Is fearrde muid Trump agus Putin ag caint ná i mbun cogaíochta

Tuige go bhfuil na nualiobrálaigh go léir ag caitheamh anuas ar Donald Trump is ag éagaoineadh a chuid cainte faoin Rúis?

Is fearrde muid Trump agus Putin ag caint ná i mbun cogaíochta

Baineadh stangadh as lucht thionscal na faisnéise i Meiriceá, agus bhí an uile dhuine a bhíonn ag sodar i ndiaidh Mheiriceá trína chéile nuair a thug Uachtarán Mheiriceá, Donald Trump, le fios go raibh níos mó iontaoibhe aige as a raibh le rá ag Uachtarán na Rúise Vladimir Putin ná mar a bhí aige as a chuid oifigeach faisnéise féin.

Chúlaigh Trump beagán óna chuid cainte i bhfianaise na raice a spreag sé, ach i ndáiríre chloígh sé leis an ráiteas nach namhaid an Rúis do Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Ar ndóigh, tá na seirbhísí faisnéise i Meiriceá ag iarraidh Trump a chur as oifig ó toghadh é, nó ar a laghad beag a dhéanamh dá bhua ar Hillary Clinton.  Tuige mar sin an nglacfadh sé le hanailís is cur chuige na seirbhísí faisnéise?

Ach tá na nualiobrálaigh ar aon phort, idir pholaiteoirí na hEorpa, thráchtairí is iriseoirí, agus na meáin in Éirinn go láidir ina measc, agus iad go léir ag caitheamh anuas ar Trump is ag éagaoineadh go ndearna Trump a leithéid de chaint.

Is duine gránna é Trump, gan dabht.  Is léir sin ar a dhearcadh i leith na mban, sa chiníochas atá faoi cheilt ar éigean sna hionsaithe a dhéanann sé ar inimirceoirí, sa bhladhmann ar fad a bhíonn aige agus san easpa béasa agus sibhialtachta a bhaineann leis.

Is duine contúirteach é leis i bhfianaise na tacaíochta a thugann sé d’Iosrael maidir le ceist Iarúsailéim agus i bhfianaise na mbagairtí atá á ndéanamh aige ar an Iaráin ar mhaithe le hIosrael.

Ach, maidir leis na gcruinniú a bhí aige le Putin, tá ceist shimplí amháin le freagairt ag lucht a cháinte.

Cén fáth nach cóir síocháin is comhoibriú a chothú leis an Rúis?  Cén fáth gur chóir cogadh fuar eile a chur sa siúl, nó go deimhin cogadh te a bhagairt ar an Rúis?

Nach fearrde an domhan síocháin a bheith ann idir an dá mhórthír seo?

Tá fimíneacht ag baint leis na hionsaithe freisin, ar ndóigh.  Mar níor léirigh na sluaite a tháinig amach le cur i gcoinne Trump a míshástacht le  Barack Obama cé gur mó inimirceoirí mídhleathacha a dhíbir seisean as na Stáit ná aon uachtarán roimhe.

Focal ní raibh uathu faoi Obama agus Hillary Clinton nuair a scaoil siad buamaí sa Mheánoirthear, níos mó acu ná mar atá scaoilte ag Trump, nó nuair a scrios siad an Libia.

Cinnte, ní leithscéal ar bith iad coireanna Obama do choireanna Trump, ach nach cóir an dá thaobh den scéal a insint?

Tá sé curtha i leith na Rúiseach gur chuir siad isteach ar thoghchán na huachtaránachta i Meiriceá.  Fág as an oiread sin tíortha a ndearna ar chuir na Stáit Aontaithe isteach orthu, leis an lámh láidir nó le bolscaireacht, agus seafóid fós é a rá gur vótáil an oiread sin Meiriceánach ar son Trump mar gheall ar chleasanna rúnda na Rúise.

Céard é go díreach atáthar a mhaíomh a ndearna siad?  Deirtear gur chuir siad ar fáil cáipéisí inar maíodh go raibh caimiléireacht agus sárú rialacha ar bun ag foireann Hillary Clinton le cinntiú nach bhfaigheadh Bernie Sanders ainmniúchán an Democratic Party. Coir uafásach gan amhras.

Níos measa fós chuir Putin stop le meath na Rúise,  ó thaobh na polaitíochta agus na heacnamaíochta, sa gcaoi go bhfuil siad i lár an aonaigh dhomhanda arís. 

Tá Trump féin buartha go bhfuil an Ghearmáin ag ceannach i bhfad níos mó breosla ón Rúis ná ó Mheiriceá. Ach an údar cogaidh é sin?

Amadán is ea Trump, a deir na saineolaithe, a dteastaíonn uathu go mbeadh sé ina chogadh fuar arís. Níor mór an cheist a chur, cé a bhainfeadh leas as a leithéid? Mangairí arm i Meiriceá, na seirbhísí faisnéise agus dreamanna eile a bhíonn beo ar an eagla agus ar an gcoimhlint.

Is é NATO agus an chomhghuaillíocht thrasatlantach an baol is mó atá ann do shíocháin an domhain. Anois, má tá NATO agus an chomhghuaillíocht sin lagaithe ag Trump, nach fearrde muid uilig?

Ar ndóigh tá spriocanna ag Trump.  Mar fhear gnó, níl sé buartha faoi rud ar bith ach an rud a chruthaíonn saibhreas dó féin is dá leithéid –  is é sin an lucht rachmais i Meiriceá a dhéanann airgead ar na margaí intíre, lucht óstáin, lucht tógála is eile.

Níl sé buartha faoi na ‘luachanna’ a mbíonn ceannairí eile ag trácht orthu chun dallamullóg a chur orthu siúd nach bhfeiceann an fhírinne faoi lucht an rachmais. Tuigeann Trump gur brabús an dia acu ar fad agus nach bhfuil sna ‘luachanna’ bréagacha sin ach móiréis ag deireadh an lae.

B’fhéidir gur soiléire dúinn go léir an fhírinne faoi lucht an rachmais a bhuíochas de Trump, agus más soiléire  nach fearrde muid sin freisin?

Agus nach fearrde muid na Stáit agus an Rúis a bheith ag caint lena chéile agus ag iarraidh aighnis a shocrú go síochánta?

Fág freagra ar 'Is fearrde muid Trump agus Putin ag caint ná i mbun cogaíochta'

  • Concubhar O Liathain

    Is fearr Putin agus Trump ag caint – ná i mbun cogaíochta….bhuel sin ráiteas soiléir ó Eoin. Cheapfá go bhfuil sé ag leagadh síos caighdeán atá íseal go maith….bheinnse ag súil le spriocanna níos airde is ídéalaí ó cheannairí mór chumhachtaí an domhain….deileáil le fadhbanna tromchúiseacha, deireadh a chur le leatrom (ar an gcine ghorm, neamh gheal i Meirceá, ar dhaoine aeracha agus eile sa Rúis.). Sin túsphointe….