‘Is jóc é’ – imní léirithe faoin ardú atá tagtha ar dhíolúintí ón nGaeilge 

Deir Conradh na Gaeilge go raibh an córas nua atá curtha i bhfeidhm ag an Roinn Oideachais lochtach ón tús agus gur gá deireadh a chur leis

‘Is jóc é’ – imní léirithe faoin ardú atá tagtha ar dhíolúintí ón nGaeilge 

Tá imní léirithe ag Conradh na Gaeilge agus ag grúpaí oideachais faoi chóras nua na ndíolúintí atá curtha i bhfeidhm ag an Roinn Oideachais.

Léirigh anailís de chuid Tuairisc.ie go raibh ardú 11% tagtha ar líon na ndaoine a fuair díolúine ón nGaeilge de bharr deacrachtaí foghlama a bheith acu ó tugadh isteach an córas nua.

Dúirt an Roinn Oideachais go ndéanfaí rud “annamh agus eisceachtúil” den díolúine sa chóras nua ach is léir gur a mhalairt atá ag tarlú go dtí seo.

Deir Conradh na Gaeilge nach bhfuil an córas nua ag obair mar is ceart agus gur gá stop a chur leis.

“Níl aon iontas orainn go bhfuil líon na ndaoine a fuair díolúine ón nGaeilge de bharr deacrachtaí foghlama ó tugadh isteach córas nua ag méadú,” a dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, le Tuairisc.ie.

“Dúramar ag an am, agus táimid fós den tuairim go raibh an comhairliúchán a úsáideadh leis an gcóras nua a dhearadh lochtach, agus mar thoradh ar an gcomhairliúchán sin go bhfuil an modh le teacht ar dhíolúine níos éasca anois. 

“Níl an córas nua ag freastal ar dheacrachtaí foghlama na ndaltaí a réiteach agus tríd sin, a chinntiú go mbeidh na daltaí in ann leanúint ar aghaidh ag foghlaim na Gaeilge in éineacht lena gcomhscoláirí. 

“Is gá stop a chur leis an gcóras nua agus córas ceart cothrom a chur ar fáil le freastal ar riachtanais foghlama na ndaltaí fhéin in ionad an córas nua a sheachnaíonn tacaíocht a chur ar fáil dóibh.”

Faoin gcóras nua a tháinig i bhfeidhm ag tús na scoilbhliana, Meán Fómhair seo caite, cuireadh mar chúram ar phríomhoidí na n-iarbhunscoileanna díolúintí ón nGaeilge a cheadú i gcás deacrachtaí foghlama a bheith ag daltaí. Go dtí sin ba ghá teastas a fháil ó shíceolaí oideachais gairmiúil leis an díolúine sin a fháil.

Tá imní ann anois go bhfuil an díolúine á húsáid chun staidéar na Gaeilge a sheachaint fiú agus an dalta sin ag staidéar an dara nó an tríú teanga.

I ndiaidh fhoilsiú an scéil is déanaí faoin díolúine ar Tuairisc.ie, dúirt Seán Ó hArgáin, Uachtarán Gaeloideachas, gur “jóc” é líon na ndaltaí a bhfuil díolúine acu ón nGaeilge ach atá fós ag déanamh staidéar ar theangacha iasachta eile.

“Ceapann muid, i ndáiríre, gur dímheas atá ann agus cur isteach ar sheansanna daoine óga a dteanga féin a fhoghlaim agus dul chun cinn a dhéanamh i saol dátheangach, seans ba chóir a bheith acu,” a dúirt sé le Nuacht TG4.

Dúirt urlabhraí na bpríomhoidí iarbhunscoile go bhfuil sé tábhachtach go gcloíonn príomhoidí leis na treoirlínte atá leagtha amach leis an Roinn Oideachais nuair a bhíonn siad ag ceadú díolúintí.

“Bhí sé níos éasca nuair a bhí na síceolaithe oideachais ag déileáil leis an gcás seo,” a dúirt Stiúrthóir Chumann Náisiúnta na bPríomhoidí Clive Byrne le Nuacht TG4.  “Is í an chomhairle a thabharfainn do mo chomhghleacaithe ná glacadh agus cloí leis na rialacha atá ann ón Roinn agus an fhírinne an insint.

“Bheinn buartha dá mba rud é go mbeadh díolúine faighte ag dalta toisc go raibh deacrachtaí foghlama acu agus dá mba rud é go raibh siad ag staidéar teangacha eile cosúil leis an bhFraincis, an Spáinnis nó an Iodáilis nuair a bhíonn díolúine faighte acu ón nGaeilge.”

De réir figiúirí nua a fuair Tuairisc.ie ón Roinn Oideachais, 6,686 díolúine ó staidéar na Gaeilge a ceadaíodh in iarbhunscoileanna an stáit ar bhonn deacrachtaí foghlama sa scoilbhliain 2020-2021, i gcomparáid le 6,026 an bhliain roimhe sin.

Dúirt an tOllamh Pádraig Ó Duibhir, saineolaí oideachais in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, go bhfuil an córas nua róscaoilte.

Tá sé i gceist ag an Roinn Oideachais athbhreithniú a dhéanamh ar chóras nua na díolúine tar éis dhá bhliain agus dúirt urlabhraí de chuid na Roinne go bhfuil sé róluath go fóill teacht ar aon chonclúid faoi threochtaí nó tuairimíocht a dhéanamh faoin bhfáth go bhféadfadh méadú nó laghdú a bheith ag teacht ar an líon díolúintí.

D’aontaigh an tOllamh Ó Duibhir go bhfuil sé róluath an t-athbhreithniú sin a dhéanamh agus gan ach figiúirí aon bhliain amháin foilsithe, ach dúirt sé go mbeadh sé níos fearr dá gcuirfeadh an Roinn Oideachais curaclam nua Gaeilge ar fáil a bheadh in oiriúint do dhaltaí a bhfuil deacrachtaí acu seachas díolúintí a bheith á gceadú.

Fág freagra ar '‘Is jóc é’ – imní léirithe faoin ardú atá tagtha ar dhíolúintí ón nGaeilge '

  • Máiread

    Thosnaigh an fadhb sa Roinn. Níl an meoin ceart ann len a cheartú.

    Máiread.

  • Antóin

    Glacaim leis go bhfuil deacrachtaí foghlama ag daltaí agus fiú go bhfuil deacrachtaí acu teanga eile a fhoghlaim; b’fhéidir go bhfuil sé deacair orthu cuimhneamh ar fhocail nua nó dul i ngleic le hord na bhfocal nó eile. Is féidir cuid de na deacrachtaí sin a shárú ach an tacaíocht chuí a bheith ann agus an curaclum a bheith in oiriúint, b’fhéidir.

    Ach, sa scoilbhlian 2018/19 bhí 2,231 dalta a fuair díolúine ón Ghaeilge ach a rinne scrúdú Ardteistiméireacha i dteanga Eorpach eile. Seo an áit a bhfuil an cur i gcéill.

  • Colin Ryan

    Cén dochar? Is maith an rud é má éiríonn le dalta greim maith a fháil ar theanga eile ar bith. Is annamh a bhuaileas le hÉireannach a bhí in ann comhrá a dhéanamh liom i nGaeilge tar éis dó í a ‘fhoghlaim’ ar scoil. Is mithid múineadh na Gaeilge a athchóiriú ó bhonn in áit a bheith ag gearán faoi dhíolúintí.

  • Niamh Ní Lochlainn

    Mar bhun-mhúinteoir atá ag plé le leanaí le riachtanais speisialta sa ghnáth scoil, chím an taraiscint a thabhairt do leanaí le deacrachtaí foghlama éirí as an nGaeilge (le measúnú) go rialta. Is é an tuiscint a bhíonn laistiar de ná nach mbainfidh siad úsáid as amach anseo agus gur fiú an tuallach oibre, go háirithe sa litearthacht, a laghdú. D’fheadfadh an páiste a bheith go maith ó bhéal sa Ghaeilge agus dúntar an doras go h-iomlán ó thaobh foghlama na Gaeilge de. Molaim go leanfaidís leis an nGaeilge ar bhonn éigin, fiú le béim iomlán ar an gcomhrá agus níos deanaí ina scolaíocht, scrúdú scríofa ar an leibhéal is simplí, ach teagmháil foghlama éigin a bheith acu leis an dteanga fós.

  • Sean

    Ceart go leor Fad is atá díoluin Sna teangacha eile agus más rud é go bhfuil fíor dheacracht ag an dalta,ach Feicim gurb í an ghaeilge anchéad bac a dhíbritear le dalta atá ag streachailt. Úsaid an cairéad agustabhair pointí breise as an cúrsa gaeilge a dhéanamh agus chuirfeadh sin stop le tóin a thabhairt don teanga