Plean ag RTÉ an nuacht Ghaeilge a réamhthaifeadadh agus gan aon réiteach go fóill ar easaontas le TG4

Tá sé i gceist an feasachán nuachta Gaeilge a théann amach ar RTÉ 1 gach tráthnóna ag 5.40 a réamhthaifeadadh ag a 5.00 chun nach gcuirfeadh an feasachán Gaeilge aon ‘bhrú’ ar chlár nuachta an Bhéarla Six One

Plean ag RTÉ an nuacht Ghaeilge a réamhthaifeadadh agus gan aon réiteach go fóill ar easaontas le TG4

Tá sé i gceist ag RTÉ réamhthaifeadadh a dhéanamh ar a bhfeasacháin nuachta Gaeilge agus iad a chraoladh ó Dhomhnach Broc ó Dé Luain seo chugainn.

Agus gan aon réiteach aimsithe fós sna cainteanna idir RTÉ agus TG4 faoi sholáthar nuachta Gaeilge an dá stáisiúin, tá réamhthaifeadadh le déanamh ar na feasacháin Ghaeilge ‘in order to prevent any stress or detraction from the 6-1 [The Six One News]’.

Faoi láthair, craoltar feasacháin nuachta RTÉ agus Nuacht TG4 araon beo ó cheannáras TG4 i mBaile na hAbhann i gConamara, ach tá ceist mhór faoin socrú sin i bhfianaise an easaontais idir an dá chraoltóir faoi chúrsaí nuachta.

Tuigtear go bhfuil “díomá agus fearg” ar bhaill foirne na seirbhíse nuachta Gaeilge faoin gcasadh is déanaí seo san aighneas idir an dá stáisiún faoin leagan amach nua a bhí beartaithe don tseirbhís nuachta Gaeilge.

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuair baill foirne sa seomra nuachta amach faoi phlean RTÉ nuair a scaipeadh comfhreagras a sheol bainisteoir sinsearach i nDomhnach Broc go dtí baill foirne eile inné.

Dúirt an bainisteoir sinsearach sa chomfhreagras sin go mbeadh sé “necessary for us to accommodate the Nuacht TV bulletin from Studio 3 for a period, starting on Monday 29 [Eanáir]’. Mar go mbeadh an feasachán nuachta Gaeilge á chraoladh ó Dhomhnach Broc, seachas ó Bhaile na hAbhann, “packages will be sent by FTP or up the line from Connemara,” a dúradh.

Dúradh freisin go raibh sé i gceist an feasachán a théann amach ar RTÉ 1 gach tráthnóna ag 5.40 a réamhthaifeadadh ag a 5.00 chun nach gcuirfeadh an feasachán Gaeilge aon ‘bhrú’ ar an gclár nuachta Béarla, The Six One News.

‘In order to prevent any stress or detraction from the 6-1 [The Six One News], Nuacht will be recorded daily at 5pm. and uploaded via media flex for play out at its normal broadcast time’.

Dúradh go raibh iarracht déanta an socrú nua seo a sheachaint, go raibh cainteanna ar bun chuige sin, ach nár thángthas ar aon réiteach sna cainteanna sin go fóill.

“Apologies for the late notice, but efforts had been underway to try to avoid this situation. Those efforts have not yielded a solution,” a dúirt an ball de lucht bainistíochta seomra nuachta RTÉ i mBaile Átha Cliath.

Tá cainteanna ar bun le timpeall bliain anuas idir RTÉ agus TG4 maidir leis an tseirbhís nuachta Gaeilge, ach tá a bhfuil i ndán don athrú ar chur chuige na nuachta idir dhá cheann na meá ó thug RTÉ le fios do TG4 nach raibh siad sásta dul ar aghaidh leis an socrú go mbeadh branda Nuacht TG4 ar nuacht RTÉ ón 15 Eanáir ar aghaidh.

Mar thoradh ar an diúltú sin bhagair lucht bainistíochta TG4 nach gceadófaí do RTÉ a bhfeasacháin nuachta Gaeilge a chraoladh ón stiúideo nua i gceannáras Bhaile na hAbhann.

Bhí cruinniú ann an tseachtain seo caite idir lucht na hardbhainistíochta i TG4 agus RTÉ ar mhaithe le deireadh a chur leis an easaontas, ach is cosúil nach bhfuil aon réiteach aimsithe go fóill.

Bhí an cruinniú sin, ag a raibh Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont agus Ardstiúrthóir RTÉ Dee Forbes i láthair aige, ar siúl Dé Máirt seo caite, an lá roimh an dáta go rabhthas in ainm is tús a chur leis an leagan amach nua ar chúrsaí nuachta.

Bhí cainteanna ar bun idir an dá stáisiún anuraidh faoi na socruithe nua maidir lena soláthar nuachta Gaeilge agus bhí sé i gceist deireadh a chur le branda Nuacht RTÉ agus ‘Nuacht TG4’ a chur ina áit ar fheasacháin teilifíse RTÉ.

Faoin socrú sin, Nuacht TG4 seachas Nuacht RTÉ a thabharfaí feasta ar an bhfeasachán nuachta a chraoltar ar RTÉ 1 ag 17.45 tráthnóna, agus chraolfaí na cláir nuachta Gaeilge ar fad, ar RTÉ agus ar TG4, ó stiúideo nua i gceannáras TG4 i mBaile na hAbhann.

Ach cuireadh an plean sin ó mhaith nuair a thug ardbhainistíocht RTÉ le fios d’ardbhainistíocht TG4 nach rabhthas sásta a thuilleadh go gcraolfaí ‘Nuacht TG4’ ar RTÉ. Bhí idir alltacht agus dhíomá ar lucht bainistíochta TG4 faoin scéal agus iad den tuairim go raibh an margadh déanta maidir leis na socruithe nua a bhí le teacht i bhfeidhm an mhí seo. Bhí díomá ar lucht TG4 go háirithe mar go raibh an plean nua curtha i láthair na foirne cheana féin ag triúr de lucht bainistíochta RTÉ.

Is iad RTÉ a chuireann Nuacht TG4 ar fáil mar chuid dá sholáthar reachtúil don stáisiún Gaeilge.

Fág freagra ar 'Plean ag RTÉ an nuacht Ghaeilge a réamhthaifeadadh agus gan aon réiteach go fóill ar easaontas le TG4'

  • Páid Ó Donnchú

    …cúrsaí spóirt sa dheiridh agus thug foireann rugbaí na hÉireann aghaidh ar Shasana inniu. Tá an chluiche thart faoi seo agus feicfidh sibh toradh an chluiche ar RTÉ News
    Anois, stair na haimsire. .