Is in am an ghátair a bhraitear an chabhair

Bíonn tuairim ag muintir an Iarthair go bhfuil siad i dteideal an tsaibhris dhochreidte atá timpeall orthu ó chliabhán go cónra. Ach cé a dúirt nach bhfuil dreamanna eile i dteideal an tsaibhris chéanna?

Picture 3

Múineadh dom ag an mbunscoil (san Ísiltír) go n-ídeofaí crainn an domhain ar fad dá dtogródh muintir na Síne páipéar nuachta an duine a cheannacht in ionad nuacht an lae a léamh ar pháipéar a bhí crochta ar bhalla, mar ba nós leo a dhéanamh sa tSín ag an am.

Ar ndóigh, níl baol ar bith ann a thuilleadh go n-ídeoidh nuachtáin chlóite foraoiseacha an domhain; tá an t-idirlíon againn. Ní todhchaí na meán clóite is ábhar don cholún seo, áfach, ach coincheap atá chomh ceangailte céanna le clós na scoile agus le mórcheist an lae inniu, ceist na dteifeach san Eoraip: roinnt.

Ceacht faoin timpeallacht a theastaigh ón múinteoir a thabhairt dúinn, bail ó Dhia air, ach céard a thug sé duinn, i ngan fhios dó féin, déarfainn, ach sampla den scoth den dearcadh Iartharach ar an domhan? Óir ba é an tuiscint a bhí le baint as an gceacht, ar ndóigh, ná go raibh sé ceart go leor dúinne – muintir na hÍsiltíre, nó na hEorpa – nuachtán clóite an duine a cheannacht, ach ní fhéadfadh an ceart céanna a bheith ag muintir na Síne: scriosfaí an timpeallacht bhocht.

Sléacht agus ár ina dtíortha dúchais a thug ar na milliúin teitheadh as an tSiria, as an Libia, as an Iaráic, as an Afganastáin agus as tíortha nach iad. Bochtanas an mhórchúis eile a bhíonn ag daoine chun an bád bán (nó i gcás an lae inniú, an báidín atá i mbaol a bháite) a thabhairt orthu féin.

Bíonn sé á mhaíomh acu siúd atá i gcoinne na holl-inimirce atá ar siúl san Eoraip faoi láthair go gceapann teifigh an lae inniu go bhfuil siad i dteideal gach uile shórt: tearmann, bia, cearta, postanna, iompar go dtí an ceann scríbe.

Ach cé a dúirt go bhfuil muintir na hEorpa (agus go deimhin muintir an Iarthair ar fad) i dteideal an tsaibhris dhochreidte atá ina dtimpeall ó chliabhán go cónra? An gcuirtear ceist ar leanbh, ag am a ghinte, arbh fhearr leis teacht ar an saol san Eoraip nó san Afraic? Ní cuimhin liomsa gur cuireadh ceist ormsa, pé scéal é.

Tharla go raibh an t-ádh liom i gcrannchur na cinniúna. Mar a bhí leat féin. Thángamar ar an saol in iarthar na hEorpa. B’fhéidir nach bhfuil an t-airgead againn faoi láthair chun iPhone nua a cheannacht a tháinig amach an tseachtain seo, ach – dianaistí bia fágtha as an áireamh – níl a fhios againn céard is ocras ann.

Cinnte, ní hionann cás an duine atá ar a theitheadh ó chogadh nó ó ghéarleanúint agus cás an duine atá ar a theitheadh ó bhochtanas agus easpa deiseanna.

Ach ar an gcaoi chéanna, ní hionann cliabhán in Éirinn, san Ísiltír nó sna Stáit Aontaithe agus cliabhán i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó, sa Nigéir nó i Sead.

Caithfear roinnt. Áiseanna, acmhainní nádúrtha, agus go deimhin talamh – go háirithe anois agus leibhéal na farraige ag ardú agus gaineamhlaigh á ndéanamh de pháirceanna féir.

I gcás an Iarthair, ciallaíonn sé sin go gcaithfear géilleadh. Agus má cheapaimid go bhfuil drochmhargadh á fháil againn, smaoinímid orthu siúd nach mbeidh an saol pribhléideach a bhí againne le glúnta anuas acu choíche, fiú tar éis dúinn saibhreas an domhain a roinnt go cothrom eadrainn ar fad. Tá teorainn leis an soláthar.

Ach déanfaidh sé maitheas dúinn. Cuimhnímis ar chlós na scoile. An páiste millte sin nár theastaigh uaidh a chuid bréagán a roinnt – níor thaitin sé le héinne.

Fág freagra ar 'Is in am an ghátair a bhraitear an chabhair'