Deir iarbhainisteoir Dhún na nGall go mbuafar nó go gcaillfear cluiche ceannais peile na hÉireann ar chic amach Dhún na nGall.
Deir John Joe Ó Dochartaigh, a bhuaigh Craobh na hÉireann le Dún na nGall i 1992 agus a chaith dhá bhliain ina bhainisteoir ar fhoireann an chontae in 2009 agus 2010, gurb é cúl báire na gConallach, Shaun Patton an t-imreoir is tábhachtaí a bheidh ar fhoireann Dhún na nGall Dé Domhnaigh beag seo.
Tá Patton aitheanta ar cheann de na cúl báirí is fearr sa tír le roinnt blianta anuas agus é ina imreoir tábhachtach d’fhoireann Jim McGuinness.
Agus é ag labhairt ar eagrán speisialta de phodchraoladh Tuairisc, ‘An Pod Spórt’, dúirt Ó Dochartaigh go mbeidh an-seans ag Dún na nGall an cluiche ceannais a bhuachan má éiríonn go maith le Patton ach gur buntáiste mór a bheidh ann do Chiarraí má éiríonn leo teacht i dtír air.
“Tá dhá rud ag Patton atá iontach tábhachtach do Dhún na nGall,” a dúirt Ó Dochartaigh. “Tá’s againn uilig go bhfuil sé in ann an liathróid a chiceáil go fada ach tá sé ábalta í a chiceáil go hiontach gasta fosta. Níl air ach dhá chéim siar a ghlacadh [sula mbuaileann sé an liathróid]. Téann an liathróid fada cinnte ach is mar gheall go dtéann sí chomh gasta, sin an [chúis go ndéanann sé] dochar.”
Cuireadh Patton faoi bhrú sa gcéad leath de chluiche ceathrú ceannais na hÉireann idir Dún na nGall agus Muineachán agus roinnt dá chiceanna amach imithe ar strae agus beidh seift éigin ag Ciarraí chun é a mhoilliú síos, dar le Ó Dochartaigh.
“Beidh Ciarraí ag iarraidh achan rud a shocrú síos. Ní chuirfeadh sé iontas orm dá mbeadh fear ag Ciarraí ag seasamh os comhair Patton, gan é a ligean dó an liathróid a chur ar shiúl go gasta. Má tá Ciarraí in ann an teaictic sin a oibriú agus an liathróid a chur amach 50/50, tiontaíonn an cluiche ansin. Athraíonn an cluiche go dtí cluiche fisiciúil.”
Má bhíonn coimhlint ann i lár na páirce agus an liathróid ag titim chun talaimh ó na ciceanna amach, measann Ó Dochartaigh go mbeidh an buntáiste ag Ciarraí sa gcás sin.
“Beidh liathróidí ag briseadh agus na himreoirí ó Dhún na nGall – [Ciarán] Moore, [Ryan] McHugh, Eoghan Bán [Gallagher] – ní fir mhóra atá iontu. Tá siad tapa cinnte ach níl siad láidir. Ach leithéidí Brian Ó Beaglaoich agus Gavin White, tá na fir láidre ag Ciarraí faoin liathróid nuair a bhristear í.
“Sin an fhadhb is mó a bheidh ag Dún na nGall, an cic amach a fháil. Dúirt Jack O’Connor féin i ndiaidh an chluiche in aghaidh Thír Eoghain, go raibh an cluiche uilig [dírithe ar an] gcic amach agus do lámha a fháil ar an liathróid. Sílim féin gurb é Patton an t-imreoir is tábhachtaí do Dhún na nGall Dé Domhnaigh mar sin an áit a bheidh an cluiche bainte nó caillte,” a dúirt Ó Dochartaigh.
Ag labhairt freisin ar an bpodchraoladh bhí iarchaptaen Chiarraí, Dara Ó Cinnéide, a dúirt go bhfágann an x-factor a bhaineann le David Clifford gur ag Ciarraí atá an buntáiste roimh an gcluiche ceannais ach go bhféadfadh go gcaithfeadh na fir eile atá timpeall air cuid den ualach a iompar ar an nDomhnach.
Cinneadh mór é ag Jack O’Connor mar sin an dtosóidh Paul Geaney an cluiche ceannais, a deir an Cinnéideach.
“Más rud é go gcoimeádann Dún na nGall Seán O’Shea agus David Clifford ciúin, caithfidh bagairt eile a bheith ag Ciarraí agus n’fheadar an bhfuil na tosaithe eile ag Ciarraí tagtha go dtí an pointe sin gur féidir leat a rá, níl sé déanta riamh cheana aige ach go bhféadfadh, mar shampla, Dylan Geaney cúig phointe ón imirt a fháil i gcluiche ceannais na hÉireann. Dá gcuirfeá airgead, ní dócha go dtarlódh sin. Dá mbeifeá ag cur airgead air, ní dócha go ngeobhadh fiú Paudie Clifford cúig phointe ón imirt. Ní dócha go ndéanfadh Micheál Burns, má thagann sé isteach, é sin. D’fhéadfá a bheith nach mór cinnte nach ndéanfadh Graham O’Sullivan é.
“Tá leithéidí Paul Geaney ag teastáil mar d’fhéadfadh sé sin é a dhéanamh dá mbeadh sé ag tosnú. Imreoir ar nós Geaney a bhfuil an oiread taithí aige, ní chuirfidh an ócáid isteach beag ná mór air. Tá an-chuid cluichí ceannais imeartha aige, an-chuid cluichí ceannais caillte aige agus ag foireann seo Chiarraí chomh maith ach ar a laghad ní chuirfidh an ócáid isteach orthu.
Dá mbeadh Paul Geaney in aon tslí ceart in aon chor, thosnóinn é,” a dúirt Ó Cinnéide.
Fág freagra ar '‘Is é Shaun Patton an t-imreoir is tábhachtaí do Dhún na nGall Dé Domhnaigh’ – John Joe Ó Dochartaigh'