‘Is tábhachtaí dom féiniúlacht na Gaeilge ná an tíreolas’ – ag fágáil slán ag na sinsir ar son Na Gaeil Óga

Tá físeán nua seolta ar líne ag cumann lán-Ghaeilge Bhaile Átha Cliath, Na Gaeil Óga, ina labhraíonn iar-imreoir idirchontae faoi céard a mheall é chun imirt leosan seachas le foireann a raibh deis aici Craobh Shinsir Iomána a bhuachan

‘Is tábhachtaí dom féiniúlacht na Gaeilge ná an tíreolas’ – ag fágáil slán ag na sinsir ar son Na Gaeil Óga

Tá físeán curtha amach ag Na Gaeil Óga ina míníonn Pádraig Ó Fearghail, iar-imreoir idirchontae, an chúis ar thug sé cúl le foireann a raibh deis acu Craobh Shinsir Iomána a bhuachan i Loch Garman chun imirt don chlub lán-Ghaeilge i gcathair Bhaile Átha Cliath.

Is as an Tóchar i gCill Mhantáin do Phádraig agus chaith sé 15 bliain ag imirt le Naomh Aodán i bhFearna i Loch Garman. D’imir sé faoi aois do Loch Garman agus le sinsir Chill Mhantáin. Bhí Ó Fearghail ina dhlúthchuid d’fhoireann Fhearna a bhuaigh craobh idirmheánach an chontae in 2007 agus den fhoireann a d’imir i gcluiche ceannais sinsir an chontae in 2013.

Ag labhairt dó san fhíseán nua faoin gcúis ar chinn sé aistriú chuig Na Gaeil Óga, deir Ó Fearghail: “Gach aon chlub CLG sa tír, bíonn féiniúlacht ann ach is féiniúlacht bunaithe ar an dtíreolas a bhíonn i gceist, leis Na Gaeil Óga bíonn an fhéiniúlacht sin bunaithe ar an nGaeilge agus tá sin níos tábhachtaí domsa.”

“Is ábhar misnigh é dúinn go n-aithníonn imreoirí cosúil le Pádraig agus Rónán [Mac Niallais as Gaoth Dobhair] an tábhacht atá le hobair Na Gaeil Óga. Táimid ag cruthú samhail do phobal teanga le Na Gaeil Óga. Feicimid cheana féin fás rábach na nGaelchlubanna i mBéal Feirste agus i nGaillimh agus is cinnte nach fada uainn tuilleadh clubanna. Amach anseo nuair a bheidh caoga Gaelchlub timpeall na tíre is cinnte go mbreathnófar siar ar leithéidí Phádráig agus Rónáin mar cheannródaithe teanga a thug misneach agus muinín do chainteoirí Gaeilge ardchaighdeán a bhaint amach sa spórt agus pobail bhríomhara a bhunú”.

Fág freagra ar '‘Is tábhachtaí dom féiniúlacht na Gaeilge ná an tíreolas’ – ag fágáil slán ag na sinsir ar son Na Gaeil Óga'