Inniu Biodiversity Day – ach coinníodh amach an Ghaeilge arís

Ní ag cabhrú le caomhnú na teanga atá go leor eagraíochtaí stáit ach ag scaipeadh a gcuid ceimicí marfacha i ngairdín na Gaeilge

Inniu Biodiversity Day – ach coinníodh amach an Ghaeilge arís

Pictiúr: Leah Farrell / RollingNews.ie

Bhreathnaigh mé ar chlár an-spéisiúil ar TG4 an tseachtain seo, Plean Bee.

Bhí an clár é féin go breá agus bhí go leor eolais ann faoin méid gur féidir linn uilig a dhéanamh ar mhaithe lenár mbeacha agus ár bpailneoirí (pollinators) a chaomhnú. Chomh luath agus bhí deis agam an lá dár gcionn, chuaigh mé ag fiosrú faoi céard is féidir liomsa a dhéanamh le tacú leis an dúlra.

Bhí mé ar bís. Bhí a fhios agam go raibh roinnt bainte amach agam le cúpla bliain anuas, an gairdín scaoilte chun fiántais agam agus mé éirithe as aon rud le ceimicí a úsáid.

Ní bheadh mórán oibre ansin i gcomparáid leis an obair mhór a bheadh le déanamh anois agam.

Faraor tharla an rud céanna a tharla chuile uair eile go raibh mé ar bís faoi rud éigin a dhéanamh ar mhaithe lenár n-oidhreacht. ‘Cic san éadan’ ó thús deireadh don Ghael.

Leathanach an All-Ireland Pollinator Plan – i mBéarla amháin. Tada nua ansin.
Leanfaidh mé orm a dúirt mé liom féin, fiú má tá siad aineolach tá mé cinnte go bhfuil a gcroí san áit cheart. Thosaigh mé ag clárú i mBéarla. ‘Pledge your garden for pollinators.’ Isteach liom. Gach rud i mBéarla… Ach gníomh ar son na cúise a bhí anseo…

Ansin go tobann rith ceist liom. ‘Cén fáth sa diabhal nach dtuigeann na caomhnóirí iad féin go bhfuil siad ag scaipeadh ‘ceimicí marfacha’ i ngairdín na Gaeilge?’.

Cé hiad lucht an All-Ireland Pollinator Plan seo? Tá siad mar chuid den National Biodiversity Data Centre. Chuaigh mé acu sin agus níor tháinig mé ar leagan Gaeilge den leathanach baile. Ghlaoigh mé ar lucht an All-Ireland Pollinator Plan agus an National Biodiversity Data Centre le fáil amach an raibh seirbhís ar fáil trí Ghaeilge uathu, agus ní raibh aon duine ag freagairt mar gheall ar Covid-19. Ní raibh seirbhís i nGaeilge mar rogha. Tada faoin nGaeilge ar líne acu.

Cé leis a bhaineann an National Biodiversity Data Centre? Tá siad faoi choimirce, fan leis…An Chomhairle Oidhreachta. Faoi dheireadh, teideal i nGaeilge, is cinnte go mbeidh na daoine seo ag iarraidh cabhrú liom ó thaobh na Gaeilge de. An Chomhairle Oidhreachta atá orthu ag deireadh an lae. Nach bhfuil an Ghaeilge mar chuid dár n-oidhreacht? Isteach liom ar an suíomh agus tá rogha Ghaeilge ann. Yippee! Ba léir gurb é an Satharn beag seo Lá Idirnáisiúnta na Bithéagsúlachta mar bhí  físeáin álainn ar an suíomh a léiríonn an bhithéagsúlacht atá sa tír agus an tábhacht atá léi. Tá an físeán go hálainn. I mBéarla a bhí an téacs. Fíorbheagán oibre a bheadh i gceist le leagan Gaeilge den téacs a chur ar fáil den fhíseán ar an leathanach Gaeilge, ach níor bhacadar nó níor chuimhnigh siad ar fiú.

Seo an téacs atá ar an scáileán.

22 May 2021 Biodiversity Day
We’re part of the solution #ForNature

We are the first generation to truly comprehend the reality of what we are doing to…the natural world.

We may be the last with the chance to avert much of the damage.

The extinction crises is due to us. Humanity has witnessed the destruction of 60% of mammal, bird fish & reptile populations around the world.

Reversing biodiversity loss requires all of us to be leaders.

Our biodiversity, our natural heritage is our right, but also our responsibility.

Saving the planet is not only about saving nature, it is about saving humanity.

With this knowledge comes an extraordinary burden of responsibility that we all share.

We are part of the solution.

Maith dom an Béarla, ach i mo thuairimse, fad is a bhaineann sé leis an nGaeilge, ‘The Heritage Council is a part of the problem and not the solution’.

122 focal le haistriú go Gaeilge. Sin uile a bhí le déanamh. Thart ar uair a chloig oibre do dhuine éigin. Ní raibh siad fiú in ann an méid sin a dhéanamh.

Tá an íoróin soiléir anseo. D’fhéadfaí aon rud atá ráite faoin sliocht i mBéarla thuas a úsáid mar argóint don Ghaeilge í féin a chaomhnú ach tá An Chomhairle Oidhreachta dall ar an íoróin seo, is cosúil. Creidim go bhfuil claonadh neamh-chomhfhiosach in aghaidh na Gaeilge sa státchóras go léir. Sin cuid den argóint a bhí agam nuair a bhí mé ag plé cás ‘an síneadh fada’ leis an gCoimisinéir Teanga. Feicim tuilleadh den chlaonadh neamh-chomhfhiosach céanna i scéal na mbeach agus scéal an Biodiversity Day.

Nuair nach bhfeicinn eagraíochtaí stáit an Ghaeilge mar chuid dár n-oidhreacht tá fadhb mhór agat.

Ní ag cabhrú le caomhnú na teanga atá na heagraíochtaí seo ach ag scaipeadh a gcuid ceimicí marfacha i ngairdín na Gaeilge lena gcuid aineolais agus a gclaonadh neamh-chomhfhiosach.

Fág freagra ar 'Inniu Biodiversity Day – ach coinníodh amach an Ghaeilge arís'

  • Máire Uí Shíthigh

    An ceart ar fad agat a Chiaráin. Cheapas go raibh an clár ana mhaith leis. Níor thuigeas riamh conas ná deintear plé ar chaomhnú na timpeallachta agus na teanga ag an am gcéanna.

  • Éilís Ní Anluain

    Tagaim leat a Chiaráin. Íoróin amach is amach. ‘Nuair nach bhfeicinn eagraíochtaí stáit an Ghaeilge mar chuid dár n-oidhreacht tá fadhb mhór agat.’

  • Colm Mac Séalaigh

    Ceart ar fad agat a Chiaráin. Bhíos den tuairim i gcónaí óna 70í i leith go raibh agus go bhfuil an státchóras in aghaidh na Gaeilge, na Gaeltachta agus an Ghaelachais ar fáth éigin nach léir dom agus gurb é ról an státseirbhísigh neamhshuim agus neamhaird ina dtaobh a chleachtadh. Conas an meon sin a bhriseadh síos an dúshlán mór