Jeffrey Donaldson dearbhaithe ina cheannaire ar an DUP

Tiocfaidh Donaldson i gcomharbacht ar Edwin Poots nach raibh ach trí seachtaine sa phost nuair a d’éirigh baill an pháirtí amach ina choinne mar gheall ar chonspóid faoi mhargadh i dtaobh na reachtaíochta Gaeilge

Jeffrey Donaldson dearbhaithe ina cheannaire ar an DUP

Tá Jeffrey Donaldson dearbhaithe ina cheannaire ar an DUP. Ba é an t-aon iarrthóir ar an bpost nuair a stopadh ag glacadh le hainmniúcháin ag meán lae inniu.

Tá rún ag Donaldson éirí as a shuíochán in Westminster sa bhfómhar le bheith ina cheannaire ar an DUP in Stormont.

Tá sé i gceist ag an bhfeisire parlaiminte do Ghleann an Lagáin Céad-Aire sealadach a ainmniú go dtí go bhfillfidh sé féin ar an Tionól, sin má sheasann an Tionól féin.

Tiocfaidh sé i gcomharbacht ar Edwin Poots mar cheannaire ar an DUP.  Fuair Poots an ceann is fearr ar Donaldson sa toghchán ceannaireachta a bhí ag an bpáirtí an mhí seo caite, 19 vóta in aghaidh 17.

Ach ní raibh Poots ach trí seachtaine sa phost nuair a d’éirigh baill an pháirtí amach ina choinne mar gheall ar chonspóid faoi mhargadh i dtaobh na reachtaíochta Gaeilge.

Deir Donaldson gurb é an sprioc is mó a bheidh aige ná dul i ngleic leis an bPrótacal iarBhreatimeachta a bhfuil an DUP glan ina choinne.

Dúirt sé go gcuirfidh sé an t-athmhuintearas chun cinn sa DUP, dúshlán mór eile agus an páirtí in aimhréidh i ndiaidh tréimhse corraithe.

Mhaígh Donaldson anuraidh go mbeadh veto ag an DUP maidir leis na seirbhísí trí Ghaeilge a chuirfí ar fáil don phobal faoi aon reachtaíocht teanga a thabharfaí isteach mar chuid de mhargadh Stormont.

Dúirt sé gurb iadsan a shocródh cuid mhór cad iad na dualgais teanga a bheadh ar eagrais phoiblí faoin gcomhaontú New Decade, New Approach. In 2019 dúirt sé nach bhfuil rud ar bith i gcoinne na Gaeilge ag an DUP.

Dúirt sé gur choinnigh Preispitéirigh an teanga beo nuair a bhí sí i mbaol báis.

As Cill Chaoil i gcontae an Dúin é Jeffrey Donaldson atá 58 bliain d’aois agus chuaigh sé isteach le Páirtí Aontachtach Uladh (UUP) agus é ina fhear óg.

Ba chol ceathrar leis, Samuel Donaldson, an chéad phóilín a maraíodh i bpléasc de chuid an IRA le linn na dtrioblóidí ó thuaidh. Labhair sé féin cheana faoin tubaiste sin agus dúirt gurbh é an marú sin a spreag é le dul leis an bpolaitíocht.

Sé bliana déag a bhí sé nuair a lean nós a mhuintire agus ghlac ballraíocht san Ord Oráisteach agus ina dhiaidh sin chuaigh sé isteach i Reisimint Chosanta Uladh (UDR), mar a rinne a athair roimhe.

Luaitear Donaldson le heite mheasartha an pháirtí, an eite lenar bhain Arlene Foster chomh maith.

Bhí Donaldson ina ghníomhaire toghlaigh ag an bhfeisire Enoch Powell ó 1983 go 1985.

Ní raibh sé ach 22 bliain d’aois nuair a toghadh é i bhfothoghchán chun an Tionóil in Stormont i 1985, an duine ab óige riamh a fuair suíochán ansin. Toghadh ina fheisire do Ghleann an Lagáin é i 1997.

Bhí aighneas idir é féin agus ceannaire a pháirtí, David Trimble faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta i 1998 agus shiúil sé amach ó chainteanna na síochána mar nár aontaigh sé gur cheart príosúnaigh phoblachtacha agus aontachtacha a shaoradh sula raibh a dtéarma príosúin déanta acu.

In 2003, d’fhág Donaldson, Arlene Foster agus Norah Beare an UUP agus ghlac sé ballraíocht san DUP in Eanáir 2004.

Rinne Banríon Eilís Shasana ridire de Donaldson in 2016 mar aitheantas ar a chuid oibre i saol na polaitíochta. Bhí sé ina phríomhaoire agus ina urlabhraí ar an gcosaint agus ar chúrsaí gnó ag an DUP in Westminster.

Fág freagra ar 'Jeffrey Donaldson dearbhaithe ina cheannaire ar an DUP'