‘Is beag duine a aithnítear as a gcéad ainm, ach b’in agat Big Tom’

Tá Big Tom. duine de mhór-réaltaí cheol tíre na hÉireann, ar shlí na fírinne

‘Is beag duine a aithnítear as a gcéad ainm, ach b’in agat Big Tom’

Tá Big Tom, an t-amhránaí ceol tíre mór le rá, tar éis bháis in aois 81 bliain.

Thug muintir an amhránaí as Muineachán, a bhí ar dhuine de mhór-réaltaí cheol tíre na hÉireann, le fios ar maidin go bhfuair sé bás go suaimhneach.

“Is le croí trom a fhógraímid bás ár n-athar ionúin, Big Tom McBride (RIP) ar maidin.

“Bhásaigh Daid go suaimhneach agus a mhuintir ina chomhluadar. Aireoidh an uile dhuine a raibh aithne acu air uathu go mór é. Suaimhneas síoraí go raibh aige,” a dúradh sa ráiteas óna theaghlach ar Facebook.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar gur údar mór bróin aige bás Big Tom.

“Níl aon amhras ach gur fhathach i saol ceol tíre na hÉireann ab ea Big Tom le 50 bliain anuas. Lena bhanna ceoil the Mainliners, líon sé hallaí damhsa fud fad na tíre. Scáthán ar shaol na hÉireann ab ea a chuid amhrán agus ba nasc tábhachtach [le hÉirinn] iad do dhiaspóra na hÉireann.

“Is beag duine a aithnítear as a gcéad ainm, ach b’in agat Big Tom. Léiriú é sin ar an ngean a bhí air agus gur sa Táin a bhí sé mar Rí Cheol Tíre na hÉireann. Ba mhaith liom mo chomhbhrón a chur in iúl dá chlann agus dá lucht leanúna iomadúil,” arsa an Taoiseach Leo Varadkar.

Dúirt a chomhamhránaí Daniel O’Donnell gur duine “an-tábhachtach” a bhí ann do mhuintir na hÉireann anseo agus thar lear agus d’amhránaithe eile chomh maith.

“Méala mór a bhás. Níl aon mhíniú air. Ba é an duine ab fhearr ar fad acu.”

 

 

Fág freagra ar '‘Is beag duine a aithnítear as a gcéad ainm, ach b’in agat Big Tom’'