Is beag trácht a dhéantar ar an dochar a dhéanann an chogaíocht don aeráid

Má chuirtear airm an domhain le chéile, agus na tionscail a chuireann an t-armlón ar fáil, tá siad freagrach as cuid mhaith de théamh an domhain

Is beag trácht a dhéantar ar an dochar a dhéanann an chogaíocht don aeráid

Sa ruaille buaille ar fad atá ar bun faoi théamh na cruinne is beag trácht a dhéantar ar an dochar a dhéanann airm, armlón agus cogaí. Tá cúis mhaith leis agus is é sin gur ábhar é a d’éirigh le Meiriceá a choinneáil de chlár na gcruinnithe nuair a bhí Prótacal Kyoto á chur le chéile.

Ag an gcomhdháil timpeallachta a bhí i bPáras in 2015 fágadh faoi na tíortha an t-eolas a chur ar fáil go deonach.

Ní raibh sé ar chlár an chruinnithe ag comhdháil Ghlaschú beag ná mór.

Leis an tslándáil náisiúnta a chosaint a cheil siad féin an t-eolas, a dúirt na Meiriceánaigh. Sin é an leithscéal a bhíonn acu go hiondúil nuair is mian leo eolas míthaitneamhach eicínt a phlúchadh.

Leis an gceart a dhéanamh, tá na húdaráis sa tSín, sa Rúis agus i dtíortha eile chomh dona leo.

Níl baol ar bith nach ndéantar scrios le linn cogaidh. An marú agus an martrú an chuid is measa den scéal ar ndóigh ach cuirtear drochbhail ar an timpeallacht freisin.

Tosaíonn an dochar nuair a bhaintear as an talamh ábhar le múnlú ina armlón. Ní gan dochar a dhéantar an múnlú ina dhiaidh sin.

Leanann an mhísc ar aghaidh nuair a thosaíonn na saighdiúirí ag traenáil ach ní tada an dá rud sin go dtéitear chun catha ar pháirc an áir agus go dtosaíonn lámhach gunnaí tréan mar dúradh san amhrán.

Cuimhnigh ar na tancanna móra cumhachtacha ag tornáil trasna gaineamhlaigh agus iad ag fágáil sruth carbóin ina ndiaidh. Sin agus scairdeitleáin ag réabadh tríd an spéir agus ag scaoileadh buamaí ar bhunáiteanna míleata.

Má chuirtear airm an domhain le chéile, agus na tionscail a chuireann an t-armlón ar fáil, deirtear go bhfuil siad freagrach as 6% de théamh an domhain. Ar ndóigh tá sé ionann agus a bheith cinnte go bhfuil an figiúr sin i bhfad níos airde. Is críonna an té a déarfadh nuair atá an t-eolas coinnithe uainn.

Dúirt Aire Cosanta na Breataine gur 3 milliún tonna carbóin a sceitheann coimpléasc míleata na Breataine sa mbliain. Bhréagnaigh eolaithe idirnáisiúnta é. Dúirt siadsan gur 11 milliún tonna atá i gceist.

Maidir le hAontas na hEorpa maíonn na maorlathaithe sa mBruiséil gur 24.8 milliún tonna a scaoileann airm an Aontais in aghaidh na bliana.

56 milliún tonna millteanais atá tugtha síos d’arm Mheiriceá ach arís eile tá eolaithe idirnáisiúnta ann a déarfadh go mbeadh 205 milliún tonna i bhfad níos gaire don mharc.

Meastar gur scaoileadh 141 milliún tonna carbóin san aer in imeacht cheithre bliana le linn ionradh na hIaráice.

Go leor de na cogaí a raibh Meiriceá páirteach iontu is ar son na hola a thosaigh siad iad. Ar ndóigh ní cuidiú ar bith dó na hola don timpeallacht bíodh cogadh ar bun nó ná bíodh.

I bhfianaise na meastachán ar fad atá déanta ar an truailliú atá an dream míleata a dhéanamh nach bocht an ní go mbeidh ócáid ag arm na hÉireann arú amárach, 25 Samhain, le páirt na tíre seo i dtionscal na n-arm a neartú tuilleadh. Tionscadal de chuid Aontas na hEorpa atá ann go bunúsach.

Tá sé de dhánaíocht i lucht a eagraithe a rá go mbeidh an éiceachóras ar cheann de na hábhair a phléifear!

An dream atá in ainm is a bheith i gceannas orainn is ríbheag an t-ómós atá acu do neodracht na tíre. Is é mian a gcroí a bheith páirteach in arm Eorpach.

An raibh impireacht ann riamh gan arm a bheith aici?

Fág freagra ar 'Is beag trácht a dhéantar ar an dochar a dhéanann an chogaíocht don aeráid'

  • An Teanga Bheo

    Mó laoch thú a Joe an fhírinne glan amach agat agus Iimpireacht + armlón le chéile i gconaí