Jim Gavin roghnaithe ina iarrthóir do thoghchán na huachtaránachta ag Fianna Fáil

41 vóta a fuair Jim Gavin agus 29 a fuair Billy Kelleher ó bhaill pháirtí parlaiminte Fhianna Fáil ar maidin

Jim Gavin roghnaithe ina iarrthóir do thoghchán na huachtaránachta ag Fianna Fáil

Tá Jim Gavin roghnaithe ag Fianna Fáil le seasamh d’uachtaránacht na hÉireann sa toghchán a bheidh ar siúl an mhí seo chugainn. Tháinig Gavin agus Billy Kelleher, Feisire Eorpach de chuid an pháirtí a chuir a ainm chun cinn don ainmniúchán freisin, os comhair pháirtí parlaiminte Fhianna Fáil i dTeach Laighean ar maidin.

Labhair an bheirt le Teachtaí Dála, Seanadóirí, agus Feisirí Eorpacha an pháirtí ar feadh deich nóiméad an duine ar maidin sular caitheadh na vótaí. 41 vóta a fuair Jim Gavin agus 29 a fuair Billy Kelleher. Bhí sé tugtha le fios ag 32 ball den pháirtí parlaiminte cheana go dtacódh siad le hiarbhainisteoir peile Bhaile Átha Cliath.

Fágann toradh an lae inniu go bhfuil triúr anois ainmnithe go hoifigiúil do thoghchán na huachtaránachta a bheidh ar siúl Dé hAoine, an 24 Deireadh Fómhair: an t-iarrthóir neamhspleách Catherine Connolly, iarrthóir Fhine Gael Heather Humphreys, agus iarrthóir Fhianna Fáil Jim Gavin. Is í Catherine Connolly an t-aon duine den triúr a bhfuil an Ghaeilge ar a toil aici.

Níl cinneadh déanta go fóill ag Sinn Féin cé acu an ainmneoidh siad iarrthóir dá gcuid féin nó an dtabharfaidh siad a dtacaíocht do Catherine Connolly. Inné a dhearbhaigh ceannaire an pháirtí, Mary Lou McDonald, nach mbeadh sí féin ina hiarrthóir. Déanfaidh Sinn Féin cinneadh faoina bhfeachtas ar an 20 Meán Fómhair.

Tá roinnt daoine eile tar éis spéis a léiriú in ainmniúchán a fháil agus rún acu bualadh le comhairlí contae ar thóir a mbeannacht don ainmniúchán sin. Rinne iarrthóirí cur i láthair os comhair Chomhairle Contae Chiarraí tráthnóna inné agus cuirfidh comhairlí eile ar fud na tíre fáilte roimh a thuilleadh iarrthóirí sna laethanta amach romhainn. Teastaíonn tacaíocht ó cheithre cinn d’údaráis áitiúla nó ó scór ball den Oireachtas le deis a fháil a bheith mar iarrthóir sa toghchán.

Fág freagra ar 'Jim Gavin roghnaithe ina iarrthóir do thoghchán na huachtaránachta ag Fianna Fáil'

  • Ronan

    An bhfuil an Ghaeilge ag Jim Gavin