‘Is tír álainn í ach amháin go dtagann tíortha eile ann le dul i mbun cogaíochta’ – na hAfganastánaigh a theith go hÉirinn

Scéal beirt ar éirigh leo teitheadh go hÉirinn óna dtír dhúchais tar éis d’fhórsaí an iarthair agus na hAfganastáine an áit a fhágáil i lámha an Taliban

‘Is tír álainn í ach amháin go dtagann tíortha eile ann le dul i mbun cogaíochta’ – na hAfganastánaigh a theith go hÉirinn

Tá an tír go hálainn, a deir an fear óg, agus luann sé sléibhte ársa an Hindu Kush. Aontaíonn a chomrádaí, atá níos sine, leis. Is tír álainn í, a deir sé, cinnte, ach amháin go dtagann tíortha eile ann le dul i mbun cogaíochta. Ag caint faoina dtír dhúchais, an Afganastáin, a bhí an bheirt.

Tá Éire go hálainn freisin, a deir an duine is sine agus meangadh air. Is beag atá feicthe acu den tír seo fós mar níl siad i bhfad anseo, ach tá an fharraige feicthe acu, rud a chuir iontas agus gliondar orthu – tír gan aon chósta í an Afganastáin.

Is ag fanacht i dtithe éagsúla atá an bheirt le roinnt seachtainí anuas ó d’éirigh leo teitheadh óna dtír dhúchais tar éis d’fhórsaí an iarthair agus na hAfganastáine an áit a fhágáil i lámha an Taliban.

Tá céim ag an duine is óige den bheirt agus, go dtí mí Lúnasa seo caite, d’oibrigh sé in oifig comhlachta in gCabúl, príomhchathair na tíre. Nuair a tháinig an Taliban, ghabhadar a raibh de threalamh agus uile san oifig agus chuireadar an ruaig ar chuile dhuine a bhí ag obair san áit agus dhúnadar í.

Bhíodh an fear óg ina chónaí lena mhuintir amuigh faoin tuath, áit a bhfuil a athair ina fheirmeoir beag ag tógáil caorach agus ag cur barraí agus glasraí. Anois tá sé ag fanacht go sealadach le lánúin phósta in Éirinn.

An Pheirsis teanga dhúchais an fhir óig. Is Moslamach é a chleachtann a chreideamh, agus caitheann sé tréimhsí chuile lá ag guí. Ní bhlaiseann sé de dheochanna meisciúla.

Fear séimh, lách, gealgháireach é. Is duine cliste, meabhrach é freisin agus, cé nach ndearna sé staidéar ar an mBéarla ar scoil, tá sé in ann roinnt den teanga sin a labhairt agus cuid mhaith de a thuiscint agus ba mhaith leis feabhas a chur ar an méid atá aige. Chuige sin, bíonn fear an tí ag tabhairt corrcheacht Béarla dó.

Bhíodh sé de nós ag an lánúin breathnú ar an nuacht teilifíse um thráthnóna le linn dóibh a bheith ag ithe a ndinnéir. Anois agus an fear óg ag ithe ina dteannta bíonn leisce orthu an nuacht a chur ar siúl. Ní fios cén drochscéal faoin Afganastáin a thiocfadh chun cinn.

Ní hé go bhfuil an fear óg aineolach ar an méid atá ag titim amach sa mbaile. Tá fón cliste aige agus bíonn sé i dteagmháil lena mhuintir, ag labhairt leo ar fhísghlaonna.

Ach is deacair na drochscéalta nuachta a sheachaint agus gorta ag bagairt ar an tír. Tá rabhadh tugtha ag an gClár Domhanda Bia (The World Food Programme nó an WFP) go bhfuil an ghéarchéim ag treisiú san Afganastáin agus go bhfuil gorta i ndán do 23 milliún de mhuintir na tíre sin (as daonra de 40 milliún, de réir mheastacháin na Náisiún Aontaithe).

Agus é ag labhairt ar an mBBC mí na Samhna, bhí an tuairisceoir John Simpson, a bhfuil taithí na mblianta aige san Afganastáin, chomh corraithe sin go raibh na deora leis agus é ag cur síos ar an gcaoi ina bhfuil rudaí sa tír sin.

D’inis Simpson faoi bhaintreach a bhí beo bocht agus seachtar clainne uirthi a dhíol an méid a bhí aici ar bheagán dollar le go bhféadfadh siad taisteal 300-400 ciliméadar ó dheas ag ceapadh go bhfaigheadh sí obair ag baint fhataí ach ní raibh aon obair ar fáil. Agus Simpson ag tuairisciú, bhí an bhean sin agus a clann ina gcónaí i bpuball.

Ní raibh rudaí go huafásach dona fós, a dúirt Simpson, ach bhí gorta tubaisteach ar leic an dorais. Ní chabhraíonn sé ach oiread go raibh drochthriomach sa tír i mbliana.

Ag labhairt dó ar an News at One ar RTÉ Raidió 1 an lá céanna, dúirt Simpson dá mbeadh an toil ann go bhféadfadh rialtais agus lucht an airgid timpeall an domhain gníomhú chun uair na cinniúna a sheachaint.

Níl raibh ord ná eagar ar an Taliban, a dúirt sé, agus ní raibh ar a gcumas bia a dháileadh. Ach creideann sé go gceadódh siad d’eagraíochtaí idirnáisiúnta cabhair dhaonnúil a chur ar fáil.

Ó am go ham tugann fear óg na hAfganastáine blúiríní eolais uaidh. Nuair a tháinig an Taliban, chuireadar péint bhán ar na ballaí chun aon phictiúr nó múrmhaisiú a bhí orthu a chlúdach. Níl léamh ná scríobh ag cuid acu. B’éigean dá dheirfiúr a post a fhágáil nuair a tháinig an Taliban i réim.

Níl cumhacht aibhléise ar fáil ach ar feadh trí uair an chloig in aghaidh an lae in áiteanna. Níl aon phá faighte ag fear a bhíodh ina ollamh san ollscoil in gCabúl ó mhí Lúnasa seo caite agus tá sé ag brath ar fheirmeoir le bia a sholáthar dá theaghlach. Mar íocaíocht ar an mbia, cuireann sé ranganna ar fáil, ach is faoi cheilt ón Taliban atá na ranganna sin mar is iad clann iníonacha an fheirmeora atá á múineadh aige.

Le gairid, cuireadh leabhrán téagartha fógraíochta ó cheann de na hollmhargaí móra trí bhosca litreach an tí ina bhfuil fear óg na hAfganastáine ag fanacht. ‘More for Everyone this Christmas’ a bhí scríofa ar an gclúdach. Bhí an leabhrán lán le grianghraif de chuile chineál bia agus dí don Nollaig. Ar dtús cheap fear an tí gur áis iontach a bheadh anseo le focail nua i mBéarla a mhúineadh don fhear óg. Ach ansin chinn sé gan an leabhrán a úsáid. Ní aireodh sé ceart a bheith ag breathnú ar phictiúir dá leithéid agus tubaiste an ghorta ag bagairt ar thír dhúchais an fhir óig.

Anois is cosúil go bhfuil an t-uafás a bhí á thuar ag Simpson ag tús na míosa seo caite tagtha i gcrích. Ag labhairt di ar an News at One an 15 Nollaig thug Mary-Ellen McGroarty ón gClár Domhanda Bia léargas lom, scanrúil ar stad na tíre.

Bhí sé ag cur sneachta i gCabúl agus í ag labhairt agus bhí costas an bhreosla ardaithe go mór le tamall anuas. Bhí praghas an bhia ardaithe suas le 20% le roinnt laethanta anuas. Is ar éigean go bhfuil go leor daoine in ann íoc as an arán anois, a dúirt sí. Bhí fir feicthe aici ag cuartú bia sna cannaí bruscar.

Bhí na hospidéil in Kandahar i ndeisceart na tíre lán, triúr páistí i chuile leaba agus iad ag fulaingt de bharr an mhíchothaithe.

Tá an geilleagar tite as a chéile agus an mheánaicme buailte go dona, a dúirt sí. Níl postanna ann a thuilleadh.

Tá go leor ban curtha as a gcuid post agus i go leor cásanna ba iad na mná sin is mó a bhí ag tuilleamh airgid dá gcuid teaghlach. Tá na feirmeoirí thíos leis freisin mar gheall ar an triomach.

Dá mbeadh $220 milliún dollar ar fáil in aghaidh na míosa d’fhéadfaí bia a sholáthar don daonra atá i mbaol, a dúirt Mary-Ellen McGroarty. Shábháladh $100 duine amháin ón ngorta ar feadh bliana. Dála John Simpson, creideann sí nach bhfuil ar chumas an Taliban bia a dháileadh, ach tá súil aici go dtuigeann siad cé chomh dona is atá cúrsaí agus go mbeadh siad sásta seasamh ar leataobh le go bhféadadh dreamanna eile sin a dhéanamh.

Ach ní leor dul i ngleic leis an ngéarchéim maidir le bia amháin, a dúirt McGroarty. Is gá tacú leis an ngeilleagar go fadtéarmach sa chaoi is gur féidir an t-oideachas agus seirbhísí eile a chosaint.

Ní raibh fear óg na hAfganastáine ach ina ghasúr nuair a díbríodh an Taliban as an tír 20 bliain ó shin. An bhfuil sé buartha faoin méid atá i ndán dá mhuintir agus dá thír? An bhfuil sé dóchasach go mbeidh sé in ann filleadh abhaile am éigin amach anseo agus slí bheatha a bhaint amach dó féin? Is ceisteanna iad sin a bhfuil leisce ar an lánúin a chur air.

Fág freagra ar '‘Is tír álainn í ach amháin go dtagann tíortha eile ann le dul i mbun cogaíochta’ – na hAfganastánaigh a theith go hÉirinn'