Is iad na rudaí beaga a tharla i rith na bliana is mó a chuir lúcháir orm – Proinsias Mac a’ Bhaird

Féachann Tuairisc.ie siar ar 2019 leis an údar Proinsias Mac a’ Bhaird, ar bronnadh Leabhar na Bliana ar a shaothar Tairngreacht ag gradam litríochta An Post i mbliana

Is iad na rudaí beaga a tharla i rith na bliana is mó a chuir lúcháir orm – Proinsias Mac a’ Bhaird

1. Cén chuimhne is mó atá agat ar 2019?

A bheith i mo shuí ag mo ríomhaire ar obair ar mo leabhar Tairngreacht, eagrán úr de Rún an Bhonnáin agus úrscéal eile liom a foilsíodh i mí na Samhna Fatwa. Le bliain go leith anuas, eagarthóireacht agus athscríobh is mó a bhí ar siúl agam. Rún agam don bhliain úr sos a ghlacadh agus éalú ón ríomhaire.

2. Céard é an scéal is mó a chuir áthas ort in 2019?

Is beag rud a tharlaíonn sa tsaol mhór a chuireann fíor-áthas orm. Is iad na rudaí beaga a tharla i rith na bliana is mó a chuir lúcháir orm. Cuir i gcás, nuair a shuigh an iníon is óige agam síos ag an ríomhaire lá amháin, rún aici leabhar a scríobh.

3. Céard é an scéal is mó a chuir brón ort in 2019?

Bhí tragóid againn sa bhaile i mí na Samhna nuair a cailleadh fear óg. Bhain sin croitheadh maith as an phobal uilig. Cuireann eachtraí den chineál tú ag smaointiú ar leochaileacht na beatha.

4. Céard é an rud is mó a d’fhoghlaim tú ó thús deireadh na bliana 2019?

Nach fiú a bheith buartha fá na rudaí beaga i do shaol féin agus gan barraíocht airde a thabhairt ar na rudaí móra atá ag tarlú sa tsaol mhór ach an oiread. Déarfadh duine gur éalú ó dhualgais nó séanadh freagrachta an méid sin, ach ní thiocfainn leo. Tá an tsláinte intinne agus an ábaltacht an sonas thart ort a fheiceáil agus a tharraingt chugat féin i bhfad níos tábhachtaí.

5. Ar éirigh leat cloí le haon rún a bhí agat ag tús na bliana 2019?

Níor éirigh, ach mar sin féin, is beag rún a chuir mé romham ag tús na bliana.

Fág freagra ar 'Is iad na rudaí beaga a tharla i rith na bliana is mó a chuir lúcháir orm – Proinsias Mac a’ Bhaird'

  • Eoghan Ó Néill

    An é son an fear a scrīobh an leabhar Tairngreacht? Leathbhealach tríd anois, tá sé sár-mhaith. An-suimiúil na nascanna idir Colmchille, an Vaiticán agus taoisigh Ulaidh 1600.