Jack O’Connor agus Ciarraí ag súil le bua craoibhe don chéad uair ó 2012

Tar éis dó Craobh Mionúr na hÉireann a bhuachan dhá bhliain as a chéile, tá O’Connor anois ag tabhairt aghaidh ar an gCraobh Faoi-21 agus Ciarraí ag cur tús lena fheachtas anocht in aghaidh Thiobraid Árann

Jack O'Connor. INPHO/Ryan Byrne
Jack O’Connor. INPHO/Ryan Byrne

Imreoidh foireann faoi-21 Chiarraí a gcéad chluiche craoibhe faoi cheannas Jack O’Connor anocht agus iad ag tabhairt aghaidh ar Thiobraid Árann i gcluiche ceathrú ceannais na Mumhan i bpáirc Aibhistín de Staic.

Bhí O’Connor mar bhainisteoir ar na foirne mionúr ó Chiarraí a bhuaigh Craobh na hÉireann in 2014 agus in 2015 agus tá naonúr ó na foirne sin mar chuid den fhoireann faoi-21 aige i mbliana.

Thiar in 2008 a bhuaigh peileadóirí Faoi-21 Chiarraí cluiche go deireanach i gCraobh na Mumhan agus níl aon chluiche craoibhe buaite acu ó 2012. Ach is léir go bhfuil meas ar leith ar fhoireann na bliana seo agus iad faoi stiúir O’Connor. Is iad atá mar rogha na coitiantachta ag na geallghlacadóirí chun Craobh na hÉireann a bhuachan in 2016.

Níl ach ceathrar imreoirí, Brian Ó Beaglaoich, Cathal Ó Lúing, Micheál Burns agus captaen na bliana seo Jack Savage, fágtha ó fhoireann na bliana seo caite a chaill in aghaidh Chorcaí i gcluiche leathcheannais an chúige ach cuir san áireamh an rath a bhí ar fhoirne mionúr an chontae, gan trácht ar bhuanna Phobalscoil Chorca Dhuibhne i gCorn Uí Ógáin in 2014 agus 2015, agus tá cuid de na himreoirí óga is fearr sa tír ag Ciarraí faoi láthair.

Shroich Tiobraid Árann cluiche ceannais na hÉireann sa chomórtas seo anuraidh, cluiche a chaill siad in aghaidh Thír Eoghain, ach beidh sé níos deacra acu an sprioc chéanna a bhaint amach i mbliana agus roinnt  imreoirí tábhachtacha in easnamh orthu. Bhí Colin O’Riordan agus Stephen O’Brien ina laochra acu i lár na páirce in 2015 ach ní bheidh teacht ag an mbainisteoir Tommy Toomey ar cheachtar acu.

Dá n-uireasa sin, beidh Tiobraid Árann ag brath ar leithéidí Jimmy Feenham agus Liam Casey, beirt a bhí mar chuid d’fhoireann na bliana seo caite agus a bhuaigh Corn Mhic Shigiúir le Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath an mhí seo caite.

Foireann Chiarraí

1. Eoghan O’Brien (Cnoc na hEaglaise)

2. Brian Ó Beaglaoich (An Ghaeltacht)

3. Cathal Ó Lúing (An Ghaeltacht)

4. Tom O’Sullivan (An Daingean)

5. Brian Sugrue (An Rinn Aird)

6. Andrew Barry (Na Gaeil)

7. Gavin White (Crócaigh Chill Airne)

8. Matthew O’Sullivan (Naomh Micheál-Faill Móir)

9. Greg Horan (Aibhistín de Staic)

10. Brandon Barrett (Ard Fhearta)

11. Micheál Burns (Crócaigh Chill Airne)

12. Brian Ó Seanacháin (Baile Uí Dhonnchú)

13. Tony Brosnan (Crócaigh Chill Airne)

14. Éanna Ó Conchúir (An Ghaeltacht)

15. Jack Savage (C) (Céirín Uí Rathaille)

Foireann Thiobraid Árann

1. Jake McDonald (Tráchtálaí Chluain Meala)

2. Colm O’Shaughnessy (Ard Fhionáin)

3. Jimmy Feehan (C) (Coill an Áil)

4. Danny Owens (Fánaithe na Maoilig)

5. Ross Mulcahy (Fánaithe na Maoilig)

6. Kevin Fahey (Tráchtálaí Chluain Meala)

7. Shane O’Connell (An Gabhailín/Cill Fhiacla)

8. Paul Shanahan (An Teampall Uachtarach/An Drom Bán)

9. Liam Casey (An Chathair)

10. Emmet Moloney (An Drom/An Inse)

11. Jack Kennedy (Tráchtálaí Chluain Meala)

12. Josh Keane (An Gabhailín/Cill Fhiacla)

13. Paul Maher (Cill Síoláin/Cill Chaise)

14. Stephen Quirke (Fánaithe na Maoilig)

15. Tommy Nolan (An Drom/An Inse)