Tugann an solas sólás do na daoine. Solas na bhFlaitheas go bhfeice muid, a deireadh Críostaithe chuile lá riamh.
Is géire ná riamh a theastaíonn solas an Nollaig seo agus an pobal buailte ag duairceas an víris.
Is maith a thuig muintir Árainn Mhór i dTír Chonaill é sin nuair a d’iarr siad cabhair ar a muintir sa mbaile agus thar sáile airgead a chur le chéile le soilse a chur ar fud an oileáin. Shíl siad ó tharla nach bhféadfadh oileánaigh a theacht abhaile gur mhór an tógáil croí dóibh lóchrann solais a bheith le feiceáil acu ar an idirlíon.
Thuig Micheál Ó Droighneáin as an Aill Bhuí i Ros Muc an rud céanna nuair a chuir sé taispeántas iontach soilse ar fáil ar Bhóthar na Scrathóg ar an gCeathrú Rua. As a phóca féin a d’íoc sé astu.
Shocraigh sé mainséar freisin agus chuir sé íomhánna ann a cheannaigh sé ó mhangaire taistil.
Is beag rud eile is mó a shamhlaítear leis an Nollaig ná an mainséar.
Ba é Naomh Proinsias as Assisi a shocraigh an chéad mhainséar sa mbliain 1223. Aird a tharraingt ar adhradh Chríost seachas a bheith ag díriú ar ábharachas a bhí uaidh.
In uaimh in Greccio i lár na hIodáile a shocraigh sé an mainséar. Ní dealbha a d’úsáid sé le breith an Tiarna a léiriú ach daoine agus ainmhithe. Thug an Pápa Honorius 11 a bheannacht don iarracht.
Taobh istigh de 100 bliain bhí mainséir i séipéil na hIodáile ar fad. Dealbha in áit daoine agus ainmhithe a bhí anois iontu.
Scaip an nós ar fud an domhain agus is beag tír nach mbíonn mainséar inti anois.
Ón mbliain 1982 bíonn mainséar ar chearnóg Pheadair sa Vatacáin in aice leis an gcrann Nollag. Beannaíonn an Pápa na céadta mainséar do pháistí. Sa mbliain 1978 d’fhreastail 50,000 dalta scoile ar an searmanas sin.
Mar sin féin bhí daoine ann i gcónaí nach raibh aon ghlacadh acu le traidisiún an mhainséir. Bhí nós acu i Sasana fadó pióg mhionra a dhéanamh leis an leanbh Íosa a choinneáil ann go dtí go n-ití í.
Nuair a chuir na Piúratánaigh deireadh le deasghnátha éagsúla Nollag sa seachtú haois déag thug siad dlí isteach in aghaidh pióga mionra den tsórt sin. “Idolaterie in crust” a thug siad ar an nós.
Is minic a tharraing an mainséar cúis dlí i Meiriceá idir daoine a bhí ar a shon agus daoine a bhí ag iarraidh an deighilt idir stát agus eaglais a choinneáil slán.
Bíonn an dream atá in aghaidh drochíde d’ainmhithe ag casaoid freisin faoin gcaoi a dtugtar spídiúlacht d’ainmhithe a chuirtear le hais an mhainséir.
Cé na hainmhithe is ceart a chur i láthair ar aon chaoi? Sin ceist eile. Déantar neart cainte faoin asal agus faoin damh ach níl trácht ar bith sa mBíobla orthu. Ós ag caint air sin é níl aon trácht ag Naomh Lúcás ar na Trí Ríthe.
Seo mar a chuir Lúcás síos ar bhreith Chríost:
Chuaigh Iosaif freisin suas ón nGailíl, ó chathair Nazarat go hIúdáia, go dtí cathair Dháibhí ar a dtugtar Beithil, de bhrí gur de theaghlach agus de threibheachas Dháibhí é féin, chun a chláraithe, mar aon le Muire, a bhean chéile, a bhí ag iompar clainne. Agus tharla le linn dóibh a bheith ann, gur tháinig a hionú, agus rug sí céadghin mic agus chuir i gcrios ceangail é, agus shín i mainséar é, de bhrí nach raibh slí dóibh san ósta.
Agus bhí aoirí sa taobh tíre céanna, amuigh faoi spéir ag faireachán oíche i mbun a dtréada. Agus sheas aingeal an Tiarna láimh leo, agus shoilsigh glóir an Tiarna ina dtimpeall, agus bhí uamhan agus eagla mhór orthu. Agus dúirt an t-aingeal leo: “Ná bíodh eagla oraibh: óir féach, tá dea-scéala agam daoibh a chuirfeas áthas mór ar an bpobal uile: rugadh Slánaitheoir daoibh inniu—is é Críost an Tiarna é – i gcathair Dháibhí. Agus is comhartha daoibh é seo: gheobhaidh sibh naíonán i gcrios ceangail agus é ina luí i mainséar.
Fág freagra ar 'Is géire ná riamh a theastaíonn solas an Nollaig seo'