‘Is mór an faoiseamh é’ – fáilte curtha ag coláistí samhraidh roimh phacáiste cúitimh

Deir CONCOS gur chóir go mbeadh pacáiste ann d’earnáil na gcoláistí samhraidh go dtiocfaidh siad ‘slán’ ón ngéarchéim

‘Is mór an faoiseamh é’ – fáilte curtha ag coláistí samhraidh roimh phacáiste cúitimh

Tá fáilte curtha ag coláistí samhraidh agus mná tí roimh an bhfógra go mbeidh €4.73 milliún á íoc leo mar chúiteamh ar chur ar ceal chúrsaí na bliana seo.

Faoin socrú “aon uaire” íocfar €3.1 milliún le húdaráis an 42 coláiste samhraidh “le cur ar a gcumas táillí/éarlaisí a aisíoc le tuismitheoirí” agus cuirfear €1.6m ar fáil don 700 teaghlach Gaeltachta a chuireann lóistín ar fáil do na scoláirí.

D’fhógair an Seanadóir Seán Kyne, Aire Stáit na Gaeilge, na Gaeltachta, an pacáiste cúitimh sin d’earnáil na gcoláistí Gaeilge tráthnóna inné.

Dúirt Máire Denvir go raibh CONCOS, an eagraíocht a dhéanannn ionadaíocht ar na coláistí samhraidh, ag súil go gcinnteodh an pacáiste seo go dtiocfadh earnáil na gcoláistí samhraidh “slán” ón ghéarchéim.

“Bhí plé fada idir CONCOS agus an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Fuair muid go leor tacaíochta ó Theachtaí Dála éagsúla agus bhí an-chomhoibriú againn leis an Aire Stáit Seán Kyne, a tháinig chuig an mbord láithreach.

“Próiseas fada a bhí ann. Tá muid tugtha traochta ag an bpointe seo agus tá muid sásta anois go bhfuil sé tagtha chun críche. Creideann muid gurb iad na coláistí samhraidh an tionscadal is mó sa Ghaeltacht agus gurb é an togra Gaeilge is fiúntaí agus is suntasaí sa tír. Tá súil againn go gcinnteoidh an pacáiste seo go dtiocfaidh earnáil na gcoláistí samhraidh slán.”

Dúirt Coilín Ó Domhnaill, duine de stiúrthóirí Choláiste Chiaráin ar an Cheathrú Rua i gConamara gur léiriú an pacáiste cúitimh go bhfuil “tuiscint” ag Roinn na Gaeltachta ar thábhacht na gcoláistí samhraidh agus ar thábhacht na Gaeltachta.

“Tá mé cinnte go bhfáilteoidh na mná tí nach mbeidh scoláirí acu i mbliana roimh an bpacáiste freisin agus go mbeidh siad fós in ann na tithe a choinneáil in oiriúint do na scoláirí an bhliain seo chugainn.

“Go hiondúil bíonn suas le 75-100% den éarlais €200 caite ag coláistí i bhfad roimh thús na gcúrsaí agus íoctar na costaisí eile amach as an bhfuílleach den táille. Ní cheapaim go gclúdóidh sé na costaistí ar fad, ach is cabhair é go mbeadh na coláistí in ann déileáil le haisíocaíochtaí agus na tuismitheoirí a choinneáil sásta.

“Tá cailteachas mór i gceist ag na mná tí ó thaobh an airgid a íocann na coláistí leo agus an t-airgead a íocann Roinn na Gaeltachta leo, ach is aitheantas éigin dóibh é. Beidh siad thíos leis ach is cabhair dóibh é, go speisialta iad siúd a chaith airgead mór ar fhearais, ar leapacha agus eile,” arsa Cóilín Ó Domhnaill ó Choláiste Chiaráin.

Dúirt Máiread Uí Mheachair, bean as an gCeathrú Rua atá ag coinneáil scoláirí le 32 bliain anuas, gur cúis “faoisimh” an pacáiste atá fógartha ach go raibh seans ann go mbeadh díomá ar roinnt ban tí nach mbeadh ach €4.00 in aghaidh an dalta in aghaidh na hoíche ar fáil.

Fág freagra ar '‘Is mór an faoiseamh é’ – fáilte curtha ag coláistí samhraidh roimh phacáiste cúitimh'