Imní mhór ar phríomhoidí go dtiocfaidh ardú mór ar líon na n-iarratas ar dhíoluine ón nGaeilge

Tá soiléiriú iarrtha ag an INTO ar an Roinn Oideachais faoi ghnéithe éagsúla de chóras nua dhíolúine na Gaeilge

Imní mhór ar phríomhoidí go dtiocfaidh ardú mór ar líon na n-iarratas ar dhíoluine ón nGaeilge

Tá imní mhór ar phríomhoidí scoile go dtiocfaidh ardú mór ar líon na n-iarratas ar dhíoluine ón Ghaeilge faoin chóras nua díolúintí a bunaíodh i mí Mheán Fómhair.

D’iarr an INTO soiléiriú ar an Roinn Oideachais faoi ghnéithe éagsúla de chóras nua dhíolúine na Gaeilge.

Tá Cumann Múinteoirí Éireann buartha go dtiocfaidh méadú ar líon na n-iarratas a fhaigheann príomhoidí ar dhíolúine go háirithe mar gheall ar athrú suntasach amháin a rinneadh ar an chóras.

Faoin chóras nua tá cead díolúine ag dalta sa chás go mbíonn scór caighdeánach ag an 10ú peircintíl nó faoina bhun aige ar thriail scoite i léamh focal nó i léamhthuiscint nó litriú.

Faoin chóras nua is faoin phríomhoide scoile atá sé díolúine ón Ghaeilge a cheadú agus níl gá ann a thuilleadh le tuairisc shíceolaíoch mar thacú le hiarratas ar dhíolúine. 

Tá imní ar phríomhoidí freisin faoin fhreagracht atá orthu féin chun eolas a chur ar fáil do thuismitheoirí faoi na himpleachtaí a bhainfeadh le díolúine ón Ghaeilge.

Thug urlabhraí ón INTO le fios do Tuairisc.ie gur chreid siad gur cheart don Roinn Oideachais eolas maidir leis na himpleachtaí a bhainfeadh le díolúine a chur ar fáil do na scoileanna, eolas a d’iarr an ceardchumann ach nach raibh curtha ar fáil go dtí seo.

Bhí an-imní ar an INTO go bhféadfadh impleachtaí dlí a bheith ann do scoileanna sa chás go gceadófaí díolúine do dhalta agus go gceapfaí ina dhiaidh sin nár chun a leas an díolúine sin a thabhairt dó nó go raibh sé ina bhac air maidir le cúrsaí oideachais nó gairme. Ach tá maolú áirithe ar an imní sin ó tháinig soiléiriú ón Roinn go gcaithfidh tuismitheoirí Teastas Díolúine a shíniú.

Dúirt urlabhraí de chuid an INTO go rabhthas ag coimeád súil ghéar ar an chóras nua agus ar na húdair imní a bhí ag scoileanna agus príomhoidí.

Bhí ‘formhór mór’ na n-aighneachtaí scríofa a fuair an Roinn Oideachais faoi chóras nua na ndíolúintí i gcoinne ceann de na hathruithe ba chonspóidí a cuireadh ar an chóras – go bhfágfaí faoin phríomhoide feasta díolúine ón Ghaeilge a cheadú.

Bhí saineolaithe oideachais éagsúla go mór in amhras faoin chóras nua chomh maith.

Thug an Roinn Oideachais le fios gurbh amlaidh gur rud “annamh agus eisceachtúil” a bheadh i ndíolúine ón nGaeilge faoin chóras nua.

Fág freagra ar 'Imní mhór ar phríomhoidí go dtiocfaidh ardú mór ar líon na n-iarratas ar dhíoluine ón nGaeilge'

  • Con

    Bhuel bhuel iontas na n-iontas. Fadhbanna le córas lochtach…Cé a cheapfadh é?!