‘Irish paper 2 was the Rihanna of exams, flawless’ – lucht na hardteiste ar mire séin

Sásta go maith bhí lucht na hardteiste le Páipéar 1 de scrúdú Gaeilge na hardteistiméireachta inné, ach níos sásta fós a bhí siad le Páipéar 2 inniu

‘Irish paper 2 was the Rihanna of exams, flawless’ – lucht na hardteiste ar mire séin

Má bhí lucht na hardteiste sásta inné le Páipéar 1 de scrúdú Gaeilge na hardteistiméireachta, bhí cluaisíní croí ceart inniu orthu agus Páipéar 2 ar cheann de na páipéir scrúdaithe ab éasca le fad, de réir tuairiscí ar na meáin shóisialta.

Ba chathair mar a tuairisc na dánta agus an prós a bhí ar pháipéar an lae inniu, rud a chuir áthas ar mhórán, ní foláir.

Ní raibh daltaí sásta anuraidh nach raibh tásc ná tuairisc ar Géibheann ach bhí faoiseamh i ndán do chleas na bliana seo a bhí ag brath ar dhán Chaitlín Maude.

De réir na dtráchtanna ar na meáin shóisialta, is beag duine nach raibh an-sásta go deo leis an bpáipéar.

Faraor, mar a bhíonn i gcónaí, bhí corrdhuine nach raibh sásta lena gcuid i ndiaidh an scrúdaithe.

Fág freagra ar '‘Irish paper 2 was the Rihanna of exams, flawless’ – lucht na hardteiste ar mire séin'

  • Moire

    Cen sort leathamadan a scriofadh ‘the Rihanna of papers’? Agus caith uaim an cac asail sna trachtanna eile. Gan Ghaeilge gan Bearla agus moireis orthu faoi.

  • Moire

    Ceartu: ‘sort leathamadain’

  • Hiy

    Bhi an mac leinn sin ina ri cheana ar an Rihanna sin gan chaim? Ha ha.