Is beag dóchas ag Éirinn agus Ronaldo agus an Phortaingéil rompu

Tá Éire fágtha gan pointe ar bith tar éis a gcéad dá chluiche agus is beag faoiseamh atá i ndán dóibh anocht agus iad ag tabhairt aghaidh ar an bPortaingéil

Is beag dóchas ag Éirinn agus Ronaldo agus an Phortaingéil rompu
Éire v An Phortaingéil
7.45pm (Beo ar RTÉ)

Tá trí chluiche cáilithe ag foireann sacair na hÉireann idir seo agus Dé Máirt seo chugainn agus pointí ag teastáil go géar más le Stephen Kenny agus a chuid imreoirí seans ar bith a bheith acu áit a bhaint amach ag Corn an Domhain 2022.

Tá Éire fágtha gan pointe ar bith tar éis a gcéad dá chluiche agus ní mór an faoiseamh atá i ndán dóibh anocht agus iad ag tabhairt aghaidh ar an bPortaingéil.

Tá an bainisteoir fós faoi bhrú agus súil ann go rachaidh na torthaí i bhfeabhas go luath. Bhuaigh Kenny a chéad chluiche ag tús an tsamhraidh i gcoinne Andóra ach tá go leor le cruthú aige go fóill, go háirithe i ndiaidh an chluiche in aghaidh Lucsamburg mí an Mhárta.

Bhí an-mhí-ádh ar Kenny go dtí seo agus imreoirí tábhachtacha in easnamh air go minic. Is amhlaidh an scéal go fóill agus leithéidí Callum Robinson, Enda Stevens agus Jason Knight ar iarraidh an tseachtain seo ach bíodh sin mar atá brisfidh an fhoighne ar dhaoine gan mhoill, mura bhfuil sin tarlaithe cheana féin.

Chinn Kenny gan Darren Randolph a roghnú sa scuad do na cluichí atá le teacht toisc nach bhfuil sé ag imirt lena chlub i láthair na huaire agus, dá bhrí sin, seans go bhfanfaidh Gavin Bazunu mar chúl báire ar an bhfoireann, rud a thabharfaidh muinín don fhear óg.

Níl cúrsaí an-dona i measc na gcosantóirí, go háirithe agus Shane Duffy ar ais i mbarr a mhaitheasa le Brighton i bPríomhroinn Shasana. Seans gur idir Duffy agus Dara O’Shea a bheidh sé áit a fháil sa lár taobh le John Egan agus Séamus Coleman.

Tá Éire fós lag go maith i lár páirce. Tá Josh Cullen ag imirt go rialta d’Anderlecht sa Bheilg, cé nach bhfuil ag éirí go maith leosan sa tsraith, ach níor imir leithéidí Jayson Molumby, Conor Hourihane ná Jeff Hendrick ar chor ar bith dá gclubanna go dtí seo sa séasúr nua.

An fhadhb chéanna atá ann i measc na dtosaithe agus gan aon chluiche tosaithe go fóill ag Adam Idah do Norwich ná ag Aaron Connolly do Brighton. Chuir Kenny a mhuinín sa bheirt seo cheana agus tá an fuinneamh a bhíonn acu tábhachtach sa chóras imeartha a bhíonn aige.

Ní raibh an Phortaingéil thar mholadh beirte in EURO 2020 i rith an tsamhraidh agus chlis ar sheaimpíní 2016 i mBabhta an 16. Tá imreoirí den scoth acu amhail Bruno Fernandes, Diogo Jota, Bernardo Silva, Rúben Dias agus Ronaldo, ach ba é an fear atá ag filleadh ar Manchester United an t-aon duine acu a bhí i mbarr a mhaitheasa sa samhradh.

Seo an chéad uair ag Ronaldo ag dul chun páirce ó d’fhill sé ar Manchester United, ach ar an drochuair d’Éirinn, is beag an baol nach mbeidh an tosach dírithe go hiomlán ar an gcluiche anocht. Ní theastaíonn ach cúl amháin eile uaidh chun curiarracht dhomhanda a bhaint amach. Faoi láthair, tá Ronaldo ar comhchéim le Ali Daei na hIaráine agus 109 cúl scóráilte acu i gcluichí idirnáisiúnta ach má aimsíonn an Portaingéalach an sprioc anocht, beidh sé amuigh leis féin, an áit is ansa leis.

I ndiaidh an droch-shamhraidh a bhí acu, tá bainisteoir na Portaingéile, Fernando Santos, faoi bhrú freisin agus tuairim ann go mbíonn stíl róchosantach in úsáid aige. Má bhíonn an Phortaingéil ag dul ar an ionsaí rómhór anocht, d’fhéadfadh go mbeadh deis ag Éirinn ar an bhfrithionsaí ach ná bí ag súil le mórán.

Fág freagra ar 'Is beag dóchas ag Éirinn agus Ronaldo agus an Phortaingéil rompu'