Tráth a bhfuil cinsireacht agus ‘malairt fíricí’ á neadú go teann san dioscúrsa poiblí sa mhullach ar fhoréigean, bhí tacaíocht an Phápa nua do shaoirse iriseoireachta agus do thóraithe na fírinne tráthúil agus tábhachtach.
Ba mhór an ní é gur thug sé faoin gceist achrannach seo chomh luath sin ina réimeas san Vatacáin. Tá dúshláin as cuimse le sárú ach slat tomhais ar neart na n-ionsaithe ar shaoirse iriseoireachta ab ea an tosaíocht a tugadh di. Maidin Dé Luain labhair an Papa Leo XIV leis na mílte ionadaithe ó na meáin chumarsáide i Halla an Phápa Pól VI . Dhearbhaigh sé dlúthpháirtíocht na hEaglaise Caitlicí leis na hiriseoirí a cuireadh i bpríosún san éagóir chun iad a chur ina dtost. D’éiligh sé go saorfaí ó ghéibheann iad.
Ag tagairt go sonrach do chomhfhreagraithe cogaidh, ‘na fínnéithe a dhéanann a gcuid oibre d’ainneoin na contúirte’ thug sé aitheantas dá gcrógacht. Ba mhór ag an Eaglais, ar sé, go gcosnaíonn siad an chóir agus ceart an phobail a bheith ar an eolas ionas gur féidir le duine rogha fheasach a dhéanamh.
‘Is gá bua luachmhar na saoirse cainte agus an phreasa a chosaint’ – An Pápa
Chomh maith leis na sluaite iriseoirí a maraíodh i Gaza, sa tSúdáin, Maenmar agus láithreacha cogaidh eile, tá na céadta iriseoirí i bpríosún gan d’údar leis ach nár mhian le lucht cumhachta go nochtfaí an fhírinne. De réir tuairisce ó RSF, Tuairisceoirí gan Teorainneacha, bhí os cionn 560 iriseoir i ngéibheann ar fud na cruinne ag tús na bliana seo. Ba é breithiúnas an Phápa gur dhúshlán é a ngábh do choinsias an phobail idirnáisiúnta; ní mór bua luachmhar na saoirse cainte agus saoirse an phreasa a chosaint, a dúirt sé.
Ba léir go raibh na cogaí ar fud na cruinne ag déanamh tinnis don bPápa agus leag se béim arís ar an tsíocháin. An mhaidin chéanna ghlaoigh sé ar Uachtarán na hÚcráine, Vlodomyr Zelensky agus rinne sé achainí go mbeadh sos cogaidh idir Iosrael agus Gaza agus go gcuirfeadh Benyamin Netanyahu stop leis an mbac ar bhia, uisce agus cabhair leighis do mhuintir Gaza. Ina aitheasc don 6,000 de lucht na meán a bhí bailithe, mhol sé cumarsáid ar son na síochána.
D’iarr sé orthu an t-eiteachas a thabhairt do bhriathra agus íomhánna trodacha agus rinne sé athrá ar chaint an Phápa Proinsias a d’iarr go ndéanfaí dí-armáil ar chlaontacht, spídiúlacht agus fuath.
Chaithfí fáiltiú roimh an tacaíocht. Ba mhaith ann í, go háirithe i gcomhthéacs an lae inniu. Tá údarás morálta taobh thiar di – dóibh sin ar mian leo éisteacht. I bhfianaise bodhaire lucht cumhachta nach gcloiseann ach an rud a fheileann dóibh féin ní leor briathra. Ni léir gur thug leasUachtarán Mheiriceá, JD Vance mórán airde ar an gceartú a rinne an Pápa Proinsias (agus an Cairdinéal Prevost mar a tharla) ar a shainmhíniú féinchúiseach ar charthanacht.
An bhfuil céimeanna nithiúla is féidir leis an bPápa a ghlacadh? Cuairt ar iriseoir atá i bpríosún cuir i gcás – beart atá molta ag RSF?
An bhféadfadh stát ina bhfuil iriseoir i bpríosún diúltú d’iarratas ón bPápa a dhul ar chuairt? Mhol RSF freisin go bhféadfadh Cairdinéil atá anois ag filleadh ón Róimh cuairt a thabhairt ar iriseoirí atá i bpríosún ina dtíortha féin. N’fheadar an bhféadfaí tabhairt faoi sa tSín, cuir i gcás nó in Iosrael? Is cinnte go dtarraingeodh na hiarratais ar chead cuarta aird ar an éagóir agus níor bheag sin.
Beidh feachtas láidir, le briathar agus le gníomh, de dhíth ón bPápa Leo XIV.
Fág freagra ar 'Is mór an ní tacaíocht an Phápa nua don tsaoirse iriseoireachta'