Is breá an rud go bhfuil ráillí traenach á leagan aríst i gConamara

Ní saol fada a bhí ag iarnród Chonamara ach tá cuid mhaith staire ag baint leis

Is breá an rud go bhfuil ráillí traenach á leagan aríst i gConamara

An bóthar iarainn isteach go Stáisiún an Tí Dhóite

Is breá an rud go bhfuil ráillí traenach á leagan aríst ag an Teach Dóite anseo i gConamara. Ni iarnród iomlán atá i gceist ach sampla den iarnród a bhí ag dul as Gaillimh tríd an Teach Dóite siar don Chlochán tráth dá raibh.

Sa mbliain 1895 a d’oscail an t-iarnród sin agus sa mbliain 1935 a dúnadh é.

Rinneadh neart díospóireachta roimh ré faoin mbealach ab fhearr leis an iarnród a chur. Siar le cladach ab fhearr le cuid de na heolaithe é a leagan. Sin é an áit a raibh mórchuid dhaonra Chonamara. a dúirt siad.

Ar dhuine de na daoine a chuir a ladar sa scéal ag an am bhí fear Chonradh na Talún Micheál Mac Daibhéid. Bhí eolas maith aige siúd ar Chonamara. Bhí sé in ann Gaeilge a labhairt freisin. Níorbh iontas ar bith go raibh: dúradh nár thug a mháthair an Béarla léi go hiomlán ariamh. Ba mhaith uaithi amhrán Gaeilge a chasadh, is cosúil.

I litir a scríobh Micheál Mac Daibhéid chuig na nuachtáin dúirt sé gur theastaigh forbairt i ndeisceart Chonamara níos géire ná in áit ar bith eile in Éirinn. Bheadh buntáiste eile leis an iarnród trí Chonamara Theas, a dúirt sé, agus ba é sin go rachadh sé thar Chuan Chasla. D’fhéadfaí Árainn a shroicheadh as taobh istigh d’uair an chloig i mbád seoil.

Mheabhraigh sé go raibh daonra mór in Árainn agus iad ar bheagán deiseanna.

Ar an iascaireacht is mó a bhí sé ag cuimhneamh. B’iontach an deis a bheadh ag iascairí a gcuid éisc a chur ar an margadh ar an traein, dar leis. Thuig sé go raibh tábhacht le baile an Chlocháin ach ba é an dá mhar a chéile ag muintir an bhaile sin cén treo a dtiocfadh an traein chucu.

Thagair sé don iascaireacht slaite a bhí le fáil i dtuaisceart Chonamara. Ba mhór ag iascairí as Sasana agus as áiteacha eile an cineál sin iascaireachta ach bhí an Daibhéideach lánchinnte gur thábhachtaí go mór don tír na hiascairí farraige le cladach agus gur cheart a leas siúd a chur roimh leas na n-úinéirí saibhre locha agus abhann i mBaile na hInse.

Ag na húinéirí saibhre a bhí an lá mar sin féin. Thairg mhuintir Bherridge cuid den eastát ollmhór a bhí acu ó thuaidh a thabhairt in aisce le haghaidh an iarnróid. Chuidigh sin go mór lena gcúis.

Ní saol fada a bhí ag an iarnród as Gaillimh don Chlochán ach tá cuid mhaith staire ag baint leis.

Isteach go dtí an Teach Dóite ar an traein a tháinig Pádraig Mac Piarais go Ros Muc an chéad lá ariamh sa mbliain 1903. Chuirtí traein speisialta ar fáil as Baile Átha Cliath go Conamara sa samhradh an uair sin. An Connemara Express a tugadh uirthi.

D’fhágadh sí an Ardchathair ag a 7 a chlog ar maidin agus bhíodh sí ar an Sraith Salach ag ceathrú tar éis a 12. Bhíodh béile le fáil uirthi.

Bhí óstán ag an gcomhlacht iarnróid ar an Sraith Salach. D’ith Rí Shasana a bhéile ann nuair a thug seisean cuairt ar Chonamara sa mbliain 1903 freisin. Isteach ar an traein go Gaillimh a thaistil sé ina dhiaidh sin.

Níl a fhios agam an dtéadh Lord Dudley ar an traein ach bhíodh seisean i Ros Muc ag an am sin é féin. Ba é Fear Ionaid an Rí in Éirinn é.

Sa mbliain 1920 bádh a bhean i Scríb. Bhí stailc ar na hiarnróid ar fud na tíre ag an am. Bhí a mac ina oifigeach ar shaighdiúirí Shasana i gContae an Chláir, tháinig sé aníos agus b’éigean dó traein speisialta a eagrú le corp a mháthar a thabhairt chun bealaigh.

Dea-scéala mar sin go bhfuil ráillí á leagan aríst ag an Teach Dóite ach nach íorónta an rud é nach bhfuil cead againn bóthar maith amháin a bheith againn amach as Conamara ar na saolta seo!

Rialacha timpeallachta an Aontais Eorpaigh a d’fhág ar an gcaoi sin muid.

Fág freagra ar 'Is breá an rud go bhfuil ráillí traenach á leagan aríst i gConamara'

  • CLuas

    Ba mhaith é an Dáibhéideach!
    Meas tú dá mbeadh sé beo inniu nach ndéarfadh sé go mb’fhearr córas traenach nua a chur siar le cósta, córas a dhéanfadh freastal ar an gceantar is dlú daonra i gConamara seachas airgead a chaitheamh ar ráille samplach de líne nár sheas ach dhá scór bliain? Cé a tháinig i gcomharbacht ar na Berridges agus a léithéidí? Nach orthu sin, ar na comhlachtaí móra iasachta agus lucht airgid atá an rialtas ‘dúchais’ agus Údarás na Gaeltachta ag freastal? Ní chuirfeadh an lúitéis le lucht an rachmais aon ghliondar ar an Dáibhéideach dá maireadh sé lenár linn.