NOD DON EOLAÍ: Fisiceoir as Ard Mhacha le duais $3 milliún a bhronnadh ar mhic léinn ar bheagdheise

Bronnfar an Breakthrough Prize le Fisic ar Jocelyn Bell Burnell a tógadh ar an Lorgain, ag ócáid speisialta i Silicon Valley i mí Dheireadh Fómhair. Tá sí chun an duais $3 milliún a thabhairt ar láimh…

NOD DON EOLAÍ: Fisiceoir as Ard Mhacha le duais $3 milliún a bhronnadh ar mhic léinn ar bheagdheise

Ainmníodh Jocelyn Bell Burnell a tógadh ar an Lorgain i gcontae Ard Mhacha, mar bhuaiteoir an Breakthrough Prize le Fisic in California le déanaí. Bronnfar an duais uirthi ag ócáid speisialta i Silicon Valley i mí Dheireadh Fómhair. Dúirt sí go mbronnfadh sí na trí mhilliún dollar atá sa duais ar Institiúid Fisice na Breataine agus na hÉireann chun scoláireachtaí a chur ar fáil do dhaoine a bhíonn gann ar dheiseanna agus do mhionlaigh. 

Is fisiceoir í Bell Burnell a tháinig ar an chéad phulsár nuair a bhí sí ina mac léinn in Ollscoil Cambridge sna seascaidí.  Bhí sí i mbun taighde faoi stiúir Antony Hewish ag déanamh anailís ar radathonnta a bhí ag scaipeadh ar fud na cruinne.

Oíche amháin tháinig sí ar chomhartha láidir radathonnta. Chaith sí cúpla lá ina dhiaidh sin ag iarraidh teacht orthu arís ach níor éirigh léi.  Measadh gurbh amhlaidh a bhí comhartha domhanda a bhí ag teacht ó ghluaisteáin nó ó stáisiúin raidió ag cur isteach ar na huirlisí s’aici.  Ach lean sí uirthi leis an taighde agus tháinig sí ar an chomhartha arís.  Bhí an comhartha ag teacht agus ag imeacht mar a bheadh bíog.

I ndeireadh na dála, fuarthas amach gur phulsár a bhí taobh thiar den chomhartha, neodrónréalta a eisíonn radathonnta de réir mar a bhíonn sí ag casadh.

Bronnadh an duais Nobel ar stiúrthóir s’aici as fionnachtain na bpulsár i 1974.  Níor ainmníodh Bell Burnell. Rogha chonspóideach a bhí ann, mar ba ise a tháinig ar an na sonraí ar dtús.  Cé nach bhfuair sí cothrom na Féinne an uair sin, níor ghoill sé uirthi. 

Ó shin i leith chaith sí a saol i mbun taighde agus í ag obair in ollscoileanna éagsúla sa Ríocht Aontaithe, an Ollscoil Oscailte san áireamh, mar ar chaith sí seal ina bainisteoir ar an teileascóp James Clerk Maxwell ar shliabh Mauna Kea, in Haváí.

Tá neart oibre déanta aici ar son chearta na mban agus na mionlach sa saol eolaíochta. 

Nuair a chuaigh sí go Cambridge ag obair i saotharlann chlúiteach Cavendish, níor airigh sí ar a compord ansin.  An tráth sin fir as deisceart na Breataine formhór na dtaighdeoirí.  Mar bhean óg as Thuaisceart Éireann, ní raibh sí ar a compord ann.

Sin an fáth, a deir sí, go bhfuil sí chun scoláireacht a chur ar bun do dhaoine ar bheagdheise agus do mhic léinn as mionlaigh éagsúla.  Tá taighde ann a thaispeánann go gcuireann an éagsúlacht le gach uile eagraíocht, ollscoileanna agus gnóthaí san áireamh.  Tá sí ag iarraidh go gcuirfidh na scoláireachtaí seo leis éagsúlacht i measc na dtaighdeoirí san fhisic.

Fág freagra ar 'NOD DON EOLAÍ: Fisiceoir as Ard Mhacha le duais $3 milliún a bhronnadh ar mhic léinn ar bheagdheise'