‘In ainm an athar agus an mhic’ – brú ar theaghlach Kingston roimh chluiche ceannais na hÉireann

Ní hé seo an chéad uair sa Chumann Lúthchleas Gael a mbeidh mac ag dul i muinín a athar nuair a chasfaidh Corcaigh agus Luimneach ar a chéile i gcluiche ceannais na hÉireann

‘In ainm an athar agus an mhic’ – brú ar theaghlach Kingston roimh chluiche ceannais na hÉireann

Kieran Kingston lena mhac Shane Kingston. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Ceann de na ceisteanna is mó atá á gcur roimh chluiche ceannais iomána na hÉireann an deireadh seachtaine ná an gcuirfear Shane Kingston Chorcaí isteach ón tús in aghaidh Luimnigh.

I measc na n-ionadaithe a thosaigh Kingston an cluiche leathcheannais in aghaidh Chill Chainnigh coicís ó shin ach nuair a tugadh isteach é luath sa dara leath, rinne an tosach óg scrios. Seacht bpointe ar fad a scóráil Kingston idir sin agus deireadh an ama breise, gach ceann acu ón imirt.

Údar iontais é do go leor daoine go bhfuil aon cheist ann an mbeidh sé ag imirt ó thús chluiche ceannais an Domhnaigh ach tá tuairim ann gur fearr Kingston a choinneáil siar arís agus é a thabhairt isteach sa chluiche chun spreagadh a thabhairt do Chorcaigh nuair a bheidh gá leis.

Cinneadh tábhachtach a bheidh ann do chluiche ceannais na hÉireann ach seans gurb é an rud is suimiúla faoi ná gurb é athair Shane Kingston, Kieran, a bheidh ag déanamh an chinnidh agus é ina bhainisteoir ar Chorcaigh.

Tá léirithe ag Kieran cheana féin nach dtabharfaidh sé fabhar dá mhac agus é fágtha ar lár don chluiche leathcheannais. Roimh an gcluiche in aghaidh Chill Chainnigh, ní raibh aon imreoir eile ar fhoireann Chorcaí a raibh níos mó scóranna ón imirt faighte acu ná Kingston óg ach, fós, mheas a athair nach raibh an beart á dhéanamh aige.

Nuair a rinne Shane gaisce ach cead imeartha a bheith tugtha dó agus an lá tugtha leo ag na Corcaígh, bhí athair agus mac in ann gáire a dhéanamh i ndiaidh an chluiche faoin gcaidreamh atá eatarthu. Dúirt Kieran, agus é ag magadh, gur cheart dó a mhac a fhágáil amach ón bhfoireann níos minice ach d’admhaigh Shane go raibh beagáinín teannais nó míchompord sa bhaile idir an bheirt sna laethanta roimh an gcluiche leathcheannais.

Níl aon amhras ach go gcaithfidh sé go bhfuil sé deacair acu an caidreamh a láimhseáil go stuama ach tá ráite ag Shane go bhfuil siad imithe ina chleachtadh anois agus blianta caite ag Kieran mar bhainisteoir ar fhoirne a mhic, idir foirne faoi aois agus an dá bhliain a chaith Kieran i gceannas ar shinsir Chorcaí in 2016-17.

“Fanann sé amach uaim den chuid is mó agus fágann sé ag an gcuid eile den fhoireann bainistíochta treoir a thabhairt dom. Sin é an bealach is fearr, is dócha,” a dúirt Shane níos luaithe i mbliana.

“Tá a chroí istigh san iomáint agus nuair a fhaigheann sé deis labhairt liom fúithi, déanfaidh sé sin ach déanann muid iarracht stuif Chorcaí a fhágáil amach ón gcuid eile agus gan labhairt air sin ach nuair a bhíonn muid ag traenáil.”

Fear amháin a mbeadh meas aige ar an easpa trócaire a léirigh Kingston dá mhac ná an fear a bhí ar an taobhlíne leis le linn an chluiche leathcheannais sin coicís ó shin.

Tá sealanna caite ag beirt de chlann mhac Brian Cody ar phainéal sinsir Chill Chainnigh ach is cinnte nach bhféadfaí a chur i leith Cody go raibh sé claonta i bhfabhar a chlainne.

In 2006, bhí Donnacha Cody ag imirt ar fhoireann Chill Chainnigh a bhuaigh Craobh Laighean ach níor roghnaíodh é don chluiche ceathrú ceannais in aghaidh na Gaillimhe. Chuaigh Cill Chainnigh ar aghaidh chun cluiche ceannais na hÉireann a bhuachan ach níor imir Cody óg fiú nóiméad amháin eile sa chraobh an bhliain sin, ná sa dá bhliain eile a chaith sé ar an bpainéal ina dhiaidh sin.

D’éirigh le mac eile le Brian, Diarmuid, áit a bhaint amach ar phainéal na gCat in 2015 ach, arís, ní raibh an bainisteoir chun áit a thabhairt d’aon duine nach raibh sin tuillte aige agus is beag dul chun cinn a rinne Diarmuid leis na sinsir.

Tá níos mó samplaí sa pheil d’athair a bheith i gceannas ar fhoireann idirchontae lena raibh a mhac ag imirt.

Rinne foireann Chill Dara gaisce tráth a raibh Mick O’Dwyer ina bhainisteoir uirthi agus a mhac Karl ag imirt ach níor thug Micko áit dá mhac ar an bhfoireann nuair a thugadar aghaidh ar a gcontae dúchais, Ciarraí, i gcluiche cáilithe in 2002. Tugadh Karl isteach tar éis 60 nóiméad ach bhí air an pháirc a fhágáil arís trí nóiméad ina dhiaidh de bharr gortaithe. Chaill Cill Dara an lá sin agus b’in mar a d’fhág athair agus mac slán le foireann an chontae.

Tá nasc ag beirt eile ó Chiarraí Theas le Cill Dara ach cé gur imir Éanna O’Connor do Chill Dara roimhe seo, níor imir sé dóibh ó ceapadh a athair, Jack, ina bhainisteoir in 2019.

Athair agus mac eile iad Colm agus Podge Collins atá fós ag treabhadh leo sa Chlár ach beidh muintir Kingston ag iarraidh sampla beirt Ghaillimheach a leanúint agus Craobh na hÉireann a bhuachan le chéile.

Cé nach raibh an téarma ‘bainisteoir’ sa bhfaisean ag an am, ba é sin an cúram a bhí ar John ‘Tull’ Dunne as Béal Átha na Sluaighe nuair a bhuaigh peileadóirí na Gaillimhe Corn Mhig Uidhir trí huaire as a chéile idir 1964-1966 agus geansaí uimhir 10 ar a mhac Cyril sna trí chluiche.

Ní bheadh aon chaint ar mhíchompord i dteaghlach Kingston dá n-éireodh leo gaisce dá leithéid a dhéanamh.

Fág freagra ar '‘In ainm an athar agus an mhic’ – brú ar theaghlach Kingston roimh chluiche ceannais na hÉireann'