Is beag eolaí rásaíochta a thiocfadh i bhfoisceacht mbeannaí Dia nodanna Mhánuis…

Baineann Mánus Ó Conghaile an sásamh céanna i gcónaí as an ngáifeacht agus as an gcallán a bhaineann le Cheltenham. Thug sé roinnt nodanna dúinn roimh fhéile na bliana seo...

Is beag eolaí rásaíochta a thiocfadh i bhfoisceacht mbeannaí Dia nodanna Mhánuis…

Cén gleo é siúd ag teacht ‘nár dtreo?
Sin torann cos na gcapall.
Seo chugainn saighdiúirí airm an rí
Anseo i lár an ghleanna.’

Scéal gruama, brúidiúil, neamhthrócaireach a bhain le ‘torann cos na gcapall’ atá luaite sa dán ‘Anseo i Lár an Ghleanna’ a scríobh Seán Mac Fheorais agus a d’fhoghlaim go leor againn sa scoil bheag fadó. Mura bhfuil tú inár measc baineann an dán le dúnmharú a rinne na Cótaí Dearga ar shagart le linn na bPéindlíthe.

Léigh tú féin é, is maith is fiú sin – bíodh go raibh eolas cheana agat ina thaobh nó nach raibh.

Cúis scannail a bheadh ann don údar, dá mairfeadh sé, go mba phíosa cliste scannánaíochta a chonaic mé ar theilifís an lá cheana a mheabhraigh a shaothar dom. Fógra d’Fhéile Rásaíochta Cheltenham a bhí ann, imeacht atá ar leic na tairsí againn.

Bhí an scáileán chomh dubh leis an ngual ag a thús agus gan gíog ná míog as an mbosca. Ansin de réir a chéile mhéadaigh torann na gcrúb. Mhair an dorchadas go raibh siúd mar a bheadh toirneach ann. Ansin go tobann solas an lae agus scal an ceamara de réir a chéile ón spéir anuas ar Prestbury Park.

Choinnigh ‘torann cos na gcapall’ leis an rás a bhí ag teacht chun críche nó gur chroch marcach an fhuip san aer mar chomhartha ceiliúrtha.

Bhí na Cótaí Dearga ansiúd freisin. Ní mba le harm an rí a bhain siad agus ní mba chos ar bolg a bhí ar intinn acu. Le lúcháir a bhaineann a gcúram an babhta seo – tionlacann a dhéanamh ar an mbuaiteoir gur leagadh an choróin air nó uirthi.

Bhuail aiféala láithreach mé nach mbeidh mé sa ngleann faoi bhun Cleeve Hill na laethanta seo ag teacht. Níl neart air.

Fear a bheas ansiúd is ea Mánus Ó Conghaile a bhíonn le feiceáil ag roinnt a chuid eolais le lucht féachana TG4 sa gclár Rásaí Beo agus freisin ar chláracha spóirt Raidió na Gaeltachta.

Tamall ó shin chaintigh mé anseo ar an gcaoi a léirítear oilteacht Mhánuis sna leideanna a thugann sé ar Facebook go rialta ar ráiseanna na hÉireann lá ar bith a mbíonn a leithéid ar siúl.

An t-am sin, rinne mé staidéar ar nodanna Mhánuis i rásaí a bhí ar siúl i nDún Dealgan, Baile na Lobhar, Corcaigh, Nás na Rí, Páirc Ghabhráin agus ar an Uaimh in imeacht seacht lá i mí Dheireadh Fómhair 2022.

Ba é a thoradh sin nach raibh aon eolaí rásaíochta, in aon bhrainse de na meáin sa tír seo ná i Sasana a thiocfadh i bhfoisceacht mbeannaí Dia dá chuid nodanna.

19 buaiteoir (idir 8/11 agus 16/1) sna 47 rás a ritheadh an tseachtain sin – chríochnaigh 17 eile dá chuid nodanna sa bhfráma.

Níl iniúchadh chomh géar céanna déanta agam ar an ráta reatha atá ag Mánus. Fós má deirim leat gur bhuaigh cúig cinn de na nodanna a thug sé san Uaimh an tseachtain seo caite agus go raibh an buaiteoir nó capall a bhí sa bhfráma ainmnithe aige in ocht gcinn den dosaen rás a ritheadh i mBaile na Lobhar Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh, tuigfidh tú cén fáth a bhfuil meas tuillte ag a thuairimí.

Fiú agus an turas déanta aige chuile bhliain de bhreis agus deich mbliana fichead, baineann an Conghaileach sásamh i gcónaí as an ngáifeacht agus as an gcallán a bhaineann le Cheltenham. Fós tá iarraidh den suaimhneas agus den tsocracht faoin mbealach a dtugann sé féin faoina oilithreacht.

Seachnaíonn sé fuilibiliú an aerfoirt agus na dtraenacha agus taistealaíonn ar an mbád farantóireachta. Ansiúd bíonn trí huaire go leith aige agus ag lucht rásaíochta eile a bhfuil muintearas eatarthu leis na blianta agus iad ar fad chomh barúlach lena chéile ar a gcompord.

Agus ceann scríbe bainte amach, is de shiúl na gcos a théann sé chuig páirc na rásaí, oiread aithne aige faoi seo ar an dream a itheann bricfeasta san óstán leis agus a bheadh ar a mhuintir féin.

Ní fheiceann Mánus aon athrú ag teacht i mbliana ar an bhforlámhas atá glactha ag capaill atá á dtraenáil sa tír seo ar Fhéile Cheltenham, áit a bhfuil 70% de na rásaí a ritheadh ansiúd le trí bliana buaite acu.

Is iad an Corn Óir, an Champion Hurdle, An Queen Mother Champion Chase, an Ryanair Chase agus an Stayers’ Hurdle na cúig rás is luachmhaire a ritear. Tá £1.25 milliún ag dul do na buaiteoirí sna 5 rás sin amháin. Capaill de chuid na tíre seo a bhuaigh na rásaí sin ar fad le trí bliana, cé is moite de chapall Nicky Henderson, Constitution Hill a bhuaigh an Champion Hurdle anuraidh. Níl sé ar fónamh faoi láthair agus ní bheidh san iomaíocht Dé Máirt.

‘Tá an t-eagar atá ar rásaíocht na hÉireann i bhfad níos fearr ná atá i Sasana. Tá urraíocht agus duaischistí ar chéim níos airde agus dhéileáil Rásaíocht Capall Éireann mar eagraíocht i bhfad níos fearr le Covid-19 ná a rinne a gcomhghleacaithe thall,’ dar le Mánus.

‘Tabhair faoi deara an dul chun cinn atá déanta ag cúrsaí beaga ar nós Bhaile an Róba. Ní hiontas go bhfuil úinéirí as Sasana ag cur capaill chun na tíre seo anois,’ a deir sé.

Is beag amhras atá ar Mhánus nach ndéanfaidh capaill na tíre seo chomh maith i mbliana agus atá déanta acu le cúpla Féile, go háirithe sna Rásaí Grád 1 a bhfuil 15 acu ann.

‘Faoi mar a sheasann rudaí faoi láthair, tá ocht gcapall de chuid Willie Mullins sa rás is túisce a rithfear [An Supreme Novice], péire a thraenálann sé ar cheann an mhargaidh agus capaill de chuid Gordon Elliott agus Henry de Bromhead ina ndiaidh aniar ar an liosta sin. Tharlódh gurb í an cheist is mó a bheas le freagairt minic go leor i mbliana cé acu de na cinn Éireannacha a bhuafaidh, nó do deimhin cé acu de chinn Willie!”

Dá mbeadh Ballyburn fágtha san iomaíocht sa Supreme, is é a bheadh mar rogha ag Mánus ann. Is cosúil anois gur ar an gCéadaoine a fheicfear é, rud a fhágann gur do Firefox as stábla Gordon Elliot a thugann sé an svae.

Ag brath ar chéard a shocrófar faoi chapaill a bhfuil iontráil acu i gcúpla rás faoi láthair, measann sé go mbeidh siad seo a leanas chun cinn sna rásaí móra eile Statesman agus Lossiemouth (Champion Hurdle Dé Máirt). Fact to File sa Novice Hurdle (Dé Céadaoin) agus El Fabiolo sa Queen Mother ina dhiaidh.

As stábla Willie Mullins iad sin ar fad. Déardaoin tá meas aige ar sheansanna Fast or Slow (Martin Brassil) sa Ryanair – más ansiúd a ritheann sé.

Gallopin Des Champs a rogha do Chorn Óir na hAoine, lá a bhféadfadh Irish Point (Gordon Elliott) an Stayers’ Hurdle a bhuachan mura mbeidh rite Dé Máirt aige.

As an tsúil leanúnach a chaitheann Mánus Ó Conghaile ar rásaí capall mórán chuile lá den tseachtain a thagann ceann de na buanna is fearr atá aige. Sin a aithint ar chapaill go bhfuil siad ag dul i bhfeabhas agus go mb’fhéidir nach fada go bhfeicfí gaisce uathu. Dá bharr sin d’iarr mé air cúpla nod a thabhairt dúinn sna bac-rásaí, áit gur minicí a fheictear a leithéid. Cuimhnigh agus mé ag scríobh seo go bhfuil capaill ann atá fós ainmnithe i gcúpla rása.

DÉ MÁIRT

1.30 Firefox
2.50 Theatre Man (e/w)
3.30 State Man
4.50 Palamon (e/w)

DÉ CÉADAOIN

2.10 Ballyburn
2.50 Encanto Bruno e/w
3.30 El Fabiolo
5.30 Cantico e/w

DÉARDAOIN

1.30 Ginny’s Destiny
3.30 Irish Point
4.10 Theatre Man e/w
5.30 Whacker Clan

DÉ hAOINE

1.30 Iberico Lord e/w
2.20 King of Kingsfield (e/w)
2.50 Captain Teague (e/w)
3.30 Gallopin Des Champs

Is fiú freisin a deir sé súil a choinneáil ar Quai de Bourbon a bhfuil a ainm istigh ag Willie Mullins i rásaí a bheas ar siúl ar an gCéadaoin agus ar an Aoine, ach ar ndóigh nach rithfidh ach i gceann amháin acu.

Fág freagra ar 'Is beag eolaí rásaíochta a thiocfadh i bhfoisceacht mbeannaí Dia nodanna Mhánuis…'