Is é is dóichí ná riamh go mbeidh teorainn chrua ann de thoradh an Bhreatimeachta agus muide is mó a bhéas thíos leis

Tá comhoibriú is comhstraitéis ag teastáil níos mó ná riamh ó na páirtithe Éireannacha go léir, ach níl aon chomhartha go fóill go bhfeicfidh muid a leithéid

Is é is dóichí ná riamh go mbeidh teorainn chrua ann de thoradh an Bhreatimeachta agus muide is mó a bhéas thíos leis

Ba léir ón tús is dócha go raibh sé baolach muinín a chur i bhfocal an tSasanaigh, agus gur bhain an baol céanna le bheith ag brath ar an Aontas Eorpach chun féachaint i ndiaidh leas na hÉireann san idirbheartaíocht faoin mBreatimeacht.

I mí na Nollag seo caite bhí an rialtas ag déanamh gaisce as an gcúlstop a ghéill na Sasanaigh an t-am sin. Thug Theresa May geallúint nach gcuirfí aon bhac ar an teorainn idir an stát ó dheas agus an tuaisceart sa gcás go dteipfeadh uirthi aon socrú eile a dhéanamh leis an AE.

Ach céard is fiú geallúint ó dhuine atá ag brath ar an DUP le fanacht in oifig?

Ar ndóigh, ní raibh ach aon socrú ciallmhar amháin ar an bhfadhb seo riamh, agus ba é sin go gcuirfí an teorainn eacnamaíochta idir Éirinn ar fad agus an Bhreatain, ach ní ghlacfadh an DUP leis sin, agus ghlac Teach na Parlaiminte in Westminster le leasú ar rún faoin Aontas Custaim a dhéanfadh mídhleathach a leithéid de shocrú a chur i bhfeidhm.

Gan dabht, tá dímheas as cuimse ar Éirinn ag leithéidí Jacob Rees Mogg agus Boris Johnson, ach tuigeann siad gné amháin den scéal nach bhfuil le tabhairt faoi deara i straitéis an Rialtais maidir leis an mBreatimeacht: ’sé sin, go mbeidh Éire níos measa as de bharr an Bhreatimeachta chrua ná aon bhallstát eile, fiú níos measa as ná Sasana féin.

Is cuma leo cás na hÉireann ar ndóigh, agus is cuma leo céard a tharlóidh do Chomhaontú Aoine an Chéasta, ach mar sin féin, is fíor fós go bhfuil níos mó le cailliúint againne ón mBreatimeacht crua ná dream ar bith eile.

I ndáiríre bhí an Rialtas ag súil an t-am ar fad nach dtarlódh an Breatimeacht, go bhféadfaí é a chur ar ceal, agus tá daoine fós ag iarraidh sin a dhéanamh i Sasana agus ar leathanaigh an Irish Times.

Chaith siad an oiread sin fuinnimh ag tacú le hiarrachtaí Barnier Sasana ag plé snaidhmeanna a cheanglódh Sasana go docht don AE, nár chaith siad mórán dua ar bhealaí a aimsiú is a chur chun cinn a chabhródh leis an mBreatimeacht a thabhairt isteach ar bhealach a d’oirfeadh do mhian na vótóirí i Sasana agus dár riachtanais féin anseo in Éirinn.

Creidim féin go seasfaidh Barnier leis na téarmaí atá leagtha síos cheana féin, cé gur ábhar buartha a ráiteas go bhfuil an tAE sásta dul i mbun cainteanna faoin gcúlstop.  Cuirtear leis an mbuairt nuair a fheictear urlabhraithe mór le rá i measc lucht gnó na Gearmáine ag iarraidh go dtabharfaí tosaíocht do shocrú bog a dhéanamh le Sasana seachas do ‘luachanna’, mar dhea, an Aontais.

Cinnte, ní féidir leis an rialtas cúlú ón seasamh a thóg siad anuraidh, ach ní raibh riamh aon phlean acu ach seasamh leis an AE agus ligean dóibhsean an idirbheartaíocht a dhéanamh ar ár son.

Is fiú cuimhneamh freisin go bhfuil cleas spéisiúil á imirt ag May. Tá sí ag rá anois leis an AE nach bhfuil aon bhealach le teorainn chrua a sheachaint ach trí ghéilleadh don straitéis a cuireadh le chéile i Chequers, straitéis a thagann salach ar phrionsabail na gceithre bhunchloch atá ag an Aontas Eorpach.

Agus maidir leis an teorainn, creidim nach gcuirfidh na Sasanaigh aon bhacanna ansin.  Is é an tAontas Eorpach a rialóidh go gcaithfear a leithéid a bheith ann má bhíonn na Sé Chontae taobh amuigh den Aontas Custaim.

Cá bhfágann na cora is deireanaí seo straitéis an Rialtais agus straitéis Shinn Féin?  Go fírinneach tá siad chomh mór in aimhréidh is atá rialtas na Breataine.

Bhí leisce ar an rialtas an Breatimeacht a cheangal le hathaontú na tíre.  Ba leor dóibh mana a lua ó am go chéile faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta, ach níor shuigh siad síos leis na Sasanaigh riamh chun iad a mhealladh ó bheith ag brath ar an DUP agus glacadh le teorainn ar muir.

Anois tá sé ródhéanach.

Maidir le Sinn Féin chreid siad ar ndóigh, agus is dócha go gcreideann go fóill, go bhféadfaí leas a bhaint as achrann an Bhreatimeachta le hathaontú na tíre a bhrú chun cinn. Bhuel tá sé le feiceáil go soiléir anois gur dream neamhscrupallach iad rialtas na Breataine atá sásta filleadh ar riail na nAontachtóirí ó thuaidh in ionad dul ar ais san AE, ach cén mhaith dúinne é sin?

Is é is dóichí ná riamh go mbeidh teorainn chrua ann in ainneoin a bhfuil ráite, agus is muidne a bheas mar ‘dhamáiste comhthaobhach’ agus na Tóraithe ag imeacht ón Aontas.

Tá comhoibriú is comhstraitéis ag teastáil níos mó ná riamh ó na páirtithe Éireannacha go léir, ach níl aon chomhartha go fóill go bhfeicfidh muid a leithéid.

Fág freagra ar 'Is é is dóichí ná riamh go mbeidh teorainn chrua ann de thoradh an Bhreatimeachta agus muide is mó a bhéas thíos leis'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    An bhfuil Eoin iompaithe? An bhfuil sé in aghaidh na Breatimeachta anois?