Imreoir Gaeltachta ainmnithe mar pheileadóir mionúir na bliana

Tá Tomás Farthing as an Spideál agus cúigear eile d’fhoireann na Gaillimhe a bhuaigh Craobh na hÉireann an mhí seo caite ainmnithe ar fhoireann mionúr 2022

Imreoir Gaeltachta ainmnithe mar pheileadóir mionúir na bliana

Imreoir óg Gaeltachta as an Spidéal, Tomás Farthing, atá roghnaithe mar Pheileadóir Mionúir na Bliana 2022.

Tá cúigear eile d’fhoireann na Gaillimhe a bhuaigh Craobh na hÉireann an mhí seo caite ainmnithe ar an bhfoireann a d’fhógair urraí an chomórtais, Electric Ireland inniu. Ba é ógánach Bhaile an Domhnalláin ‘Laoch na hImeartha’ sa gcluiche in aghaidh Mhaigh Eo agus thuill an gradam céanna ina mbua ar Dhoire sa mbabhta leathcheannais.

Uimhir 2 a bhí ar gheansaí Farthing le linn an chomórtais, ach bhí lámh aige i ngluaiseachtaí go leor a thuill scóranna tábhachtacha d’fhoireann Alan Glynn a buaileadh faoi thrí laistigh dá gcúige féin i dtús an tséasúir – faoi dhó in aghaidh Mhaigh Eo (0-4 in aghaidh 1-15 agus 0-13 in aghaidh 0-7) agus in aghaidh Liatroma (0-8 in aghaidh 3-12).

Bhí Farthing gortaithe i dtús an chomórtais agus níor facthas i mbun imeartha é go dtáinig an dara cluiche in aghaidh Mhaigh Eo i mí an Mheithimh – an cliseadh leathdhosaen cúilíní sin i gcluiche ceannais an chúige.

Sé lá dár gcionn bhí sé i mbarr a mhaitheasa i mbabhta ceathrú ceannais na hÉireann nuair a bhuaigh Gaillimh gan choinne ar fhoireann Átha Cliath a raibh 4-23 scóráilte acu sa dá chluiche a d’imir siad i gCraobh Laighean.

Ní hamháin gur choinnigh Tomás agus cosantóirí eile na Gaillimhe a gcéilí comhraic taobh le sé chúilín, ach tháinig sé fhéin aníos an pháirc agus scóráil ceann do Ghaillimh ag am cinniúnach.

Ag bisiú a bhí sé chuile uair a ndeachaigh sé i mbun páirce as sin amach.

Foireann Peile Mionúr Electric Ireland 2022

1. Kyle Gilmore (Gaillimh & Seamróga Chortúin)

2. Tomás Farthing (Gaillimh & An Spidéal) – Peileadóir na Bliana

3. Ben Hughes (Tír Eoghain & Domhnach Mór)

4. Rio Mortimer (Maigh Eo & Clár Chlainne Mhuiris)

5. Paul Gilmore (Maigh Eo & Clár Chlainne Mhuiris)

6. Cillian Trayers (Gaillimh & Baile Chláir na Gaillimhe)

7. Fionn Murphy (Ciarraí & An Ráth Mhór)

8. Ruairí Forbes (Doire & Seamróga Bhaile an Doire)

9. Jack Lonergan (Gaillimh & Baile Chláir na Gaillimhe)

10. Johnny McGuckian (Doire & An Gleann)

11. Éanna Monaghan (Gaillimh & Baile Chláir na Gaillimhe)

12. Diarmuid Duffy (Maigh Eo & Baile an Róba)

13. Joe Quigley (Áth Cliath & Cill Mhochuda na Crócaigh)

14. Ronan Clarke (Maigh Eo & Dáibhéidigh na Muaidhe)

15. Colm Costello (Gaillimh & An Dún Mór)

Fág freagra ar 'Imreoir Gaeltachta ainmnithe mar pheileadóir mionúir na bliana'