Fear tíriúil ab ea James Mac Donnchadha. Ar nós go leor d’fhir na tuaithe lena linn, níor phós sé ariamh. Choinnigh sé an tine fadaithe ar theallach a mhuintire ar feadh na mblianta. Chuaigh sé síos sa gcladach. Bhain sé móin agus rinne sé curadóireacht sna garrantaí.
Choinnigh sé cóir mhaith ar an ngabháltas. Má bhreathnaigh sé uaidh chonaic sé radharc álainn. An tAigéan Atlantach ag síneadh thar na Sceirdí siar i dtreo bhun na spéire. Ach ní móide gur mhinic a bhreathnaigh sé uaidh; bhí an iomarca le déanamh. Obair throm fhisiciúil.
Má bhreathnaigh sé uaidh féin, b’fhéidir nach bhfaca sé an radharc. Bhí sé feicthe aige ó bhí sé ina naíonán. Bhí sé feicthe aige ina scáthán gorm, gléineach; bhí sé feicthe aige ina fharraige cháite; bhí sé feicthe aige agus an stoirm aniar, aneas agus aduaidh ag cur cúir go spéir.
Cé chomh minic a d’fheicfeá radharc, agus é feicthe agat míle uair?
Bhí cónaí ar James i bhFó na Crí.
Baile fearainn é Fó na Crí gar d’Iorras Beag i bpobal Chloch na Rón in iarthar Chonamara.
Ar imeall na Gaeltachta atá sé, de réir an oifigiúlachais. Bheadh Gaeilge cloiste ag James. Ní raibh an oiread cloiste aige agus go mbeadh sé in ann í a labhairt. Bhí an saol ag athrú agus é ag éirí aníos; agus an teanga imithe ón teallach. Ach ní mba lú an fear tuaithe é James Mac Donnchadha dá bharr sin. Bhí na tréithe eile uilig aige. Righneadas, buanseasmhacht, spreacadh, scileanna mar a bhíonn ag duine atá ag brath ar a chuid inniúlachta féin sa saol.
Shéalaigh James Mac Donnchadha an mhí seo caite. Ceiliúradh Aifreann na sochraide i Séipéal Mhuire, Réalt na Mara, i sráidbhaile Chloch na Rón. Thionlaic an pobal é go dtí gaineamh geal gléineach thránna an Ghoirtín, tuairim is míle ón áit ar chaith sé a shaol. Leagadh síos é agus síorfhothram na dtonn ag coinneáil comhluadair leis na paidreacha ag an uaigh.
Cuireadh an glas ar an doras i bhFó na Crí. Bhí James Mac Donnchadha imithe. Ach bhí bás de chineáil eile faighte ag an mbaile fearainn ar an gcnocán os cionn an Atlantaigh. Ba é James an duine deireanach dúchasach a bhí ar an mbaile.
Seacht gcinn de thithe a bhí i bhFó na Crí san aimsir a caitheadh. Sloinnte Chonamara – Guairimeacha, muintir Mhic Dhonnchadha.
Ach, de réir a chéile, shéalaigh croí an dúchais i bhFó na Crí. D’imigh na daoine óga. D’imigh deartháireacha agus deirfiúracha James uilig. D’imigh chuile dheirfiúr agus chuile dheartháir eile. Ní fhaca siad i bFó na Crí ach saol anróiteach gan mórán dá bharr. Ach d’fhan an pictiúr gorm is gléineach ina n-intinn.
D’imíodar.
Le himeacht na mblianta, ní raibh fanta ach daoine aosta, iad ar a n-aghaidh féin i gciúnadas Fhó na Crí anois. Tháing an lá nuair a bhí a seal tugtha ag chuile dhuine acu ar an saol seo.
Chuadar chuig garraí an ghainimh ghil i nGoirtín.
Cuireadh na tithe ar an margadh. Mar a tharlaíonn in imeachtaí an tsaoil, glacadh leis an bpraghas ab airde. Daoine as taobh amuigh den cheantar a bhí in ann chuig na praghsanna sin. Sé cinn de na seacht dteach i bhFó na Crí, chuadar isteach i saol na dtithe saoire. Méadaíodh cuid acu – go mór. Ní raibh fanta de phobal Fhó na Crí ach James Mac Donnchadha.
Múchadh an solas an tseachtain seo caite. Cuireadh glas ar an doras, tugadh an gadhar do dhuine a thabharfadh aire dó agus bhásaigh croí an dúchais i bhFó na Crí.
Ach tá pobal eile sa mbaile fearainn anois. Daoine breátha, daoine gnaíúla agus daoine a chuireann le beocht an phobail nuair a bhíonn siad ann. Ni chónaíonn siad go buan i bhFó na Crí, tá dualgas baile agus dualgas oibre orthu pérbí áit arb as dóibh. Murach iad, ní dóigh go lasfaí solas ar bith i bhFó na Crí anois. Murach iad, bhféidir nach mbeadh cuma ná caoi ar chuid de na tithe. Níor cheart go gceilfeadh an maoithneachas an réadúlacht.
Agus céard, go réadúil, a tharla d’Fhó na Crí?
D’fhéadfá fiafraí freisin – céard, go réadúil, a tharla d’oileán Inis Leacan (Cloch na Rón); céard a tharla d’Oileán Máisean agus d’Fhínis (Carna); céard a tharla do Thairbeart (Clochán); céard a tharla d’Inis Treabhair agus d’Inis Bearachain (Leitir Móir)? Bhuel, d’imigh na daoine de réir a chéile. Bhí na bealaí saoil ró-anróiteach, níor fheil na hoileán do shaol an fichiú haois.
Ní hionann, go baileach, é cás na mbailte fearainn mórthíre agus cás na n-oileán, ach tá an rud bunúsach céanna ag tarlú iontu le fada. B’fhéidir gur thug fear a casadh ar Sheosamh Ó Cuaig, agus é ag stocaireacht do thoghchán d’Údarás na Gaeltachta gar d’Fhó na Crí freagra cuimsitheach ar an gceist i gcúpla focal tíriúil. “Shílfeá nach raibh an saol ródhona, tuige ar imíodar?” a d’fhiafraigh Ó Cuaig. Bhreathnaigh fear an Iorrais Bhig amach i dtreo an Atlantaigh. “Ar ndóigh,” a deir seisean, “theastaigh ‘lifestyle’ ceart uathu agus ní féidir é sin a bheith agat ar an dole –it can’t be done.”
Sách ráite. Ach céard é an freagra anois?
Ceist mhór agus ceist nach feasach go bhfuil réiteach uirthi i gcuid mhór bailte fearainn tuaithe, bailte fearainn láidre Gaeltachta ina measc. Fágtar an cheist sin faoi láthair. Scéal thairis anois é i bhFó na Crí.
Go raibh suaimhneas síoraí ag James Mac Donnchadha. Is boichte é Fó na Crí dá uireasa.
Siún
” Sé cinn de na seacht dteach i bhFó na Crí, chuadar isteach i saol na dtithe saoire.”
Dlí an mhargaidh.
Jacko
Grma as an bpíosa breá sin, scéal brónach na ‘réadúlachta’ ar chósta thiar na hÉireann. Luachanna an mhargaidh i réim.
Brian Ó Conchubhair
Sár-alt.
Pádraig O'hEipicín
Ar dheis Dé go raibh a Anam uasal, suaimhneas síoraí Dó.