Mar is dual do phleananna oideachais tá na sonraíochtaí Gaeilge is déanaí uaillmhianach go maith ó thaobh aidhmeanna oideachais.
Ní hamháin gur “forbairt, saibhriú agus buanú scileanna teanga” is aidhm don chúrsa nua don chainteoir dúchais, ach is aidhm dó go gcuirfeadh na déagóirí aithne ar “bheochultúr na Gaeilge” agus go mbeadh ar a gcumas “deiseanna úsáide teanga a thapú mar bhall gníomhach den phobal teanga” agus iad ag comhoibriú le grúpaí pobail áitiúla.
Aisteach go leor is laghdú atá i gceist ar an marc don chomhrá Gaeilge.
Aithnítear chomh maith gur mór an cuidiú foghlaim na Gaeilge agus ábhair eile á bhfoghlaim agus cultúir eile á dtuiscint.
Cuirfear 180 uair an chloig d’am ranga ar fáil do dhaltaí – thart ar cheithre rang 40 nóiméad sa tseachtain ar feadh dhá bhliain.
Is fada an lá daoine ag casaoid faoin bhfaillí agus an dochar a dhéanann cúrsa Gaeilge na hArdteiste do chainteoirí dúchais is líofa. Más go mall féin é, seo chugainn anois cúrsa atá dírithe go sonrach (nó go sonraíochtúil) ar na Gaeilgeoirí sin agus T1 brandáilte air.
Aithnítear ann buanna na litríochta mar scáthán ar chultúr na tíre agus chun leasa ‘forás pearsanta’ an dalta. Chuige sin beidh ról tábhachtach ag an dalta féin i roghnú na dtéacsanna.
Cén dúshlán is forás a bheidh i ndán don chainteoir dúchais ó thaobh litríocht na hArdteiste?
Ochtar filí, sé dhán an duine, 48 dán. 20 úrscéal, naoi ndráma agus ocht scannán – ceann amháin díobh a staidéar go mion agus trí cinn eile le déanamh mar staidéar comparáideach.
Nach iontach an biseach ar an gcainteoir dúchais an staidéar comparáideach sin ar sheánraí éagsúla agus ar an sean is an nua? Nach iontach an léargas a thabharfaidh sin go léir don dalta air féin agus ar an saol, ní áirím an saibhreas teanga is canúna a chasfas leis?
Faraor is é an cainteoir dúchais Béarla a bhainfeas tairbhe as an stór cruthaitheachta, smaointeoireachta is foclaíochta sin.
An cainteoir dúchais Gaeilge bocht ní bheidh aige ach ocht gcinn de dhánta, trí cinn le cois an méid a bheas ag an bhfoghlaimeoir.
Is beag earra is fairsinge sa teanga sin againne ná filíocht agus is mairg a shéanfadh nach cuid den “bheochultúr” í agus is tútach an té a dhéanfadh ciondáil uirthi.
Déanfar staidéar chomh maith ar phéire de na trí sheánra seo – dráma, téacs físe nó dhá ghearrscéal. Beidh ar an dalta líofa seo ceann amháin acu seo a staidéar chomh maith – úrscéal, cnuasach gearrscéalta, beathaisnéis nó saothar béaloidis.
Ní fheicimse aon difríocht idir an cainteoir dúchais Gaeilge agus an cainteoir dúchais Béarla ó thaobh cumais, riachtanais ná acmhainn.
Murach go raibh an Roinn Oideachais agus a cuid siollabas iarbhunscoile dírithe go hiomlán ar an bhfoghlaimeoir ó bunaíodh an stát seo (más go hearráideach féin é), bheadh cúrsa Gaeilge na hArdteiste ag freastal ar an gcainteoir líofa chomh maith leis an bhfoghlaimeoir. Amhail an gobadán bocht is amhlaidh nach bhfuair ceachtar dream a gceart agus cumas Gaeilge is cumarsáide an dá dhream a d’íoc as agus a íocfas fós as faoin réimeas nua seo.
Téann sé ó mheabhair ormsa aon difríocht a fheiceáil sna dréachtsonraíochtaí atá foilsithe idir an stór litríochta a bheidh á staidéar ag an nGaeilgeoir dúchais agus ag an bhfoghlaimeoir cé is moite de thrí dhán nó amhrán breise leis an bhfile céanna ag an gcainteoir dúchais. Mura bhfuil dúshlán agus forbairt bhreise ann don chainteoir dúchais céard faoi an chaint go léir, nó an mó an torann ná an olann?
Ar ndóigh bheifeá ag súil gur mór idir rang Gaeilge do chainteoirí dúchais agus d’fhoghlaimeoirí agus is cosúil gur ansin agus sa measúnú sa scrúdú Ardteiste a bheidh an difríocht le feiceáil agus níl ceachtar acu sin tomhaiste fós.
Agus cúrsa ceart teanga á éileamh agam do chainteoirí dúchais le blianta fada, leathcheann scrúdú Béarla na hArdteiste a bhíodh á shantú agam agus is mór idir é sin agus an dréachtsonraíocht T1 seo.
An cheist is mó a chuirtear ormsa, an mbeidh marcanna breise le fáil as ‘cúrsa’ níos dúshlánaí a dhéanamh? Níl an cinneadh sin déanta fós ag an Roinn, ach is léir go bhfuil doicheall idé-eolaíoch éigin acu roimh buntáiste dá leithéid a thabhairt sa chás seo.
An milleánfá an cainteoir paiteanta a déarfadh leis féin agus leis an oide Gaeilge ‘déanfaidh mé Scrúdú T2 ar bheagán dua agus déanfaidh mé obair bhreise don Mhatamaitic mar a gcúiteofar mo chuid allais liom le pointí bónais’?
Ar ndóigh b’fhéidir gur obair bhreise sa mBéarla a d’fheilfeadh an cainteoir dúchais Gaeilge.
Aon duine a bhí ag súil le réabhlóid sa dearcadh atá ar theagasc na Gaeilge, ní bhfaighidh siad sa gcáipéis seo é ná sa gceann d’fhoghlaimeoirí ach oiread léi.
Ní bheadh mórán de bharúil agam go mbeidh aon róghlaoch ar an tSonraíocht T1 gan marcanna bónais a bheith mar chúiteamh léi ach i bhfad níos truamhéalaí is beag forás a chuirfidh sí ar an gcainteoir dúchais.
‘Breathnaigh an tsonraíocht atá air!’ a deirtí fadó faoi dhuine nó rud éigin nach raibh ‘shape ná make’ air.
Mar sin, is maith a fheileann an tseanchiall s’againn féin i gConamara den fhocal ‘sonraíocht’ sa gcás seo. Níl aon dabht ann ach go bhfuil an-sonraíocht ar an gcúrsa nua Ardteiste seo!
Ba chóir do chuile dhuine ar suim leo an teanga agus an t-oideachas a dtuairimí a chur in iúl.
Fág freagra ar 'Is mó torann ná olann atá i gcúrsa nua Gaeilge na hArdteiste'