Is maith is cuimhin liom ar an chéad uair ar toghadh mé ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe…

Cuid dhílis den gheamaireacht pholaitíochta a bhíodh i margáil faoi cheannas na Comhairle

Is maith is cuimhin liom ar an chéad uair ar toghadh mé ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe…

Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Is cosúil gur ordaigh Fine Gael dá gcuid iarrthóirí sna toghcháin áitiúla gan aon socrú a dhéanamh le Sinn Féin faoi cheannas ar Chomhairle Contae ná ar Chomhairle Cathrach nuair a bheadh na vótaí comhartha. Is deacair liom sin a thuiscint mar gur chuid dhílis den gheamaireacht pholaitíochta a bhíodh i margáil den sórt sin le fada an lá.

Shantaíodh Comhairleoirí ceannas le go gcuirfí ar choistí iad agus is beag Comhairleoir nach mbíodh ag tnúth le seans ar phost an Mhéara bliain éigin de thréimhse na Comhairle.

Is maith is cuimhin liom an chaoi ar tharla cúrsaí an chéad uair ar toghadh mé ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe. Dúirt Fianna Fáil eatarthu féin nárbh fhiú a bheith ag caint liom faoi chomhaontas de chineál ar bith mar nach dtabharfainn aon aird orthu. Bhí dul amú orthu mar gur mhar a chéile liomsa Fianna Fáil agus Fine Gael agus is ea fós.

Sa teach liom féin sa mbaile a bhí mé nuair a tháinig an glaoch teileafóin ó Fhine Gael.

‘Tá muid ag iarraidh comhaontas a chur le chéile,’ a dúirt mo dhuine, ‘le ceannas a fháil ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe. Ba mhaith linn labhairt leat.’

‘Cén uair?’ a deirimse.

‘Tá beirt ar a mbealach siar cheana féin,’ a dúirt sé, ‘má bhíonn tú sásta a dhul chun cainte leo.’

Bhí mo bhean chéile i nGaillimh agus ghlaoigh mise go práinneach uirthise.

‘Tá an bheirt seo ag teacht,’ a dúirt mé léi.

‘Cé le haghaidh?’ a d’fhiafraigh sí.

‘Le haghaidh ceannas Chomhairle Chontae na Gaillimhe a shocrú,’ a deirimse, ‘theastódh réiteach beag a dhéanamh faoina gcomhair.’

‘Céard atá tú féin a dhéanamh?’ a dúirt sí.

Bhí a fhios agam mar sin féin ón gcaoi ar labhair sí go ndéanfadh sí chuile dheifir go hAill na Brún.

Chuir mé tuilleadh móna ar an tine agus thosaigh mé ag scríobh liosta pointí polasaí le cur os comhair na beirte nuair a thiocfaidís. Ceithre cinn déag de phointí a bhí agam sa deireadh.

Bhí mé ag críochnú an ceathrú pointe déag go díreach nuair a buaileadh an doras. Bhí an bheirt ann – Colm Keaveney, a bhí leis an Lucht Oibre an uair sin, agus Tiernan Walsh as Fine Gael.

Fear cineál ardnósach ba ea Colm Keaveney, b’fhacthas dom, beagáinín canúna air agus fonn air léachtaí beaga a thabhairt dhuit dá ligfeá iomarca scóid leis.

Maidir le Tiernan Walsh fear tuaithe amach is amach a bhí ann agus é i bhfad ar an mbóthar. Eisean a rinne an chuid ba mhó den chaint.

‘Sula ngabhfaidh muid níos faide,’ a deirimse, ‘tá ceithre phointe dhéag polasaí réitithe anseo agam agus mura bhfaighidh mé toradh orthu ní fiú dhúinn a ghabháil níos faide.’

Bhreathnaigh Tiernan Walsh go foighdeach orm agus shín sé amach a chuid cosa fada.

‘Tá súil agam anois,’ a dúirt sé, ‘nach bhfuil tada iontu nach féidir a chur i bhfeidhm. Ach léigh amach iad go bhfeicfidh muid.’

Léigh.

‘By dad,’ a dúirt Ternan, ‘tá siad sin sách réasúnach.’

‘Tá, cinnte,’ a dúirt Colm Keaveney

Faoin am seo bhí bean an tí tagtha abhaile agus níorbh fhada go raibh an tae agus an t-arán donn, na bonnóga agus an cáca úlla ar bhoirdíní beaga amach ar aghaidh na beirte cois na tine.

‘You can’t beat the drop of tay,’ a dúirt Tiernan.

‘It’s delicious,’ a dúirt Colm.

Chaith muid píosa eile ag comhrá, chroith muid lámh le chéile agus d’imigh siad. Ní raibh ansin ach an chéad bhabhta margála.

Ba é an lá a dtáinig an Chomhairle nua le chéile an lá mór ar ndóigh. In óstán i nGaillimh a bhíomar anois –ceathrar neamhspleách, fear as an Lucht Oibre, fear as Sinn Féin agus deichniúr as Fine Gael.

Bhí Colm sin againne in éineacht liomsa—in aois a cheithre bliana déag, an té ab óige riamh a bhí lánpháirteach i socrú na cumhachta i gComhairle Chontae na Gaillimhe, ná i gComhairle ar bith eile ach an oiread, déarfainn.

Tháinig an Comhairleoir Séamas Breathnach isteach chuig an gcruinniú. Theastaigh uaidhsean a bheith ina Mhéara an chéad bhliain ach nuair nár géilleadh sin dó d’imigh sé go maolchluasach arís — ar ais chuig Fianna Fáil.

‘Cén bhliain a bhfuil tusa ag iarraidh a bheith i do Mhéara, a Joe?’ a dúirt an Cathaoirleach a bhí ar an gcruinniú, Jarlath Mc Donagh.

‘Níl sé uaim chor ar bith,’ a deirimse, ‘tá mé sásta mo cheart ar an bpost sin a thabhairt d’fhear Shinn Féin anseo.’

‘Ní dóigh liom go bhfuil muid á iarraidh faoi láthair,’ a dúirt fear Shinn Féin!

Ní gá a rá nach é mo bheannacht a thug mise don Chomhairleoir Dermot Connolly agus muid ar ár mbealach go dtí an chéad chruinniú den Chomhairle Contae sin tar éis dhúinn an comhaontas a bheith curtha le chéile againn.

Fág freagra ar 'Is maith is cuimhin liom ar an chéad uair ar toghadh mé ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe…'