Ísleofar costais bhreosla ar feadh tamaill ach tá stoirmeacha móra eile ag teannadh leis an rialtas

Ní féidir fad ná tionchar chogadh Trump a thuar ach beidh an rialtas lánfhreagrach as dhá ghéarchéim eile atá rompu

Ísleofar costais bhreosla ar feadh tamaill ach tá stoirmeacha móra eile ag teannadh leis an rialtas

Cloistear caint uaireanta ar bhinsí an rialtais agus an fhreasúra sa Dáil a bheadh mar an gcéanna dá mbeadh na cainteoirí ar mhalairt taoibh. Go háirithe más léir comhthuiscint go dteastaíonn cinneadh rialtais de bharr éigeandála.

Dá mbeadh Simon Harris ag labhairt faoin ardú ar chostais bhreosla ó bhinsí an fhreasúra, is dócha go mbeadh moilleadóireacht agus neamhaird ar riachtanas á gcur i leith an rialtais aige. Díreach mar a chuir Pearse Doherty i leith an rialtais sa Dáil Déardaoin.

Dá mbeadh Pearse Doherty ina aire airgeadais, gach seans go mbeadh sé ag cur síos ar an bplean faoisimh atá á réiteach ag airí agus á phlé le cumann na n-iompróirí bóthair. Díreach mar a rinne Harris agus Pearse á fhreagairt aige sa Dáil Déardaoin.

Thug an Tánaiste le fios gur faoiseamh gearrthéarmach ón ardú ar phraghsanna breosla a fhógrófar ionas gur féidir é a athrú más gá tar éis tamaill. Soiléiriú a léirigh an fhadhb is mó: níl ach léargas cinnte amháin ag gach rialtas ar domhan ar an gcogadh idir Meiriceá, Iosrael agus an Iaráin.

Tá fad agus tionchar an chogaidh éiginnte. Fiú dá bhfógródh an tUachtarán Trump a chríoch gan choinne ní fhéadfaí a bheith cinnte go n-éireodh an dá thír eile as an gcomhrac.

Idir an dá linn, léirigh figiúirí a d’eisigh an Bord um Thionóntachtaí Cónaithe (RTB) Déardaoin an chontúirt a bhaineann leis an dlí nua atá i bhfeidhm ó thús na míosa ina leagtar amach na coinníollacha a bhainfidh feasta le ligean tithe agus árasán ar cíos.

Má bhíonn dea-thoradh amach anseo ar an reachtaíocht nua, rachaidh soláthar ionad cónaithe ar cíos i méid. Sa ghearrthéarma áfach, tá a mhalairt á léiriú agus 20,0333 tionónta díbeartha anuraidh – méadú fiche faoin gcéad ar an ráta díbeartha in 2024.

Más ionadaíoch na scéalta a chuala an scríbhneoir seo agus go leor daoine eile ó thús na bliana, tá dlús curtha leis an ráta díbeartha ó shin agus tiarnaí talún ag iarraidh éalú ó na cearta a thugann an dlí nua do thionóntaí.

Chuir figiúirí an Bhoird i gcuimhne do Theachtaí ar an dá thaobh den Dáil go mbeidh praghas daonna agus polaitiúil nach beag le n-íoc sula léireofar tairbhe an dlí nua. Beidh an t-ádh ar an rialtas más léir gur mó an tairbhe ná an díobháil roimh an gcéad olltoghchán eile in 2029 (ar a dheireanaí).

Tugadh léargas ar chontúirt pholaitiúil níos cóngaraí sna freagraí a thug Simon Harris ar cheisteanna a chuir Eoghan Kenny ó Pháirtí an Lucht Oibre. Freagraí a bhain croitheadh as cúlbhinseoirí rialtais a bhí ag súil an mhí seo caite go maolódh cúlú an rialtais maidir le dáileadh cúntóirí riachtanais speisialta sna scoileanna míshuaimhneas i measc tuismitheoirí.

Dúirt Eoghan Kenny, a bhfuil tuiscint iarmhúinteora aige ar an scéal, go raibh go leor tuismitheoirí fós imníoch toisc nach raibh a fhios acu cá mbeadh a bpáistí le riachtanais speisialta ag dul ar scoil sa bhfómhar.

Déanfaidh an rialtas a dhícheall, arsa an Tánaiste leis, chun a dheimhniú go mbeadh na páistí go léir a bhfuil riachtanais speisialta acu ábalta dul ar scoil i mí Mheán Fómhair.

D’fhiafraigh Eoghan Kenny de cúpla uair an mbeadh ionad cuí ar fáil do gach páiste. Dúirt Simon Harris leis go gcuirfí an oiread tacaíochta agus ab fhéidir ar fáil ach nach rabhthas ábalta a rá go mbeadh acmhainní ar fáil de réir éilimh.

Nó, i bhfocail eile, ní raibh an Tánaiste ábalta a rá go mbeadh cúntóir riachtanais ar fáil de réir riachtanais do gach páiste.

Sin ráite, ní beag an méadú ar earcaíocht cúntóirí nua. Thug an Tánaiste le fios go mbeadh 2,200 cúntóir breise ag obair sna scoileanna ó Mheán Fómhair, rud a fhágann go mbeidh beagán le cois 25,000 cúntóir fostaithe ón am sin ar aghaidh.

Níl aon chinnteacht ann áfach nach mbeidh drochfhreastal ar scata páistí, chomh maith le doiléire faoin gcóras faoina mbreithnítear a riachtanais, ina mhór-ábhar conspóide arís sa bhfómhar.

Éiginnteacht – príomhscéal na seachtaine.

Fág freagra ar 'Ísleofar costais bhreosla ar feadh tamaill ach tá stoirmeacha móra eile ag teannadh leis an rialtas'