Is mór an trua ná leanfadh cláir eile TG4 lorg Corp agus Anam

Le carachtair théagartha, aisteoireacht den scoth agus caighdeáin léiriúcháin arda, d'éirigh le Corp agus Anam moladh a fháil ó mheáin dhoiceallacha, chlaonta an Bhéarla, fiú agus é i nGaeilge amháin!

Maria Doyle Kennedy- Corp + Anam - Mairéad Caravan

Tháinig Corp + Anam (TG4, Déardaoin) é féin chun críche an tseachtain seo. Faoi mar atá ráite agam cheana féin, tá an tsraith seo ar cheann de bhuaicphointí na drámaíochta telifíse in 2014 ( i mBéarla nó i nGaeilge) agus buanaíodh an tuairim seo sa ghála deireanach.

Cé nach bhfuil an táirge seo gan locht – táthar ag brath an iomarca ar choincheap seanchaite an haic agus ag feiscint púcaí ar fud na mball – is clochmhíle é do dhrámaíocht teilifíse na Gaeilge.

Le carachtair théagartha, aisteoireacht den scoth agus caighdeáin léiriúcháin arda, d’éirigh leis an táirge seo moladh a fháil ó mheáin dhoiceallacha, chlaonta an Bhéarla, fiú, agus is gaisce ann féin é sin.

Ba é caighdeán na haisteoireachta is mó a chuaigh i bhfeidhm orm ó thús deireadh le Sinéad Ní Fhlatharta, Colm Joe Mac Donncha, Dónall Ó Héalaí, Fionnuala Ní Fhlaithearta agus an ceann feadhain é féin Diarmaid de Faoite ár gcur faoi gheasa.

Tugadh an deis do de Faoite sa chlár deireanach a léiriú arís eile gurb é duine de na haisteoirí is cumasaí in Éirinn, in aon teanga. Bhí Sinéad Ní Fhlatharta í féin ar fheabhas agus a carachtar i ndeireadh na feide.

Tá an-mholadh tuillte ag an gclár as an gcúram a deineadh den Ghaeilge. Mhínigh Mac an Iomaire a dhearcadh i leith na Gaeilge in agallamh le tuairisc.ie le deanaí agus is mór an trua ná leanfadh cláir eile a lorg.

Fágadh go leor snáitheanna ar foluain ag an deireadh le cinntiú go mbeidh an tríú sraith ann. Anois an t-am ag lucht na bpinginí luí amach orthu féin agus a chinntiú go gcuirfear na hacmhainní ar fáil le gur féidir níos mó cláracha a sholáthar sa chéad sraith eile.

Thabharfadh seo an struchtúr níos congaraí don dea-chleactas idirnáisiúnta agus thabharfaí breis scóip do Mhac an Iomaire agus a chomhghuaillithe a bhfís shainiúil a chur os ár gcomhair.

Scéal mhadra na n-ocht gcos á insint ag píobaire an aon phoirt ó Shamhain go Bealtaine. The Fall (RTÉ 1, Dé Céadaoin) – deirimse castróvaics leat.

Cuireadh tús maith leis an saothar seo i Sraith 1 ach an botún do-mhaite a deineadh ná nár tuigeadh cén uair an scéal a thabhairt chun críche in am tráth.

D’fhág sin coiscéim bhacaí dhosháraithe sa táirge, i Sraith 2 go háirithe.

Mar thubaiste ar mhuin tubaiste, deineadh an cinneadh gur gála dhá uair an chloig a bheadh againn mar bhuille scoir.

Leantar leis an iarracht scéinséir aigneolaíoch a chur os ár gcomhair agus bhí an comhrac beirte, a mhair tuairim is deich nóiméad, idir Stella agus Paul in ainm is a bheith ina bhuaicphointe.

Cé go raibh a radharc mealltach ar uairibh, bhí a sháith fé de dhríodar cainte ann chomh maith. Faoi mar atá ráite cheana agam, is ceann feadhna cumasach í Gillian Anderson agus ní raibh barr cleite isteach ná bun cleite amach ina taispeántas ó thús deireadh.

Bhí Dornan é féin os cionn a bhuille cé go gcuaigh a charachtar amach ón gcairt. Aisteoireacht chumasach ón gcliar ina iomláine agus caighdeáin léiriúcháin arda ach an cinneadh ait, tromchúiseach déanta gan an táirge a thabhairt chun críche in am tráth.