réir sin ó údarás an Stáit. (Alt 18 (1A) den Acht um Údarás Craoltóireachta, 1960). Mar thoradh air sin, tionóladh cruinniú éigeandála d’Údarás RTÉ agus lorg an stáisiún comhairle dlí ón abhchóide sinsireach Brian McCracken.

Bhí seisean den tuairim go raibh neart ama ag an Aire ordú a dhéanamh chun Noraid a áireamh i measc na n-eagraíochtaí a bhí toirmiscthe faoi Alt 31 den Acht Craolacháin (is é sin an tIRA, Sinn Féin, an UDA agus an INLA).

Ainneoin go raibh fógra tugtha ag Noraid go mbeadh preasagallamh á eagrú acu agus go mbeidís ag lorg agallamh ar chláracha de chuid RTÉ, ní dhearna an tAire aon ordú i leith cosc a chur ar chraoladh agallamh le Noraid faoi Alt 31. Cé go raibh tuairimí láidre nochtaithe ag Galvin sna hagallaimh i leith foréigean in éadan shaighdiúirí na Breataine agus an RUC, ní raibh a dhath ráite aige a ghríosfadh foréigean sa stát seo (na 26 chontae), dar le McCracken. Cé gur léir go raibh sé i bhfách le húsáid an fhoréigin sa Tuaisceart, níor chuir sé in iúl ariamh ins na hagallaimh gur thacaigh sé leis an IRA, dar leis.

Scríobh Cathaoirleach Údarás RTÉ chuig an Aire Mitchell ansin ar an 28 Lúnasa 1984 ag séanadh go neamhbhalbh gur sháraigh siad an tAcht. Dúirt an Cathaoirleach gur phléigh an rannóg nuachta an t-ábhar ag an leibhéal is sinsirí sular déanadh cinneadh freastal ar an phreasgallamh a bhí ag Noraid.

Níor ghlac an tAire leis an fhreagra sin agus bhí sé ag iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún um Ghearáin Chraolacháin rialú ar an ábhar. Ní fhéadfaí rialú a dhéanamh, áfach, gan gearán a bheith déanta ag an Aire leis an stáisiún roimh ré agus bhí amhras ann an bhféadfaí glacadh leis an litir a sheol Jim Mitchell chuig Cathaoirleach RTÉ mar ghearán foirmeáilte. Ní raibh an focal ‘gearán’ luaite a bheag nó a mhór sa litir.

Ag eascairt as sin, chuaigh an Roinn Cumarsáide i dteagmháil leis an Ard-Aighne, Peter Sutherland, ag lorg comhairle uaidh ar an ábhar. Bhí Oifig an Ard-Aighne go mór in amhras an nglacfadh an Coimisiún um Ghearáin Chraolacháin le litir an Aire mar ghearán foirmiúil: “I would advise the Minister that it would be imprudent to expose himself to a rebuff, and that the only safe course is to write a formal letter of complaint to the Authority.”

Cé go raibh drogall air an chomhairle seo a thabhairt mar go gcuirfeadh sé moill ar imeachtaí, dúirt Peter Sutherland “it would be wiser to be safe and sure in this case”.

Ach bhí an tAire Mitchell anois ag lorg comhairle ón Ard-Aighne faoi shubstaint an ghearáin chuig an Choimisiún, is é sin ar sháraigh RTÉ an reachtaíocht nuair a craoladh na hagallaimh úd agus nuair nár cuireadh smacht ar na hiriseoirí a bhí ag plé leis an scéal.

Chuir an Roinn Cumarsáide tras-scríbhinní de na hagallaimh le Galvin faoi bhráid an Ard-Aighne agus suntas ar leith tugtha do na ráitis ba chonspóidí a rinne sé lena linn.

Chuir Oifig an Ard-Aighne comhairle fhada, thomhaiste ar an Aire agus tugadh leide dó go bhféadfadh baill den Údarás caingean dlí a ghlacadh dá mbrisfí óna gcúraim iad mar thoradh ar chraoladh an agallaimh. I ndeireadh ama, moladh don Aire gan a ghearán a chur faoi bhráid an Choimisiúin. “I would have little doubt that a Court would not regard as unreasonable the opinion of the Authority that no breach of the prohibition was involved in the three broadcasts,” a scríobh Matthew Russell ó Oifig an Ard-Aighne chuig an Roinn Cumarsáide ar an 26 Meán Fómhair, 1984.

Chuir Peter Sutherland é féin aguisín beag leis an chomhairle úd: “Having considered the material I conclude that the broadcast falls short of what is envisaged in the prohibition.” Chuir an chomhairle sin ón Ard Aighne clabhsúr ar an chonspóid.

Fág freagra ar 'Jim Mitchell agus Údarás RTÉ i bpíobán a chéile faoi agallamh fear Noraid'