Iriseoir de chuid Raidió na Gaeltachta tofa ar Údarás Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Bhí Nuala Ní Chonghaile ar dhuine de cheathrar a bhain áit amach ar an údarás i dToghchán na gCéimithe, a reáchtáladh an tseachtain seo

Iriseoir de chuid Raidió na Gaeltachta tofa ar Údarás Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Tá iriseoir de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta tofa ar Údarás na hOllscoile in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Bhí Nuala Ní Chonghaile ar dhuine den cheathrar a bhain áit amach ar an údarás i dToghchán na gCéimithe, a reáchtáladh an tseachtain seo.

Tá Ní Chonghaile, a bhíonn ag obair i gceannáras RnaG i gCasla i gConamara, tar éis 20 bliain a chaitheamh ag obair sna meáin Ghaeilge. Tá sí ar bhord feidhmeannach náisiúnta an NUJ, ceardchumann na n-iriseoirí, chomh maith.

Is iad Edel Browne, Conor Fottrell agus an Briogáidire-Ghinearál Ger Aherne na céimithe eile a bhain áit amach ar an údarás.

Deichniúr ar fad a toghadh ar Údarás na hOllscoile an tseachtain seo.

Toghadh An Dr Rachel Hilliard, an Dr Anthony Grehan, agus an Dr Dara Cannon ón bhfoireann acadúil agus toghadh  Sinéad Beacom, Eric Mortimer, agus Monica Crump ó fhoireann na seirbhíse gairmiúla.

Vótáil breis agus 5,000 céimí agus comhalta foirne sa toghchán.

Tiocfaidh Údarás nua na hOllscoile i bhfeidhm an 1 Feabhra 2021 agus beidh sé ann go dtí 2025.

Ceapadh triúr Ollúna ar Údarás na hOllscoile roimh an toghchán ós rud é go raibh líon na n-ainmniúchán mar a chéile le líon na n-áiteanna a bhí ar fáil. Is iad sin an tOllamh Aisling McCluskey, Scoil na Matamaitice, na Staitisticí & na Matamaitice Feidhmí; an tOllamh Michal Molcho, Léann Leanaí, Scoil an Oideachais; agus an tOllamh Jim O’Gara, Scoil na nEolaíochtaí Nádúrtha.

Cuirfear tús le toghcháin na mac léinn chun ceathrar ionadaithe a thoghadh ar Údarás na hOllscoile ag deireadh mhí Eanáir.

Ghabh Uachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh buíochas le gach duine a sheas sa toghchán agus chuir sé fáilte roimh na comhaltaí nua.

“Tá creidiúint mhór tuillte ag gach duine a sheas sa toghchán don Údarás as tacú le daonlathas ár nOllscoile agus próifíl an Údaráis a ardú agus an obair thábhachtach a dhéanann sé,” a dúirt an tOllamh Ó hÓgartaigh.

Dúirt Caroline Loughnane, Rúnaí Gnóthaí Rialachais & Acadúla OÉ Gaillimh gur léiríodh “spéis nach bhfacthas riamh cheana sa toghchán seo ag comhaltaí foirne agus ag céimithe.” 

“Is mór an spreagadh é réimse agus caighdeán na n-iarrthóirí atá toilteanach a gcuid ama agus fuinnimh a infheistiú i dtodhchaí na hOllscoile.”

Fág freagra ar 'Iriseoir de chuid Raidió na Gaeltachta tofa ar Údarás Ollscoil na hÉireann, Gaillimh'