€4.7 milliún le híoc mar chúiteamh le coláistí samhraidh agus mná tí

Íocfar €3.1 milliún le húdaráis an 42 coláiste samhraidh agus cuirfear €1.6 milliún ar fáil do na mná tí

€4.7 milliún le híoc mar chúiteamh le coláistí samhraidh agus mná tí

Tá €4.73 milliún le híoc le coláistí samhraidh agus mná tí na Gaeltachta mar chúiteamh ar chur ar ceal chúrsaí na bliana seo.

D’fhógair an Seanadóir Seán Kyne, Aire Stáit na Gaeilge, na Gaeltachta, an pacáiste cúitimh sin d’earnáil na gcoláistí Gaeilge tráthnóna.

Dúradh i ráiteas ó Roinn na Gaeltachta go raibh an cúiteamh á íoc “chun inmharthanacht leanúnach na hearnála a chinntiú”.

Faoin socrú “aon uaire” íocfar €3.1 milliún le húdaráis an 42 coláiste samhraidh “le cur ar a gcumas táillí/éarlais a aisíoc le tuismitheoirí” agus cuirfear €1.6m ar fáil don 700 teaghlach Gaeltachta a chuireann lóistín ar fáil do na scoláirí.

Íocfar €4 in aghaidh an dalta in aghaidh na hoíche leis na mná tí, i gcomparáid leis an €10 á íocann an Roinn de ghnáth leo nuair a bhíonn scoláirí acu.

Íocfar leis na coláistí samhraidh féin 15% de na táillí a bheadh acu ó scoláirí.

Dúirt an tAire Stáit Seán Kyne:

“Tuigim go maith na dúshláin ar leith atá roimh na pobail Ghaeltachta de bharr chinneadh na Roinne nach reáchtálfaí aon chúrsa foghlama Gaeilge sa Ghaeltacht an samhradh seo.

“Tá tionscnamh cobhsaithe ar fiú €4.7m é á fhógairt agam inniu chun an earnáil a chobhsú ar bhealach a thugann aitheantas don tairbhe a bhaineann leis an gcóras faoina dtugtar  deiseanna sealbhaithe agus saibhrithe teanga taobh amuigh den seomra ranga do 26,000 scoláire gach bliain.”

Dúirt Kyne gur fiú €50 milliúin an tionscal do cheantair Ghaeltachta ar fud na tíre agus gur foinse luachmhar ioncaim é don 700 teaghlach sa Ghaeltacht a chuireann lóistín ar fáil dóibh. Dúirt sé go ndéanann na coláistí leas na Gaeltachta agus phobal na Gaeltachta gach samhradh.

“Ar an mbunús seo agus ar mhaithe le hinmharthanacht leanúnach na hearnála a chinntiú oiread is féidir, i gcomhthéacs leas níos leithne na teanga, tá áthas orm a bheith in ann an tionscnamh cobhsaithe seo a chur ar fáil a ndéanfar a mhaoiniú as acmhainní reatha na Roinne faoi  Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga na Roinne.”

Ní mór do na mná tí agus na coláistí iarratas a dhéanamh ar an gcúiteamh ar fhoirm ar leith agus caithfidh mná tí geallúint a thabhairt go mbeidh siad sásta scoláirí samhraidh a choinneáil in 2021. Caithfidh iarratas na mban tí a bheith dearbhaithe ag an gcoláiste lena mbaineann siad agus geallann an Roinn go n-íocfar leath den chúiteamh leis na coláistí taobh istigh de choicís tar éis iarratas bailí a bheith faighte ag an Roinn.

Fág freagra ar '€4.7 milliún le híoc mar chúiteamh le coláistí samhraidh agus mná tí'