Inniu Lá Idirnáisiúnta na mBan, nára fada uainn ‘Pláinéad 50-50’…

Comhionannas inscne i ngach réimse an sprioc – sa teach, sa rialtas, i gcúrsaí oideachais, ar bhoird stiúrtha comhlachtaí, sna meáin chumarsáide, sa spórt, sa tsiamsaíocht, sa bhfostaíocht… agus i roinnt an rachmais agus na cumhachta

Inniu Lá Idirnáisiúnta na mBan, nára fada uainn ‘Pláinéad 50-50’…

Ceiliúradh atá sa lá inniu, Lá Idirnáisiúnta na mBan, ar a bhfuil bainte amach ag mná i gcúrsaí sóisialta, eacnamaíochta, cultúrtha agus polaitíochta.

I mbliana is é mian na Náisiún Aontaithe go gcuirfí béim ar an nuálaíocht agus ar an teicneolaíocht mar bhealaí leis an gcomhionannas inscne agus cumasú na mban a chur chun cinn ar fud an domhain ar fad.

Is í comhairle an lae inniu ag na NA: ‘Penser équitablement, bâtir intelligemment, innover pour le change’ (Comhionannas san intinn, cliste sa tógáil agus athrú sa nuálaíocht),

Tá cuid mhaith le déanamh fós más linn sprioc na NA a bhaint amach – ‘Pláinéad 50-50’ faoin mbliain 2030.  Mar a deir an Breitheamh RBG sa scannán On the Basis of Sex, caithfear na struchtúir shóisialta agus riaracháin a spreagann nó a chothaíonn an leithcheal a leagan ceann ar cheann.

D’ainneoin feachtas láidir a bheith ar siúl ag Fondúireacht Eolaíochta Éireann chun na hábhair STEM (eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus matamaitic) a chur chun cinn sna scoileanna, is léir go bhfuil deighilt mhór inscne sa saol digiteach agus gur ag méadú atá sí.

D’fhoilsigh an fhondúireacht Straitéis Inscne 2016-2020 inar léiríodh gur cúrsaí clainne agus cúraim ba mhó a spreag mná le postanna breátha STEM a fhágáil. Ach luaitear chomh maith easpa eiseamláirí agus tacaíochta i measc lucht taighde. Bíodh is go bhfuil eisceachtaí iontacha ann sa tír seo féin amhail Jocelyn Bell Burnell, níl dóthain ban gníomhach san earnáil sin. Go líontar an bhearna sin ní dhéanfar forbairt ar nuálaíochtaí a bheidh in oiriúint do na hinscní ar fad agus a rachas chun tairbhe don saol uilig.

Ó tharla gurb iad na nuálaíochtaí sin a mhúnlóidh an saol atá romhainn, tá sé fíorthábhachtach go mbeadh taithí agus tuairimí na mban sa gcomhaireamh agus nuálaíochtaí á ndearadh agus á gcur i bhfeidhm i ngach réimse den saol digiteach ó chúrsaí baincéireachta ar líne go dtí an intleacht shaorga.

Spéisiúil go leor is fada an lá é tuigthe ag eagraíochta forbartha deonacha sna tíortha atá i mbéal forbartha a thábhachtaí a bhíonn sé comhairle na mban a fháil agus airgead le caitheamh ar fhorbairt.

Cuimhním ar phobal amháin i Leosóta ar theastaigh bóthar mór ó na fir ar fad ach tobar uisce glan a theastaigh ó na mná. I gcultúr nach obair don fhear a bheith ag tarraingt uisce, ba bheag a dtuiscint ar an stráice den lá a chaith mná ag tarraingt uisce, allas arbh fhiúntaí leo é a chur sa ngarraí ag saothrú beatha dá gclann.

An todhchaí sin, ina dtabharfaidh an teicneolaíocht agus an nuálaíocht deiseanna iontacha do mhná agus do chailíní a bheith i lár an aonaigh agus seirbhísí agus infreastruchtúir á gcruthú a bheidh cuimsitheach, inmharthana agus an comhionannas inscne ina lár, atá á cheiliúradh inniu.

Ní ceist do mhná amháin í ceist na cothromaíochta, is ceist í a bhaineann go dlúth le cúrsaí inscne. Comhionannas inscne i ngach réimse an sprioc – sa teach, sa rialtas, i gcúrsaí oideachais, ar bhoird stiúrtha comhlachtaí, sna meáin chumarsáide, sa spórt, sa tsiamsaíocht, sa bhfostaíocht agus i roinnt an rachmais agus na cumhachta – agus is fearr a bheas an saol dá bharr.

Fág freagra ar 'Inniu Lá Idirnáisiúnta na mBan, nára fada uainn ‘Pláinéad 50-50’…'