Ionadaí ar bith ag TG4 ar an mbord agallaimh don phost is sinsearaí i Nuacht RTÉ/TG4 agus i mBéarla a bheidh na hagallaimh

Inniu a reáchtálfar an dara babhta agallamh do phost an Phríomh-Eagarthóra ar Nuacht RTÉ/TG4 agus beirt atá fós san iomaíocht don phost

Ionadaí ar bith ag TG4 ar an mbord agallaimh don phost is sinsearaí i Nuacht RTÉ/TG4 agus i mBéarla a bheidh na hagallaimh

Pictiúr: RollingNews.ie

Níl aon ionadaí ag TG4 ar an mbord agallaimh a ainmneoidh an chéad cheannasaí eile ar Nuacht RTÉ/TG4, agus i mBéarla a reáchtálfar inniu an babhta deiridh agallamh don phost.

Dúirt RTÉ le Tuairisc.ie tráthnóna inné gur tugadh cuireadh d’Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont a bheith ar an mbord agallaimh ach nár ghlac sé leis an gcuireadh sin.

D’fhiafraigh Tuairisc.ie de TG4 cad chuige nach raibh aon ionadaí acu ar an mbord agallaimh i bhfianaise a lárnaí is atá Nuacht TG4 i sceideal an stáisiúin agus sa socrú atá acu le RTÉ maidir le soláthar clár.

Mar fhreagra ar an gceist sin, dúirt urlabhraí ó TG4 go bhfuil Ard-Stiúrthóir an stáisiúin á ‘choinneáil’ ar an eolas faoi gach céim den phróiseas ceapacháin ach “gur ceist í seo a bhaineann le hacmhainní daonna RTÉ”.  

“Tuigeann RTÉ go gcaithfidh an duine a cheapfar a bheith in ann cloí leis an straitéis Nuachta atá ag Ardstiúrthóir TG4,” a dúirt an t-urlabhraí.

Ba i nGaeilge a bhí an chéad bhabhta agallamh don phost an tseachtain seo caite, ach dheimhnigh urlabhraí de chuid RTÉ do Tuairisc.ie gur i mBéarla a bheadh na hagallaimh chinniúnacha inniu.

Bhí an scéal amhlaidh, a dúirt an t-urlabhraí, mar gur agallaimh “níos leithne” a bhí i gceist le hagallaimh an lae inniu. I nGaeilge a bhí an chéad bhabhta agallamh, ar tháinig beirt tríd. Níl aon duine a bhí ar an gcéad bhord agallaimh sin ar an mbord a chuirfidh an bheirt iarrthóirí atá fágtha faoi agallamh inniu.

Tá an dara babhta agallamh ar siúl inniu don phost mar Phríomh-Eagarthóir Nuacht RTÉ/TG4 agus tuigtear do Tuairisc.ie gur beirt atá fós san iomaíocht – iriseoir atá lonnaithe i seomra nuachta RTÉ i nDomhnach Broc agus bainisteoir sinsearach de chuid na seirbhíse atá lonnaithe i mBaile na hAbhann.

Tuigtear gur ceathrar atá ar an mbord agallaimh,  Stiúrthóir Ábhar RTÉ Jim Jennings, Ceannasaí Nuachta RTÉ  Jon Willams, Hilary McGouran, Bainisteoir Eagarthóireachta Nuacht Teilifíse RTÉ agus Tanya McNulty ó Rannóg Acmhainní Daonna RTÉ. 

Cuireann RTÉ Nuacht TG4 ar fáil mar chuid dá ndualgas 365 uair an chloig de chláir a chur ar fáil don chraoltóir Gaeilge in aghaidh na bliana.

Bhí plé fada ar bun le déanaí idir lucht ardbhainistíochta TG4 agus RTÉ mar gheall ar chur chuige eagarthóireachta agus brandáil na seirbhíse nuachta Gaeilge ag an dá chraoltóir.

Bhí an caidreamh idir an dá stáisiún míshocair go maith le linn do na cainteanna leochaileacha sin a bheith ar siúl, thángthas ar réiteach faoi dheireadh ar an easaontas faoi chúrsaí nuachta.

Mar chuid den aighneas faoi chúrsaí nuachta bhagair lucht bainistíochta TG4 nach gceadófaí do RTÉ a bhfeasacháin nuachta Gaeilge a chraoladh ón stiúideo nua i gceannáras Bhaile na hAbhann agus shocraigh RTÉ go ndéanfaí réamhthaifeadadh ar a bhfeasacháin nuachta Ghaeilge agus go gcraolfaí iad ó Dhomhnach Broc.

Ní dheachaigh RTÉ ar aghaidh leis an bplean sin sa deireadh ach bhí díomá agus fearg ar bhaill foirne na seirbhíse nuachta Gaeilge go raibh a leithéid beartaithe agus ardaíodh an cheist leis an Taoiseach sa Dáil.

Tiocfaidh an té a cheapfar mar Phríomh-Eagarthóir Nuacht RTÉ/TG4 i gcomharbacht ar Michael Lally a d’éirigh as an gcúram sin an mhí seo caite.

Bhí Michael Lally i gceannas ar Nuacht TG4 ó tháinig ann don stáisiún Gaeilge i 1996.

Tá Príomh-Eagarthóir Nuacht TG4/RTÉ freagrach as an soláthar nuachta agus cúrsaí reatha teilifíse i nGaeilge ar RTÉ agus TG4 agus as an tseirbhís nuachta a chuirtear ar fáil i nGaeilge ar líne. Beidh an té a cheapfar ag tuairisciú do Bhainisteoir Stiúrtha Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ.

Níos túisce i mbliana, chaith Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont amhras ar thiomantas RTÉ do chomhlíonadh a ndualgas reachtúil i leith TG4.

Cé gur chuir Esslemont fáilte roimh an socrú nua le RTÉ faoi sholáthar nuachta an dá stáisiún agus cé go ndúirt sé gur mór aige an chomhpháirtíocht idir RTÉ agus TG4, thug sé le fios gur dóigh leis nach bhfuil RTÉ ag comhlíonadh a ndualgas reachtúil i dtaobh an stáisiúin Ghaeilge..

“An deacracht is mó, ná ní chuireann RTÉ a ndóthain acmhainní ar fáil don chraoltóireacht agus do na meáin Ghaeilge agus caithfidh mise leanacht, agus leanfaidh mé, le brú a chur ar RTÉ. 

“Ní dóigh liom go bhfuil siad ag cur ar fáil a ndóthain le haghaidh an uair an chloig sa lá atá ceaptha dóibh a chur ar fáil sa reachtaíocht,” a dúirt Ardstiúrthóir TG4. 

Fág freagra ar 'Ionadaí ar bith ag TG4 ar an mbord agallaimh don phost is sinsearaí i Nuacht RTÉ/TG4 agus i mBéarla a bheidh na hagallaimh'

  • Sinéad Ní Chaomhánaigh

    Hmmm. “Tuigeann RTÉ go gcaithfidh an duine a cheapfar a bheith in ann cloí leis an straitéis Nuachta atá ag Ardstiúrthóir TG4,” Yeah right!