Is deacair dúshlán níos mó ná an ceann atá roimh na Muimhnigh inniu a shamhlú

Caithfidh chuile imreoir sa ngeansaí dearg taispeántas céad faoin gcéad a thabhairt uaidh más leo an ceann is fearr a fháil ar Toulouse na Fraince

Is deacair dúshlán níos mó ná an ceann atá roimh na Muimhnigh inniu a shamhlú

Más le foireann ar bith ón tír seo cluiche ceannais Chorn na gCuradh a bhaint amach ag deireadh na míosa seo, seans go gcaithfidh Cúige Mumhan nó Cúige Laighean an ceann is fearr a fháil ar a chéile sna babhtaí leathcheannais faoi cheann seachtaine.

Ach roimhe sin caithfidh an dá chúige sin atá fós sa gcomórtas seo an lámh in uachtar a fháil inniu ar fhreasúra a bheas crua agus thar a bheith fisiciúil.

Is deacair dúshlán níos mó ná an ceann atá roimh na Muimhnigh inniu a shamhlú agus iad ag cur chun páirce i Staid Aviva i gcoinne Toulouse, foireann a bhuaigh an comórtas seo faoi chúig. Bhí buntáiste an bhaile ag na Muimhnigh don choimhlint seo nó gur thug foireann bainistíochta Staid Thuamhan an áit ar cíos ar mhaithe le coirm cheoil Ed Sheeran, cinneadh a d’fhág nach raibh an dara rogha acu ach an cluiche a imirt i Staid Aviva.

Mar bharr ar an mí-ádh, tá fáil ag foireann na Fraince ar dhuine nó beirt atá i measc na n-imreoirí rugbaí is fearr ar domhan faoi láthair, an chomhpháirtíocht leathchúil, Antoine Dupont agus Romain Ntmack, go háirithe. Más faoi fhoireann na Mumhan seans ar bith a thabhairt dóibh féin inniu caithfidh siad an bheirt sin a cheansú ar bhealach éigin. Sin rud nach mbeidh ró-éasca.

Mar sin féin, d’imir na Muimhnigh an cluiche is fearr agus is snasta ó thús an tséasúir seo nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Chaerdydd an deireadh seachtaine seo caite, bua a thabharfas dóchas agus misneach dóibh roimh an gcluiche is tábhachtaí le fada fada an lá.

Caithfidh chuile imreoir sa ngeansaí dearg taispeántas céad faoin gcéad a thabhairt uaidh. Ní leor a bheith ag brath ar thréan-iarrachtaí O’Mahony, Murray agus Carbery amháin. Chas na foirne seo ar a chéile cúig bhabhta go dtí seo. Is iad na Muimhnigh atá chun cinn le trí bhua i gcoinne an phéire atá ag Toulouse. Mar sin féin, is iad na Francaigh a thug an lá leo (40-33) an babhta deiridh a d’imir siad, agus is i Luimneach a imríodh an cluiche sin in Aibreán 2021 agus bhí Dupont agus Ntmack lárnach sa mbua sin.

Tá drogall ormsa dá bhrí sin toradh an chluiche seo a thuar, seachas a rá gur dóigh liom nach mbeidh mórán eatarthu ag a dheireadh.

Ach is cinnte, más rud é go gcailleann Cúige Mumhan le bearna bheag, ní bheidh deireadh go deo leis an gcáineadh a bheas á fháil ag Ed Sheeran bocht, is cuma cé chomh maith agus atá a chuid ceoil.

Ní túisce a bheas an cluiche sin thart nuair a bheas Cúige Laighean ag cur chun páirce i Sasana i gcoinne na Leicester Tigers. Seo dhá fhoireann atá ar bharr thábla a gcomórtais inmheánacha féin. Chas na foirne seo ar a chéile sa gcraobh chluiche i 2009 nuair a fuair Cúige Laighean greim ar a gcéad chorn Eorpach, a bhuíochas sin do bhróg órga Johnny Sexton. Go deimhin bhuaigh Cúige Laighean an comórtas trí bhabhta eile ó shin, an ceann deireadh acu sin i 2018. Tá an comórtas buaite faoi dhó ag Leicester ach caithfidh tú dul i bhfad siar sa stair go dtí 2002 le teacht ar an gceann deiridh acu sin. Siad na Laighnigh rogha na ngeallghlacadóirí don choimhlint seo, ainneoin nach acu atá buntáiste an bhaile. Má tá limistéar amháin ina chúis imní do Leo Cullen, sin an dara líne, áit a bhfuil deacrachtaí maidir le imreoirí gortaithe á chrá le cúpla seachtain anuas.

Ní féidir dá bhrí sin na Tigers a chur as an áireamh ach faoi stiúir Sexton ba cheart go mbeadh Cúige Laighean in ann dóthain a dhéanamh chun bua a chinntiú.

Nach iontach agus nach aisteach thar éis trí bliana déag ó chéad bua Laighean sa gcomórtas seo go bhfuil siad fós ag brath ar scileanna Sexton?

Tá súil agam go bhfuil siad fós aige.

Fág freagra ar 'Is deacair dúshlán níos mó ná an ceann atá roimh na Muimhnigh inniu a shamhlú'