James Brokenshire éirithe as mar Rúnaí Stáit an Tuaiscirt de bharr drochshláinte

Tuairiscítear go mbeidh an MP do Old Bexley agus Sidcup ag dul faoi scian sna seachtainí romhainn amach

James Brokenshire éirithe as mar Rúnaí Stáit an Tuaiscirt de bharr drochshláinte

Tá Rúnaí Stáit Thuaisceart Éireann i ndiaidh éirí as de bharr drochshláinte.

Thug James Brokenshire, atá ina Rúnaí Stáit don Tuaisceart ó mhí Iúil 2016, le fios go raibh faoi éirí as agus Príomh-Aire na Breataine ar tí atheagar ar a comhaireacht a fhógairt.

Tuairiscítear go mbeidh an MP do Old Bexley agus Sidcup ag dul faoi scian sna seachtainí romhainn amach agus lot ar a scamhóg dheas.

Tá dlúthbhaint ag Brokenshire agus Príomh-Aire na Breataine Theresa May le chéile agus bhí sé ina aire don imirce san Oifig Gnóthaí Baile le linn do May a bheith i bhfeighil ar an oifig sin. Meastar nár bhaol dó an t-atheagar atá le fógairt inniu.

Fágann imeacht Brokenshire go mbeidh Rúnaí Stáit nua ag an Tuaisceart ag pointe an-leochaileach sna hiarrachtaí teacht ar réiteach ar an tsáinn pholaitiúil agus feidhmeannas Stormont a athbhunú.

 

Fág freagra ar 'James Brokenshire éirithe as mar Rúnaí Stáit an Tuaiscirt de bharr drochshláinte'