Is fearr ciall cheannaigh ná dhá chiall a mhúintear is ceachtanna craoibhe eile

Féachann ar gcolúnaí siar ar chluichí móra peile an deireadh seachtaine seo caite agus a raibh le foghlaim uathu

Is fearr ciall cheannaigh ná dhá chiall a mhúintear is ceachtanna craoibhe eile

Dónal Keogan agus Bryan Menton na Mí ag ceiliúradh a mbua i gcoinne Uíbh Fhailí. Pic: INPHO/Andrew Paton

Is fearr ciall cheannaigh ná dhá chiall a mhúintear

Aimsíodh 35 scór dhá phointe i sé cinn de chluichí craoibhe cúige an deireadh seachtaine seo agus níor aimsigh an fhoireann is mó a chuaigh i bhfeidhm orm, Tír Eoghain, oiread is ceann amháin ina mbua 1-24 le 0-20 ar an gCabhán.

Bhí iarbhainisteoir Thír Eoghain, Mickey Harte ag cáiseamh na scóranna dhá phointe tar éis dóibh bheith deich bpointe chun cinn ag leatham in aghaidh na Mí ach iad ag cailliúint le seacht bpointe sa deireadh. D’aimsigh contae na Mí seacht gcinn de scóranna dhá phointe le cóir na gaoithe i bPáirc Tailteann ach caithfear ceisteanna a chur fé chórais chosanta ná bogann cúig nó sé slat chun cinn in iarracht dul i ngleic leis na cruinnaimsitheoirí atá inniúil ar lascadh maith de chic a tabhairt don gcaid.

De réir mar a leanann na craobhacha cúige chífir tuilleadh scóranna á n-aimsiú ó phóirsí lasmuigh den stua dhá phointe ach deinim amach go mbeidh a gceachtanna foghlamtha agus ceannaithe go daor faoin dtráth sin acu siúd go bhfuil meon coimeádach acu i leith na caide. Ní dóigh liom go mbeidh mórán scóranna dhá phointe tar éis na gcraobhacha cúige toisc go mbeidh na foirne maithe ag brú chun tosaigh níos mó agus gardáil á déanamh acu ar an réimse scórála sin níos faide amach.

Bainisteoir chontae Lú, Ger Brennan. Pic: INPHO/Leah Scholes

Ná cuir do shúil thar do chuid féin

Tá an t-olagón tosnaithe arís. Níl babhtaí leathcheannais Chúige Mumhan imeartha agus tá daoine lasmuigh den gcúige ag cáiseamh chomh saoráideach is a bhíonn sé ar chontaetha na Mumhan a slí a dhéanamh isteach go dtí craobh chorn Sam Mhig Uidhir.

Bainisteoir chontae Lú, Ger Brennan, is déanaí atá ag píobaireacht. Creideann Brennan go gcaithfear dul i ngleic leis an múnla a fhágann go bhfuil sé níos fusa d’fhoirne ó Chúige Mumhan áit a bhaint amach i gCorn Sam Mhig Uidhir ná a macasamhail i gCúige Laighean, mar shampla. Chríochnaigh an Lú sa séú háit i Roinn 2 na sraithe ach beidh siad ag imirt i gCorn Tailteann i mbliana mura n-éiríonn leo buachtaint ar Chill Dara ar an nDomhnach an 27 Aibreán.

Ní raghainn ag áiteamh le Brennan ar an gceann san ach braithim go bhfuil sé saghas maslach do chontae an Chláir, foireann go raibh mí-ádh orthu gan an t-ardú céime go Roinn 2 a fháil níos túisce san earrach agus dream, dar liom, a bhuafaidh ar Thiobraid Árann Dé Sathairn chun cluiche ceannais na Mumhan a bhaint amach. Go dtí go dtiocfaidh athrú ar na craobhacha cúige astu féin, ní fiú a bheith ag caitheamh do shúil thar claí isteach go dtí cúigí eile. Is fada na hUltaigh ag caitheamh anuas ar chluichí aontaobhacha i gcúigí eile ach an deireadh seachtaine seo féin, bhí bearna seacht bpointe idir Tír Eoghain agus an Cabhán (d’fhéadfadh sé a bheith níos measa) agus dhá phointe dhéag idir Ard Mhacha agus Aontroim. An deireadh seachtaine seo caite bhuaigh Dún na nGall le 10 bpointe ar Dhoire. Tugaimis aire dár bpaistí féin.

Alex Beirne Chill Dara tar éis dó cúl a scóráil i gcoinne na hIarmhí. Pic: INPHO/Leah Scholes

Ní mór é luach na foighne

Bhíos ag faire ar Chill Dara agus iad ag tabhairt aghaidh ar Uíbh Fhailí i gcluiche ceannais na sraithe, Roinn 3, i ndeireadh an Mhárta agus cé go raibh a mbua tuillte go maith ag Uíbh Fhailí, ba chluiche é a d’fhág Cill Dara ina ndiaidh toisc ná raibh aon ghearradh ceart chun tosaigh acu.

Bhí sé de cháil riamh ar Chill Dara go rabhadar rófhoighneach ina gcur chuige i mbéal an bháide agus mheasas i gcónaí gurbh fhearr a raghadh an modh díreach chun tairbhe dóibh. Tá sé deacair uaireanta dul cúl le cine go háirithe nuair atá sé de mhianach go smior ionat mar pheileadóir dul i muinín na pasála láimhe. Bhí Cill Dara trí phointe chun deiridh ag déanamh ar leath ama Dé Sathairn tar éis don Iarmhí cúig chúilín as a chéile a aimsiú. Bhí na seana-thréithe ag teacht chun cinn arís ag Cill Dara- imirt fhoighneach, thomhaiste agus gan puinn dá bharra acu. San 29ú nóimeat, áfach, lascáil Ben McCormack caid ard isteach i dtreo Alex Beirne. Ghreamaigh Beirne, chas, lascáil agus d’aimsigh cúl nótálta.

Nílim ar dhuine acu siúd a bhíonn ag éileamh go lascálfaí gach caid isteach fada i dtreo na cearnóige ach, más trí dhearúd féin é, bhí éachtaint eile ar luach na lascála sa 50ú nóimeat agus an Iarmhí dhá phointe chun cinn. Arís, dob é McCormack a thug lascadh don gcaid, an uair seo ar thóir a phointe féin. Ní raibh dóthain nirt san iarracht ach b’eo le David Hyland lena dhorn agus d’aimsigh cúl eile. Ní raibh sé i ndán do Chill Dara bheith chun deiridh as san go deireadh agus b’fhéidir, leis, go dtuigeann siad tar éis imirt an tráthnóna, go bhfuil luach leis an mhífhoighne chomh maith.

An slua agus na himreoirí i bPáirc Uí Choragáin ag fáil réidh don chluiche. Pic: INPHO/Bryan Keane

Níl aon tinteán mar do thinteán féin

Bhuaigh Tír Eoghain ar a bpaiste féin i bPáirc Uí Éalaí ar an Ómaigh. Throid Aontroim feachtas cóir chun go mbeidís i bPáirc Uí Choragáin agus bhí luach ar leith ag baint leis an mbraistint a bhí timpeall an Droichid Nua, Pháirc Tailteann agus Eachroma i gcraobh Laighean. Thóg sé tamall orainn é a thuiscint ach dá mhéid de na cluichí seo a imrítear lasmuigh de Pháirc a’ Chrócaigh, is ea is fearr é.

Fág freagra ar 'Is fearr ciall cheannaigh ná dhá chiall a mhúintear is ceachtanna craoibhe eile'

  • Carraig

    Bhí sé i gceart agaibh an chéad uair;
    ciall cheannaigh ach
    ciall ceannaithe
    aidiacht
    dobhriathar
    Is casta an teanga í ach is é Dara atá deas uirthi.