Is féidir saol eachtrúil Arnold Schwarzenegger a roinnt i dtrí chuid éagsúla

Cé nach bhfuil aon rud úrnua sa tsraith faisnéise Arnold, tugtar cuntas breá ar shaol eachtrúil fhathach na hOstaire

Is féidir saol eachtrúil Arnold Schwarzenegger a roinnt i dtrí chuid éagsúla

“One man, three lifetimes,” a deir mana fógraíochta don tsraith faisnéise Arnold (Netflix) linn le flosc. Is cinnte gur féidir saol eachtrúil Arnold Schwarzenegger a roinnt i dtrí chuid éagsúla agus seo mar a dhéanann an tsraith trí chlár seo go néata. Le hionchur mór uaidh féin agus daoine ar a aithne tugtar cuntas ar a shaol ó laethanta a óige san Ostair go teach an Ghobharnóra i gCalifornia.

Is beag cur amach a bheidh ag an saol mór ar na blianta a chaith sé leis an gcorpfhorbairt agus an gaisce a dhein sé sa réimse sin. Anois, níl aon ghean agam féin ar an spórt sin, más spórt é fiú, agus ní thuigim an dúil a bhíonn ag daoine ann. Dá bharr is beag blas a fuaireas ar an gcéad ghála. Mar sin féin tugadh éachtaint ar dhúthracht agus diongbháilteacht fhathach darach na hOstaire. Ag an am céanna tugadh éachtaint ar an dtógaint chrua a bhí aige; athair tíoránach brúidiúil a mhúnlaigh gnéithe dá phearsantacht. Labhair Arnold go machnamhach faoin tionchar a bhí ag an Dara Cogadh Domhanda ar ghlúin a athar; dream a bhí briste brúite go haigneolaíoch de bharr an chogaidh.

Bhí an t-ádh ina rith leis gur sna hochtóidí a bhí sé ag iarraidh guailleáil isteach os comhair an cheamara. Bhí ré órga na seachtóidí ag teacht chun críche. Seo an tréimhse a thug sárshaothair cosúil le The Godfather (1972 agus 1974), Chinatown (1974), Taxi Driver (1976), All the President‘s Men (1976) agus Raging Bull (1980) dúinn. Ní fhéadfaí fathach le matáin mhóra ar bheagán Béarla a shamhlú in aon cheann acu sin. Le teacht Ronald Reagan mar uachtarán ar Mheiriceá seoladh isteach ré níos mórchúisí, níos uaibhrí.

Leis sin seoladh isteach na scannáin aicsin mhóreachtraíochta. Ba i 1984 a deineadh a chóta bán nuair a fuair sé ról an mheaisín mharfaigh i saothar duairc foréigneach iontach le James Cameron, The Terminator. Vae leis ansin le saothair mhór-ráchairte cosúil le Twins (1988), Predator (1987), Kindergarten Cop (1990), True Lies (1994) agus a lán eile nach iad. Go deimhin tá cnuasaigh an Terminator agus Predator fós ag sluaisteáil chugainn nach mór tríocha bliain níos déanaí.

Tugadh éachtaint bheag dheas ar an gcomórtas binbeach a bhí idir é féin agus Sylvester Stallone tráth. Ní chuimhneoidh staraithe na scannánaíochta air mar sháraisteoir amhail Pacino nó De Niro, ach mar aisteoir díograiseach a raibh an t-ádh air róil shainiúla a d’oir dó a aimsiú. D’fhág sin gur imigh sé i bhfeidhm ar an lucht féachana ar shlí a cheadaigh dó a bheith i lár an aonaigh ar feadh i bhfad. Bhaineas súp as an gcuid seo agus ionchur againn ó Jamie Lee Curtis, Danny DeVito, James Cameron agus Linda Hamilton.

Faoi thosach na mílaoise bhí Arnold ag éirí corrthónach. Bhí sé pósta (le Maria Shriver, neacht JFK)  agus clann air, an leathchéad cnagtha aige agus a shaol aisteoireachta ag imeacht le fána ábhairín. Réitigh a cháil, a shaibhreas agus tuiscint pholaitiúil na gCinnéideach an tslí pholaitiúil dó. D’éirigh leis sa toghchán athghairme i gCalifornia in 2003 agus toghadh mar Ghobharnóir é. Tharla sin in ainneoin go dtáinig líomhaintí faoi chiapadh gnéis chun cinn i rith an fheachtais. Lena cheart a thabhairt don chlár tugtar aghaidh air sin.

Labhraíonn Arnold féin faoina chuid gníomhartha le haiféala. Tá an t-aiféala céanna le tabhairt faoi deara is é ag caint faoi chliseadh a phósta i ndiaidh dó páiste a bheith aige le duine dá bhfostaithe tí. Thuas seal thíos seal a bhí a shaolré pholaitiúil agus níor deineadh mórán cíoradh ar conas mar a d’éirigh leis.

Cé nach bhfuil aon rud úrnua anseo tugtar cuntas breá ar shaol eachtrúil fhathach na hOstaire.

Fág freagra ar 'Is féidir saol eachtrúil Arnold Schwarzenegger a roinnt i dtrí chuid éagsúla'