Is léir nach dteastaíonn ó Mhicheál Martin a bheith ina chathaoirleach

Bíonn an-chuid cumhachta ag an Taoiseach, ach í a úsáid

Is léir nach dteastaíonn ó Mhicheál Martin a bheith ina chathaoirleach

An Taoiseach Micheál Martin. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Nuair a bhris Micheál Martin an an tAire Talmhaíochta Barry Cowen as oifig an tseachtain seo, léirigh ceannaire Fhianna Fáil go mbíonn an-chuid cumhachta ag an Taoiseach, cé nach mbíonn sé i gceannas ar an rialtas go huile is go hiomlán.

Ba léir an méid sin le roinnt mhaith blianta anuas.

I 1971, scríobh Brian Farrell an leabhar iomráiteach Chairman or Chief?: The Role of Taoiseach in Irish Government inar dhein sé an t-idirdhealú cáiliúil sin idir na Taoisigh a bhí ina gcathaoirligh laga, nó primus inter pares, agus na Taoisigh a bhí ina gceannairí údarásacha ar rialtais s’acu.

Cé gur ghlac an tOllamh Farrell leis go raibh Taoisigh laga ann, go háirithe John A. Costello idir 1948 agus 1951, ba léir dó freisin go raibh cumhachtaí bunúsacha ag gach Taoiseach agus go rabhadar go léir in ann na cumhachtaí sin a úsáid, bídís i gcomhrialtas lag nó i rialtas a raibh móramh aige sa Dáil.

Cé go raibh an-chuid fadhbanna ag Costello, d’éirigh leis, i 1948, mar shampla, a chuid cumhachtaí ex officio a úsáid. Bhí sé leis féin in Ottawa an bhliain sin nuair a d’fhógair sé go poiblí go raibh sé mar aidhm aige imeacht as an gComhlathas chomh tapa is a d’fhéadfaí é.

Bhí ráflaí sna nuachtáin mar gheall ar an bplean seo ag an am, agus bheartaigh sé ar a chonlán féin mar Thaoiseach labhairt le hiriseoirí chun deireadh a chur leis na ráflaí ar an toirt.

Níor lorg sé cead an Aire Gnóthaí Eachtracha, Seán MacBride, a bhí in Éirinn nuair a bhí Costello i gCeanada. Níor chuir an Taoiseach an glaoch gutháin féin air sular fhógair sé an cinneadh a bhí déanta aige. Dhéanfaí an tAcht um Ghnóthaí Seachtracha ó 1936 a aisghairm go luath, agus dhéanfaí poblacht oifigiúil den tír. B’in a phlean agus sin a tharla an bhliain dár gcionn.

Cé go raibh plean teibí ag an Rialtas Idirpháirtí athrú de shaghas éigin a dhéanamh ar chumhachtaí Choróin na Breataine in Éirinn, ní raibh aon chinneadh déanta acu mar gheall ar na mionsonraí agus ní raibh aon amchlár acu. Shocraigh Costello an t-amchlár sin as féin in Ottawa i mí Meán Fómhar 1948.

Rinne MacBride gearán príobháideach níos déanaí le hionadaí na Breataine in Éirinn, Lord Rugby, agus dúirt sé “no definite time had been fixed for this step”.

Labhair sé freisin mar gheall ar “the surprise Mr Costello’s sudden announcement had been to him”, cé go raibh “in their general line of policy…a plan to get the Act removed but they had no immediate intention of going ahead”.

Rinneadh ceannaire den chathaoirleach mar sin i gCeanada!

(Tá na sonraí den chomhrá seo ar fáil in ‘More Pages from an Irish Memoir’, aiste Patrick Lynch sa chnuasach Ideas Matter: Essays in Honour of Conor Cruise O’Brien.)

Tharla rud éigin cosúil le scéal Ottawa arís nuair a bhí Fianna Fáil agus Páirtí an Lucht Oibre i gcumhacht lena chéile ó 1992 go dtí 1994. Bhí Albert Reynolds ina Thaoiseach lag agus bhí Dick Spring ina Thánaiste agus ina Aire Gnóthaí Eachtracha bríomhar.

Polaiteoir fíorláidir ab ea Spring tar éis an olltoghcháin i 1993. Níor réitigh sé le Reynolds go pearsanta, agus bhíodar beirt in iomaíocht lena chéile maidir le greim a choimeád ar pholasaí an rialtais nua ó thaobh Thuaisceart Éireann de. I mí Feabhra 1993, labhair Spring leis an BBC mar gheall ar Airteagail 2 agus 3 de Bhunreacht na hÉireann. Ní raibh na forálacha sin “cast in bronze”, dar leis an Tánaiste, agus d’fhéadfaí iad a athrú chun cearta na n-aontachtaithe a aithint.

Níor aontaigh Reynolds leis an gcaint seo agus cúpla seachtain níos déanaí, dúirt sé sa Dáil nach raibh rud ar bith mícheart le hAirteagail 2 agus 3, agus go raibh sé ar intinn aige iad a choimeád, ba chuma faoi ghearán an UUP.

Bhí an rialtas ait sin idir Fianna Fáil agus an Lucht Oibre cosúil le gluaisteán a raibh dhá thiománaí ann. Ní fhéadfaí an t-inneall a chasadh air gan úsáid a bhaint as dhá eochair.

Bhí ceann amháin ag Spring agus an ceann eile ag Reynolds. Bhí cos Reynolds ar na coscáin i 1993, agus ní raibh aon neart ag Spring air. Ag an Taoiseach a bhí an chumhacht.

Is léir go bhfuil leabhar Farrell léite ag Micheál Martin, agus is léir go bhfuil fonn air a chuid cumhachtaí a úsáid. Ní theastaíonn uaidh a bheith ina chathaoirleach.

Fág freagra ar 'Is léir nach dteastaíonn ó Mhicheál Martin a bheith ina chathaoirleach'