Bata agus bóthar tugtha ag an Taoiseach don Aire Talmhaíochta Barry Cowen

Dúirt Cowen tráthnóna go raibh 'díomá agus iontas' air faoi chinneadh an Taoisigh é a bhriseadh as a phost i bhfianaise na conspóide faoin scéala gur cuireadh cosc tiomána trí mhí air in 2016 mar gheall ar a bheith ag tiomáint faoi thionchar an óil

Bata agus bóthar tugtha ag an Taoiseach don Aire Talmhaíochta Barry Cowen

Tá bata agus bóthar tugtha don Aire Talmhaíochta, Barry Cowen, agus níos lú ná trí seachtaine caite sa phost aige.

Bhí Cowen sáinnithe i gconspóid faoin scéala gur cuireadh cosc tiomána trí mhí air in 2016 mar gheall ar a bheith ag tiomáint agus deoch ólta aige.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin sa Dáil anocht go raibh Cowen curtha as a phost mar aire i bhfianaise na conspóide. Dúirt an Taoiseach go raibh cúraimí na talmhaíochta, bia agus mara glachtha aige air féin.

Dúirt Cowen tráthnóna go raibh “díomá agus iontas” air faoi chinneadh an Taoisigh.

Tuairiscítear gur iarr Micheál Martin ar Cowen éirí as an post ach gur dhiúltaigh sé sin a dhéanamh.

Dúirt an Taoiseach go raibh cesiteanna nua le freagairt faoin gcás ó tháinig sé chun solais go raibh comhad ag na Gardaí inar maíodh go ndearna Cowen iarracht pointe seiceála a sheachaint.

I ráiteas a chuir sé amach ar Twitter anocht, dúirt Barry Cowen gur chuir sé an Taoiseach ar an eolas faoi na fíricí ar fad a bhain leis an eachtra.

Ghabh Barry Cowen leithscéal as an eachtra cheana, ach tá sé séanta go láidir go ndearna sé aon iarracht pointe seiceála a sheachaint.

“Faraor, fágann cinneadh an Taoisigh mé a chur as oifig, cé gur thacaigh sé liom sa Dáil tráthnóna, go bhfuil dochar déanta do mo cheart cothrom na Féinne agus próiseas féaráilte a fháil,” arsa Cowen.

Dúirt Martin sa Dáil gur fágadh faoi bhaill eile an rialtais é aghaidh a thabhairt ar na ceisteanna sin ó tharla nach raibh Cowen sásta ráiteas poiblí a dhéanamh agus go raibh aird an rialtais á tarraingt óna chuid oibre ag an gconspóid.

Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney tráthnóna go raibh “dochar” déanta ag an scéal don Rialtas.

Fág freagra ar 'Bata agus bóthar tugtha ag an Taoiseach don Aire Talmhaíochta Barry Cowen'