Ionad Gaeilge do cheantar Cois Fharraige á phlé

Deir bainisteoir Chomharchumann Shailearna gur cheart go dtógfaí ionad náisiúnta Gaeilge i gConamara tharla é a bheith ar an gceantar Gaeltachta is mó sa tír

Ionad Gaeilge do cheantar Cois Fharraige á phlé

An suíomh trasna ó Shéipéal Naomh Ainnín sna hAille

Tá tús curtha le plé maidir le hionad Gaeilge nua a thógáil in Indreabhán i gConamara.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt bainisteoir Chumann Sailearna, Morgan Ó Conchubhair, gur cheart go dtógfaí ionad náisiúnta Gaeilge oidhreachta i gConamara tharla é a bheith “ar an gceantar Gaeltachta is mó sa tír”.

“Níl aon ionad náisiúnta sa tír a dhéanann ceiliúradh ar an nGaeilge agus gach a mbaineann leis an teanga agus le pobal na Gaeltachta agus is mór an náire nach bhfuil a leithéid d’ionad ann,” a dúirt Ó Conchubhair.

Dúirt sé gur chóir go mbeadh an t-ionad “dírithe go príomha ar thurasóirí agus ar dhaoine ar spéis leo cúrsaí a dhéanamh ar ghnéithe éagsúla de chúrsaí Gaeilge, oidhreachta agus cultúir”.

Tuigtear, áfach, go bhfuil daoine eile sa cheantar nach bhfuil ar son a leithéid d’ionad oidhreachta a thógáil agus go mb’fhearr leo forbairt a bheadh dírithe níos mó ar phobal na háite féin. Is í an láthair atá molta don fhorbairt ná an suíomh trasna ó Shéipéal Naomh Ainnín sna hAille.

Cé go bhfuil tús curtha leis an bplé faoin bhforbairt, níl aon socrú cinnte déanta ina taobh fós.

Ritheadh rún ag cruinniú poiblí a reáchtáladh i Seanscoil Sailearna aréir  ag moladh a bhfuil déanta ag an gcomharchumann i gCois Fharraige le 34 bliain anuas agus ag léiriú muiníne ann maidir le forbairt a dhéanamh ar an bpíosa talún “ar mhaithe le cur chun cinn na háite”.

Beidh an píosa talún sin, atá faoi láthair faoi iontaobhas ag Iontaobhas Deoiseach Naomh Iarlaith do mhuintir an pharóiste, á thabhairt ar láimh do Chomharchumann Sailearna don fhorbairt nua.

Fág freagra ar 'Ionad Gaeilge do cheantar Cois Fharraige á phlé'